Beirt eile básaithe, 383 cás nua den víreas deimhnithe

I nDún na nGall atá an ráta coicíse is airde sa stát den ghalar - 306.5 cás in aghaidh gach 100,000 duine. I gCiarraí atá an ráta is ísle sa stát - 13.5 cás in aghaidh gach 100,000 duine

Beirt eile básaithe, 383 cás nua den víreas deimhnithe

Tá beirt eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

383 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

144 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 41 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,159,083 duine agus an dara dáileog faighte ag 445,561 duine.

Bhain 32 den 383 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le contae na Mí.

25 cás a bhain le Dún na nGall, 16 cás a bhí i gCorcaigh agus 11 cás a bhí i nGaillimh.

Cúig chás a bhí i bPort Láirge, níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí chomh maith.

Meánráta 134 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Ráta 307 a bhí i nDún na nGall, an ráta is airde sa tír. Ráta 145 a bhí i gcontae na Mí, ráta atá níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 90 a bhí i nGaillimh, 81 a bhí i bPort Láirge agus 74 a bhí i gCorcaigh. Ráta 52 a bhí i Maigh Eo agus 14 a bhí i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan tráthnóna go mbeadh a thuilleadh saoirse ag daoine go luath ach go gcaithfí a bheith cúramach i gcónaí.

“Agus maolú na srianta ar an 10 Bealtaine ag teannadh linn, féadfaimid a bheith ag súil le deiseanna taitneamh a bhaint as aimsir níos fearr agus le bualadh go sábháilte lenár muintir agus ár ndlúthchairde agus muid airdeallach ar an gcomhairle sláinte phoiblí.

“Tá an víreas fós á scaipeadh sa phobal agus tá baol ag baint leis i gcónaí, go háirithe do dhaoine nach bhfuil vacsaínithe go fóill. Tuigimid conas bac a chur le scaipeadh an ghalair i dteannta a chéile, agus mar sin nuair atá an tseachtain seo á pleanáil agat, ná déan beag is fiú den ghá fanacht amach ó dhaoine eile, bualadh le daoine taobh amuigh nuair is féidir agus do lámha a ní.

“Agus má tá an áit plódaithe, iompaigh ar do sháil, imigh agus tar ar ais arís uair éigin eile.”

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 83 cás nua a deimhníodh ansin.

62 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá seachtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 945,320 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 438,228.

7,052 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,146 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,908 duine ó dheas di.

371,173 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 250,672 cás ó dheas den teorainn agus 120,501 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Beirt eile básaithe, 383 cás nua den víreas deimhnithe'