Béim ar chaiteachas seachas ciorruithe cánach á tuar i mBuiséad 2019

€800 milliún atá á chur ar leataobh do chaiteachas ar sheirbhísí poiblí sa bhreis ar a bhfuil á chaitheamh faoi láthair orthu 

Béim ar chaiteachas seachas ciorruithe cánach á tuar i mBuiséad 2019

Ar chaiteachas seachas ar chúrsaí cánach a bheidh an bhéim i mBuiséad 2019 a fhógrófar inniu.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar nach ‘buiséad toghcháin’ a bheidh ann, ach meastar go léireoidh sé an brú atá ar an rialtas go háirithe maidir leis an bhfadhb tithíochta.

Beidh scéim tithíochta inacmhainne €300 milliún as seo go ceann trí bliana i measc na mbeartas a fhógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe inniu. 

Tuairiscítear gur duine a bhfuil ioncam €50,000 nó níos lú aige nó lánúin a bhfuil teacht isteach €75,000 acu a bheidh ábalta leas a bhaint as an scéim nua. Meastar go mbeidh suas le €50,000 níos lú le híoc ag daoine ar thógáil tí de thoradh na scéime ach nach gceadófar lascaine níos mó ná 40% de luach an mhargaidh sa cheantar ina bhfuil an tigh le tógáil.

Tuairiscítear chomh maith go bhfógrófar faoiseamh cánach 100% ar ús morgáiste a íocann tiarnaí talún ar thithe agus árasáin atá ar cíos acu agus imní ar an Rialtas go bhfágfadh na húinéirí tithe seo margadh an chíosa.

Ó thaobh cúrsaí cánach de, beidh an bhéim orthu siúd ar a dtugtar an ‘dream sa lár faoi bhrú’, nó an ‘squeezed middle’. Tá geallta ag an Rialtas go mbeidh cóimheas 2:1 acu idir infheistíocht agus ciorruithe cánach, rud a fhágann go bhfuil níos lú ná €300 milliún ar fáil dóibh chun cáin a ghearradh.

Fógrófar inniu go bhfuil ráta an USC, an Muirear Sóisialta Uilíoch, á íocann gach duine a shathraíonn idir  €19,372 agus €70,044, le gearradh ó 4.75% go dtí 4.5%.

Chomh maith leis sin ardófar ó €34,550 go dtí €35,300 an t-ioncam do dhuine singil ag a gcuirfear an t-uasráta cánach 40% i bhfeidhm. Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar gur mhian leis nach gcuirfí an t-uasráta i bhfeidhm faoin mbliain 2020 ach ar dhuine singil a bheadh ag saothrú €37,500 nó do lánúin a bheadh teacht isteach €46,500 acu. Chaithfí é a ardú €1,000 le go mbeadh €4 sa bhreis sa tseachtain ag duine.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil ardú i ndán don cháin bhreisluacha 9% a ghearrtar ar lucht earnáil na n-óstán agus na mbialann agus 13.5% an ráta nua atá á lua.

Beidh ardú €5 sa tseachtain ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, agus tabharfar ar ais ina iomlán bónas dúbailte na Nollag.

I measc na mbeartas eile a bhfuil trácht orthu tá coicís bhreise a chur le saoire tuismitheoireachta.

Tá an Rialtas meáite gan níos lú ná 0.1% de GDP, an olltáirgeacht intíre, a bheith mar easnamh sa bhuiséad i mbliana, in ainneoin moltaí go gceadófaí barrachas i mbliana, go háirithe i bhfianaise a leochailí a d’fhéadfadh cúrsaí eacnamaíochta a bheith de bharr an Bhreatimeachta.

‘Spás fioscach’ de ar a laghad €800 milliún atá beartaithe ag an Rialtas, is é sin an méid airgid atá á chur ar leataobh do chaiteachas ar sheirbhísí poiblí sa bhreis ar a bhfuil á chaitheamh faoi láthair orthu.

Ina dhiaidh sin, is ag brath ar theacht isteach breise ó chúrsaí cánach a bheadh an Rialtas más fúthu cur leis an méid airgid atá le caitheamh acu.

Tá rabhadh tugtha ag Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann gan géilleadh don chathú na srianta buiséid a chaitheamh i dtraipisí i bhfianaise an €1.1 billiún sa bhreis a fuarthas gan choinne i gcáin chorparáide an tseachtain seo caite.

Tuairiscítear chomh maith go bhfógrófar ardú inniu ar an gcáin charbóin, rud a d’fhágfadh praghas níos daoire ar pheitreal, díosal, gual agus breoslaí eile. Táthar ag tuar leis go mbeidh ardú ar an mál ar dhíosal agus ar an bpraghas ar bhosca toitíní.

Tá caint chomh maith faoi dheontas ‘Árasán Muintire’ €15,000 chun go daoine a spreagadh chun áit chónaithe ar cíos a dhéanamh de chuid dá dteach.

Gearrfar go dtí a leath an faoiseamh cánach ar ús morgáiste a bhfuil sé i gceist fáil réidh leis ar fad as seo go ceann cúpla bliain eile.

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist an táille a íoctar ar oideas leighis san chógaslann a laghdú ó €2 go dtí €1.50 in aghaidh an earra.

Ardú 25 cent go dtí €9.80 atá a thuar don íosphá náisiúnta.

Fág freagra ar 'Béim ar chaiteachas seachas ciorruithe cánach á tuar i mBuiséad 2019'