Bhí mé tosaithe ag obair nuair a cuireadh ar mo shúile dom go raibh feod eile sa tír seo…

Ní nós leis an muintir Cois Laoi beag is fiú a dhéanamh díobh fhéin agus is ionann cás nuair a thagann imeachtaí spóirt i gceist

Bhí mé tosaithe ag obair nuair a cuireadh ar mo shúile dom go raibh feod eile sa tír seo…

Go dtáinig mé in aois fir shíl mé nach raibh sa tír seo ach dhá threabh agus dhá ríocht – muintir Bhleá Cliath agus an chuid eile againn, Jeaicíní agus Culchies.

Nuair a d’éirigh dream amháin acu ar maidin bhíodh an bainne agus an gual fágtha ar leic an dorais acu. Níor theastaigh aon lampa óna gcuid rothar mar go raibh solas ag teacht ó na cuaillí a bhí le hais an bhóthair. Bhí a gcuid busanna dhá stór ar airde. Bhí pictiúrlann ar chuile shráid agus teilifís i dtithe go leor. De shiúl a gcos, bhíodar in ann dul chomh fada leis na páirceanna a bhí ar Bhóthar Mhic Seoin, Lansdún agus ar Chnocán an Dálaigh.

Bhí canúint orthu ceart go leor, ach chuaigh muid ina chleachtadh sin chuile shamhradh nuair a thagaidís ag foghlaim Gaeilge. Agus bhí leabhar dá gcuid féin acu ina raibh fáil ar a gcuid uimhreacha teileafóin.

Bhí muide sa gcuid eile den tír taobh leis an aon eolaí amháin eadrainn. B’as contaetha éagsúla muid ar ndóigh, ach mar a dúirt an drámadóir Johnny Chóil Mhaidhc, ba ‘Mhar a Chéile Muid”’

Brístí chorda an rí a chaith muid ag an scoil, áit a mba dhromchla puití a bhí ar an gclós in áit tarmac. Ón mbó a tháinig an bainne agus as an ngarraí na fataí agus na glasraí, as an bportach a tháinig ábhar na tine.

Bhí mé tosaithe ag obair nuair a cuireadh ar mo shúile dom go bhfuil feod eile sa tír. Cosúil leis an dá réimse eile atá luaite agam níl sé neamhspleách. Mórán mór mar atá an Tríonóid Ró-Naofa, de réir an mhínithe a thugadh Sagart an Teagasc Críostaí nuair a thagadh sé chun na scoile againn fadó.

‘Aon Dia amháin i dTrí Phearsana.’

Níorbh shin le rá gur tuigeadh a chomparáid. Lá dá raibh, d’iarr sé ar bhuachaill a bhí taobh liom athrá a dhéanamh ar a theagasc. ‘Aon Dia amháin i dTrí Pharcelín’ an freagra a fuair sé, ach sin scéal thairis.

Ba i scuaine i Stáisiún Heuston a bhí mé, ag faire ar sheans ar an teileafón poiblí amháin a bhí ansiúd, nuair a chuir mé eolas ar an bhfíofa eile seo den chéad uair. Beirt chailíní a bhí romham agus nuair a tháinig an uain rug duine acu ar an bhfón agus thóg an duine eile eolaí teileafóin Átha Cliath (Cód 01).

Má chuaigh sí tríd uair amháin, rinne sí sin seacht n-uaire, mé féin agus a raibh ar mo chúla ag éirí mífhoighdeach. Faoi dheireadh leag sí uaithi é. Rug sí ar an eolaí a bhí faoi agus dúirt lena compánach i dtuin a d’aithin mé go maith ‘I’ll try the Cork book!’

Ba chuma go raibh uimhreacha as 24 de chontaetha eile le fáil ann. Chomh fada agus a bhain sé leo siúd a rugadh ó dheas do Ráth Luirc agus idir Eochaill agus Baile Chaisleáin Bhéarra, ba le Corcaigh a bhain sé.

Léirigh sin dom nach nós leis an muintir Cois Laoi beag is fiú a dhéanamh díobh fhéin agus is ionann cás nuair a thagann imeachtaí spóirt i gceist.

