Tá leabhar nua Patricia Forde, Ó Am go hAm, atá foilsithe ag Futa Fata, lán le heachtraí iontacha agus le draíocht. Leabhar amthaistil atá i gceist, agus theastaigh uaithi é a scríobh mar nach bhfuil an oiread den seánra sin ar fáil i nGaeilge.
“Mar a tharla, bhí mé ag smaoineamh faoi sheánraí agus na cineálacha leabhar atá ar fáil anois do ghasúir, go mór mór i nGaeilge. Smaoinigh mé, mar go mbíonn an-tóir orthu sa mBéarla, gur cheart dom scéal amthaistil a scríobh,” a deir sí.
Maidir lena próiseas scríbhneoireachta, deir Patricia go bhfuil sí thar a bheith sciobtha ag scríobh.
“Tá mé sciobtha! Sin an rud is mó a déarfainn fúm féin,” ar sí. “Nuair a smaoiním ar rud éigin, caithfidh mé é a chur síos ar an bpointe, dáiríre. Dá bhféadfainn d’fhanfainn i mo shuí ar feadh na hoíche. Ní dhéanaim é sin níos mó, ach bhí tráth ann a ndéanfainn sin. Tá níos mó smacht agam anois orm féin!”
De ghnáth, nuair a thagann smaoineamh chuici, tosaíonn Patricia ag scríobh ina leabhar nótaí, mar go bhfuil sí in ann “an guth a chloisteáil níos éasca” mar sin.
“Chomh luath agus atá an guth i m’aigne agam agus is féidir liom na carachtair a chloisteáil – fágfaidh mé uaim an leabhar nótaí agus tosóidh mé ar an ríomhaire,” ar sí. “Don chéad dréacht go mór mór, is maith liom é a dhéanamh chomh sciobtha agus is féidir liom – dul ó thús deireadh, gan cur isteach air, gan aon cheartúchán a dhéanamh. Nuair atá rud éigin agam, nuair atá dréacht agam, is féidir liom é sin a eagrú ansin.”
Bíonn sí ag scríobh i mBéarla agus i nGaeilge, idir chláir teilifíse, leabhair do dhéagóirí agus phictiúrleabhair. “Ní dóigh liom gur fearr liom ceann amháin thar ceann eile,” ar sí. “Ach is rud draíochtúil é ar fad ar bhealach.”
Mar léiriú ar an draíocht, tá scéal aici faoin gcaoi ar tháinig sí ar an inspioráid dá leabhar Mise agus an Dragún.
“Is cuimhneach liom, ceann de na rudaí a scríobh mé, blianta ó shin, ná Mise agus an Dragún le Futa Fata, pictiúrleabhar a bhí ann. Bhí mé i Meiriceá ag an am, agus bhíomar i siopa, agus tháinig athair isteach le leaidín óg – déarfainn go raibh sé timpeall trí nó ceithre bliana d’aois. Agus an leaidín beag ag dul amach an doras, chuala mé é ag rá, leis féin dáiríre, ‘When I grow up I’m gonna be a dragon hunter’. Agus scríobh mé i mo leabhar nótaí an lá sin é.
“An chéad líne sa leabhar ná ‘Nuair a bheidh mise mór, rachaidh mé ag seilg drágúin!’ Ní dhéanann sé aon chiall gur scríobh mé i nGaeilge é mar is i mBéarla a chuala mé é, ach ceapaim anois ag breathnú siar air, gur thaitin an leagan Gaeilge níos fearr liom. Ceapaim uaireanta go mbraitheann sé ar na focail, agus an fhuaim atá acu. Bíonn a fhios agam ar an bpointe go hiondúil, an i nGaeilge nó i mBéarla a bheidh sé.”
Uaireanta ní bíonn oiread sin mistéire ag baint leis an gcúram, a deir sí.
“Binjí Madra ar Strae, scríobh mé é sin mar bím ar strae i gcónaí! B’in an áit as a dtáinig an inspioráid. Ní bhíonn tú ag iarraidh teacht ar scéalta i gcónaí ach tagann siad!”
Maidir leis an méid leabhar Gaeilge atá ar fáil do dhaoine óga faoi láthair, deir sí go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí, a bhuíochas cuid mhór le Futa Fata, ach go bhfuil “bearnaí” ann i gcónaí.
“Tá sé i bhfad níos fearr ná mar a bhí,” a deir sí. “Bíonn go leor pictiúrleabhar sna scoileanna. Ó thaobh úrscéalta tá sé níos deacra. Tá bearna iontach ann tar éis na bunscoile. Níl tada dáiríre, nó fíorbheagán, do dhéagóirí, agus ansin fíorbheagán do dhaoine fásta ina dhiaidh sin.
“Ba bhreá liom leabhar iontach do dhéagóirí a fheiceáil i nGaeilge. Tá mé cinnte go bhfuil duine éigin amuigh ansin a d’fhéadfadh é a scríobh.“
Tá dhá úrscéal do dhéagóirí, The Wordsmith agus Mother Tongue, scríofa aici féin do dhéagóirí.
