Bheadh misneach ag an té a chuirfeadh airgead i gcoinne fhir na Mumhan

Den chéad uair riamh tá cluichí sa bPro 12 agus i gCorn na gCuradh á n-imirt an deireadh seachtaine seo...

Anthony Foley before the match 15/2/2014

Níor tharla sé riamh roimhe seo ach tá cluichí sa bPro 12 agus i gCorn na gCuradh á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Ionsaithe sceimhlitheoireachta agus deacrachtaí slándála i bPáras le linn mhí na Samhna seo caite is cúis leis seo.

B’éigean cúpla cluiche i gCorn na gCuradh a chur ar ceal ag an am, cluichí de chuid na Mumhan agus Uladh ina measc. Anois, cheal ama, níl aon rogha ann ach cluichí an Pro 12, an comórtas sóisearach, a chur ar athló sa gcaoi go dtabharfar an comórtas sinsearach suas chun dáta. Fágann sin go bhfuil turas chun na Fraince i ndán don dá fhoireann sin an deireadh seachtaine seo.

Ar Pháras agus Stade Francais, atá triall na Muimhneach, agus iadsan breá sásta lena n-aiséirí i mBéal Feirste Dé Sathairn seo caite. Is cinnte go dtabharfaidh an bua dhá phointe sin ar Chúige Uladh sa bPro 12 an-mhisneach dóibh agus iad ag tabhairt faoi fhoireann nach bhfuil ach ceithre chluiche buaite acu as aon chluiche déag sa Top 14 go dtí seo.

Tá sé deacair toradh an chluiche seo a thuar, cé gur mó meas atá ag na geallghlacadóirí ar fhoireann Phárais. Níl mise róchinnte faoi sin. Má theipeann ar na Muimhnigh sa gcluiche seo, seans go mbeidh a rás rite sa gcomórtas agus go mbeidh siad sa mbád céanna leis na Laighnigh, daortha chun chluichí an Phro12 amháin, agus ag súil le brabach éigin a bhaint as saothar an tséasúir seo. Bheadh misneach ag an té a chuirfeadh airgead i gcoinne fhir Axel Foley agus iad sáinnithe mar sin!

Ar an Domhnach, is ar cheantar na nAlp, le tabhairt faoi Oyonnax den chéad uair riamh, atá triall na nUltach. Seo é an chéad séasúr ag Oyonnax na Fraince sa gcomórtas sinsearach agus níl oiread agus cluiche amháin buaite acu fós. Fágann sin nach bhfuil seans na ngrást acu dul chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais. Bím míshocair nuair a bhíonn an port céanna agam féin agus ag na geallghlacadóirí, ach bheadh iontas orm dá mbeadh aon athrú ar an scéal sin an deireadh seachtaine seo. Seans go mbeidh an iomarca sa mála ag na hUltaigh.

Thall sa mBreatain Bheag, ag imirt sa bPro 12 a bheas na Laighnigh agus na Connachtaigh an deireadh seachtaine seo. Ar an Aoine tabharfaidh na Laighnigh (atá sa dara háit ar an tábla) faoi na hOspreys (atá sa 7ú háit ar an tábla) i Staid Liberty. Níl aon dabht ann ach go mbeidh fir Leo Cullen ag iarraidh cur leis na sárthorthaí a bhí acu le gairid. Toisc nach bhfuil siad sa gcomórtas Eorpach anois, níl acu ach an Pro 12 mar sprioc agus tá chuile chosúlacht ar chúrsaí go bhfuil siad go tréan ar thóir an choirn seo.

I bParc y Scarlets ar an Domhnach, beidh fir na Breataine Bige ag cosaint a stádais ar bharr an tábla i gcoinne na gConnachtach, foireann atá sa tríú háit faoi láthair ach a bhí ar bharr na sraithe cúpla seachtain ó shin. Seans gurb é seo an cluiche is fearr a bheas á imirt i mBabhta 12 den Pro 12 an deireadh seachtaine seo.  Ach leis na deacrachtaí atá ag Pat Lam de bharr imreoirí gortaithe, tá sé deacair bua a thuar dóibh.

Ach oiread leis an gcluiche i gcoinne na Laighneach an deireadh seachtaine seo caite, beidh sé ríthábhachtach go n-éireoidh leo pointe bónais cailliúna a fháil. Chinn orthu sin a dhéanamh i gcoinne Chúige Laighean, cé nár chuidigh an réiteoir, a rinne droch-chinneadh ceart, leo an lá sin. Má theipeann orthu arís an deireadh seachtaine seo, seans go mbeidh siad i measc na sé fhoireann a bheas ar bharr an tábla faoi dheireadh an chomórtais, ach mura n-éireoidh leo feabhsú idir seo agus sin, fiú agus deich mbabhta fós le n-imirt, tá baol ann go gcaillfidh siad amach ar an duais mhór.

Fág freagra ar 'Bheadh misneach ag an té a chuirfeadh airgead i gcoinne fhir na Mumhan'