‘Cluichí Ceannais Contae’ a bhíonn i gceist sa gcuid is mó acu sin atá sa tír. Tá glac acu ar bun inniu, ina measc cluiche ceannais iomána Chorcaí idir na Sáirséalaigh agus Mainistir na Corann.

Comórtas é atá ar bun le 136 bliain, ceann a mheall cuid de na sluaite is mó a facthas riamh ag cluichí club sa tír seo. Sa gcontae ina n-imrítear é is minic a thugtar ‘Cork’s Little All Ireland’ mar ainm air.

20 cumann a chuir isteach air nuair a chuir Coiste Chontae Chorcaí fógra san Cork Examiner ar an 15 Eanáir 1887, iad roinnte cothrom go leor idir foirne as an gcathair/bruachbhailte agus foirne as an gcuid eile den chontae.

Náisiúnaithe na Carraige Duibhe a bhuaigh, rud a rinne siad arís ocht n-uaire sna naoi mbliana a lean. In imeacht ama níor tugadh orthu ach ainm na háite agus inniu is acu is mó atá craobhacha buaite – 33 ar fad.

Ar feadh 100 bliain bhí foirne na cathrach i bhfad chun cinn ar chinn na tuaithe. Eatarthu bhuaigh an Charraig Dhubh, Cumann Barra Naofa agus Fánaithe an Ghleanna 78 de na craobhacha iomána a himríodh idir 1887 agus 1989. Ba cheann acu a bhí ina dtánaistí i 39 de na cluichí ceannais sin.

B’ábhar iontais mura mbíodh os cionn 25,000 duine i láthair ag an imirt. Agus Páirc Uí Chaoimh oscailte bliain i 1976 bhí 35,000 ann ag breathnú ar an gcluiche inar bhuaigh an Gleann ar an gCarraig. Bliain agus fiche roimhe sin bhí os cionn 31,000 i láthair ar Pháirc na Lúthchleas (a bhí i bhfad níos lú) nuair a bhuaigh Cumann Barra ar an nGleann.

Ós ag caint orthu siúd é, faoin am a dtiocfaidh an tarraingt ar Phríomh-Craobh Shinsearach Iomána Chorcaí 2024, den chéad uair le 97 bliain ní bheidh ainm an Ghleanna sa hata – chailleadar an stádas sinsearach cúpla seachtain ó shin nuair a bhuaigh Ceann Toirc orthu.

Níorbh ann amháin a facthas a leithéid, ach go gairid tar éis a mbunaithe bhí aighneas mór idir baill Chumann Lúthchleas Gael i gCorcaigh. Sa mbliain 1888 bhí ceithre choiste ann a bhí ag éileamh go mba iadsan a bhí i gceannas ar chúrsaí. Fós níor loic Bord an Chontae riamh.

Le blianta beaga tá foirne nach bhfuil sa gcathair tagtha chun cinn. Ar chuid acu tá an péire a imreoidh i gcluiche ceannais an lae inniu. Le fírinne is deacair a rá nach cuid den chathair é ceantar na Sáirséalach ach fearacht Mhainistir na Corann is i Roinn Ó Mic Coille a dhéanann siad a gcuid imeartha.

Is leo a imríonn Conor Lehane agus Tommy O’Connell, an bheirt is mó a mbeadh aithne orthu lasmuigh de Chorcaigh. Chomh fada agus is léir dom níor imir aon duine as na Sáirséalaigh don chontae i gCraobh na Mumhan i mbliana, cé gur imir Jack O’Connor cúpla cluiche sa Sraithchomórtas.

Fág freagra ar 'Bhí mé tosaithe ag obair nuair a cuireadh ar mo shúile dom go raibh feod eile sa tír seo…'

  • jpmorley0@gmail.com

    An Corcaíoch bocht a cheapann nach bhfuil sé ach díreach chomh maith céanna le gach uile dhuine eile ar domhan…tá coimpléacs ísleachta aige!

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Trí phearsa in aon Dia amháin’ a d’fhoghlaim mise! Bhí sé contráilte agaibh…nó cén sórt eiriceachta a bhí á múineadh i gConamara?