“Fuair mé deacair é, ach ag an am céanna, ba í an Ghaeilge a thug inspioráid dom,“ a deir sí. “Bhí mé ag smaoineamh ar an nGaeilge agus ar an gcaoi a bhfuil muid ag cailleadh focal an t-am ar fad. Is leabhair iad faoi fhocail agus teanga agus cumhacht teangan.“
Deir sí gur “maratón, seachas rúid” a bhí i gceist leis na húrscéalta.
Bhí sí ina stiúrthóir ar Fhéile Ealaíona na Gaillimhe tráth agus na healaíona níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh, dar léi.
“Ceapaim go bhfaca muid le Covid cé chomh tábhachtach is atá na healaíona i saol na ndaoine,” a deir sí. “Nuair a smaoiním faoi, ceapaim i gcónaí gur cineál staighre iad na healaíona a thugann as an saol seo thú, gur féidir leat éisteacht le píosa ceoil nó breathnú ar ealaíon nó leabhar a léamh agus bíonn tú i gcraiceann duine éigin eile agus bíonn tú i saol eile. Nuair a bhí an dianghlasáil ar siúl, sin a bhí uainn, ceapaim – bhí saol níos leithne uainn, agus bhí sé le fáil taobh istigh de na healaíona.”
Deir sí gurb é an chloch is mó ar a paidrín ná go mbeadh gasúir blaiseadh de na healaíona a aimsiú ó aois an-óg.
“Cosúil le rud ar bith eile, caithfidh tú tosú nuair atá siad óg, go mór mór leis an léitheoireacht. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an deis sin acu,” ar sí.
Is léitheoir díocasach í, a léann dhá leabhar in aghaidh na seachtaine go hiondúil, ceann do dhaoine fásta agus ceann do ghasúir.
“Léim an dá rud i gcónaí. Bím de shíor ag léamh. Dhéarfadh mo mháthair i gcónaí nuair a bhí mé óg nach bhfaca siad ach barr mo cheann, agus bhí sin fíor,” a deir sí. “Bíonn leabhar i mo mhála i gcónaí agam. Má chuirtear moill orm áit ar bith, ag an dochtúir nó ag an mbus, bheinn ag léamh! Ní fhéadfainn saol gan leabhair ann a shamhlú.”
Tá na léitheoireacht an-tábhachtach don scríbhneoir.
“Bíonn an rithim sin istigh i do cheann mar tá tú ag léamh abairtí an t-am ar fad – tá rithim áirithe i do cheann agat,” a deir sí. “Caithfidh tú am a dhéanamh le bheith ag léamh, agus guthanna eile a chloisteáil i do cheann seachas do ghuth féin.”
Tá neart comhairle ag Patricia Forde do scríbhneoirí óga agus úra.
“Ná caill do mhisneach,” a deir sí. “Tá sé an-éasca do mhisneach a chailleadh, mar níl sé éasca. Bain taitneamh as bheith ag scríobh. Scríobh duit féin! Bí ag léamh an t-am ar fad, bíodh leabhar nótaí i do mhála agat. Agus mura bhfuil tú in ann bheith ag scríobh inniu, léigh leabhar. Mar is é an rud céanna é dáiríre – an taobh eile den rud céanna.”
Seathrún Mac Éin
Tá Gaeilge curtha agam ar leabhar amthaistil ón nGearmáinis do leanaí agus do dhéagóirí ach níl foilsitheoir faighte agam dó go fóill. Ó tharla gurb í an Ghearmáinis an dara teanga is mó a mbaintear feidhm aisti i bhfoilseacháin phroifisiúnta eolaíochta, tá foclóirín téarmaíochta trítheangach (Gaeilge, Béarla agus Gearmáinis) curtha ag deireadh ann leabhair agam. Táim ag fanacht ar fhreagra ó fhoilsitheoir amháin faoi láthair ach, muna bhfaighidh mé freagra sásúil uaidh, cé mhéid foilsitheoirí eile a mbeadh suim acu ina leithéid? Nó an bhfuil éinne amuigh ansin a thabharfadh comhairle dom?
Saoirse Ní Thiarnaigh
Mothaím go láidir faoi seo agus míle buíochas do Patricia mo smaointe a scríobh síos! Is scoláire mé i Maigh Nuad ag foghlaim Gaeilge, tá Gaeilge mhaith agam ach nílim foirfe go fóill Agus b’fhéidir ní bheach go deo! Ach, idir leabhair do pháistí an-óg agus leabhair theicniciúla dheacra do chainteoirí le léibhéal an-ard, goideann an easpa léitheoireacht an taitneamh do dhaoine sa lár idir ag foghlaim agus ag lorg leabhar nach gcuireann ísle brí ionat!