Beirt as Gaeltacht na Gaillimhe ag ceiliúradh agus craobhacha aon bhalla na hÉireann tugtha leo acu

Bhuaigh Martin Mulkerrins agus Ciana Ní Churraoin craobhacha aon bhalla na hÉireann an deireadh seachtaine seo i Maigh Eo. Pictiúir: INPHO

Beirt as Gaeltacht na Gaillimhe ag ceiliúradh agus craobhacha aon bhalla na hÉireann tugtha leo acu

Bhí an-deireadh seachtaine ag beirt as Gaeltacht Chonamara ar éirigh leo craobhacha aon bhalla na hÉireann a bhuachan i Maigh Eo.

Ba iad Martin Mulkerrins as Maigh Cuilinn agus Ciana Ní Churraoin as Indreabhán a thug leo príomhchomórtais na bhfear agus mban a reáchtáladh i gCaisleán an Bharraigh ag an deireadh seachtaine.

Tar éis dó cluiche ceannais na bliana seo caite a chailleadh, bhí Mulkerrins réimnithe sa chéad áit do chomórtas na bliana seo agus fuair sé an ceann is fearr ar James Prentice sa bhabhta leathcheannais, 30-20.

Is i gcoinne an té a bhí réimnithe sa dara háit, Seán Kerr as Tír Eoghain, a bhí Mulkerrins sa chluiche ceannais. Bhuaigh an Gaillimheach an chéad chluiche 15-11 agus thug sé leis an dara chluiche go ceannasach, 15-6.

Is é seo an dara huair a bhfuil craobh aon bhalla na hÉireann tugtha leis ag an Maoilchiaránach. Bhuaigh sé den chéad uair í in 2016.

Bhí Ciana Ní Churraoin ag ceiliúradh a céad bhua sa chomórtas nuair a fuair sí an ceann is fearr ar Megan McCann as Ard Mhacha sa bhabhta ceannais.

Chuir Ní Churraoin dhá chluiche crua di roimh an gcluiche ceannais. Bhuaigh sí sa bhabhta ceathrú ceannais le haon phointe amháin agus bhí cluiche réitigh ag teastáil chun í féin agus Ciara Mahon a scaradh óna chéile Dé Sathairn.

Tháinig bean Chumann Mhicheál Breathnach slán as an gcoimhlint sin agus tar éis di an chéad chluiche i gcoinne McCann sa bhabhta ceannas a bhuachan 15-12, chríochnaigh Ní Churraoin go láidir a bhuaigh sí an dara cluiche, 15-5

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Beirt as Gaeltacht na Gaillimhe ag ceiliúradh agus craobhacha aon bhalla na hÉireann tugtha leo acu'