‘Bheadh ‘Peig’ ina ‘bestseller’ dá bhfoilseofaí inniu é’ – Gaeilge na hArdteiste pléite i dTithe an Oireachtais

Dúirt ionadaí ón INTO ag cruinniú de choiste Oireachtais inné go bhfuil sé ‘seafóideach’ gur féidir le dalta marc ‘an-ard’ a fháil sa Ghaeilge gan ‘a bheith in ann an teanga a labhairt’

‘Bheadh ‘Peig’ ina ‘bestseller’ dá bhfoilseofaí inniu é’ – Gaeilge na hArdteiste pléite i dTithe an Oireachtais

Bheadh an leabhar Peig ar bharr liosta na leabhar is mó díol dá dtiocfadh sé amach inniu, níl cúrsa Ardteiste na Gaeilge mar atá “oiriúnach dá fheidhm” agus is féidir le dalta marc “an-ard” a fháil sa Ghaeilge “gan a bheith in ann an teanga a labhairt”.

Sin cuid dá raibh le rá inné ag cruinniú de Choiste Oireachtais an Oideachais faoin athbhreithniú atá á dhéanamh ar scrúdú na hArdteisiméireachta.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Pádraig O’Sullivan, nach raibh siollabas Gaeilge na hArdteiste “oiriúnach dá fheidhm” agus go raibh go raibh sé in am an cúrsa a athchóiriú ó bhonn.

“Níl cúrsa na Gaeilge, mar atá sé faoi láthair, oiriúnach dá fheidhm,” arsa O’Sullivan, a bhíodh ina mhúinteoir Gaeilge i gCorcaigh.

“Caithfidh muid tabhairt faoin nitty-gritty maidir le cúrsa na Gaeilge agus leasú iomlán a dhéanamh air,” a dúirt sé ag an gcruinniú de Choiste Oideachais an Oireachtais.

Mhol O’Sullivan go dtabharfaí isteach dhá chúrsa Gaeilge don Ardteist, ceann a bheadh dírithe go príomha ar labhairt na teanga agus ceann eile, ‘Gaeilge Fheidhmeach’, a bheadh dírithe ar dhaltaí Gaeltachta agus Gaelcholáistí. Ba chóir go mbeadh cead ag dalta an dá chúrsa a dhéanamh, a dúirt O’Sullivan.

Dúirt ionadaí ón INTO ag an gcruinniú nach mbeadh aon locht aici ar an bplean maidir le dhá chúrsa Gaeilge, ceann bunaithe ar labhairt na teanga agus ceann níos dúshlánaí.

“Ní fhéadfadh mé aon argóint a dhéanamh leis an méid atá cloiste againn maidir le ‘Gaeilge Fheidhmeach’ ná ‘Gaeilge Labhartha,” a dúirt Máirín Ní Chéilleachair, Ard-Rúnaí Cúnta i gCumann Múinteoirí Éireann.

Dúirt Ní Chéilleachair go raibh sé “seafóideach” gur féidir le dalta faoi láthair “marc an-ard a fháil sa Ghaeilge gan a bheith in ann an teanga a labhairt”.

Dúirt sí go raibh sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí cúrsaí ar fáil a bheadh oiriúnach do dhaltaí Gaeltachta agus Gaelscoile.

“Caithfidh muid a bheith in ann oibriú le daltaí ar gach leibhéal cumais,” a dúirt ionadaí an INTO.

Dúirt Emer Neville ó Aontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann (ISSU) go raibh a heagraíocht ag moladh go dtabharfaí isteach dhá chúrsa difriúil don Ghaeilge agus go mbeadh cead ag daltaí an dá cheann a dhéanamh dá mba mhian leo.

Dúirt Neville freisin go bhféadfadh na sonraíochtaí T1 agus T2 a bhí beartaithe ag an NCCA do shiollabas Gaeilge na hArdteiste “fadhbanna tromchúiseacha” a chruthú do dhaltaí agus do phobal na Gaeilge, go háirithe dá gcinnfeadh daltaí gan freastal ar Ghaelcholáistí toisc nach mbeadh aon chúiteamh breise ag baint le tabhairt faoi chúrsaí níos dúshlánaí.

Dúirt an INTO, an TUI agus an ISSU go rabhadar ar fad glan i gcoinne fáil réidh le cúrsa bonnleibhéil na Gaeilge don Ardteist, mar atá beartaithe ag an NCCA.

“Creideann an TUI go gcaithfear an cúrsa bonnleibhéil don Ghaeilge a choinneáil, gur cheart sciar na bpointí atá ann don chluastuiscint agus don scrúdú cainte a choinneáil mar atá…agus, má tá an córas T1/T2 le tabhairt isteach, agus go háirithe má táthar ag smaoineamh ar phointí bónais, go gcaithfear tacaíocht a thabhairt do gach scoil leis an T1 a chur ar fáil. Mura dtarlaíonn sin, cruthófar tuilleadh míbhuntáiste,” a dúirt Michael Gillespie, Ard-Rúnaí Aontas Múinteoirí Éireann.

Bhí Uachtarán an ASTI, Eamon Dennehy, i láthair ag an gcruinniú freisin agus dúirt sé gur cheart an cion atá ag daoine ar chúrsaí samhraidh na Gaeltachta a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Ba cheart leas a bhaint as an tionchar iontach dearfach a bhíonn ag seal a chaitheamh sa Ghaeltacht ar dhearcadh daoine i leith na teanga,” a dúirt Dennehy.

Dúirt sé gur cheart tuilleadh deontas a chur ar fáil do dhaltaí faoi mhíbhuntáiste chun freastal ar chúrsaí samhraidh Gaeltachta agus gur cheart deontais a thabhairt d’ábhair oidí chun an costas a bhaineann lena seal sa Ghaeltacht a íoc.

Mheas Dennehy freisin gur cheart múinteoirí cáilithe a mhealladh chuig an Ghaeltacht chun cúrsaí uasoiliúna a dhéanamh.

Dúirt urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin gur chóir féachaint ar a fháil réidh leis an riachtanas iontrála Gaeilge do na coláistí oiliúna agus tús a chur leis an riachtanas Gaeilge nuair a thosódh na hábhair oidí a gcúrsaí. D’fhéadfadh an riachtanas iontrála a bheith ina bhac ar dhaltaí i scoileanna faoi mhíbhuntáiste, scoileanna nach mbíonn an Ghaeilge ardleibhéil ar fáil mar ábhar iontu i gcónaí, a dúirt Ó Ríordáin.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Paul Kehoe gur minic “tromluí” aige faoin leabhar Peig, leabhar a bhíodh á staidéar ag daltaí Ardteiste tráth den saol.

“Is mó a bhímse a fhulaingt ná mar a bhíodh sí féin [Peig Sayers],” arsa Kehoe agus é ag tagairt dá thaithí ar an leabhar.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Máirín Ní Chéilleachair ón INTO go gcáintear san éagóir ‘Peig’.

“Dá bhfoilseofaí inniu é, bheifí á mholadh go hard mar shampla iontach den stair shóisialta agus is dócha go mbainfeadh sí an chéad áit amach ar liosta na leabhar sárdhíola.”

Fág freagra ar '‘Bheadh ‘Peig’ ina ‘bestseller’ dá bhfoilseofaí inniu é’ – Gaeilge na hArdteiste pléite i dTithe an Oireachtais'

  • Caitríona

    Saineolaithe ar an nGaeilge & ar an nGaeltacht…..go deimhin….