Beifear ‘i dteagmháil go rialta’ le muintir Árann faoin gconradh aersheirbhíse nua a chaithfear a fhógairt roimh an 30 Márta – McHugh

Dúirt Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin, sa Dáil ar maidin nár leor ag don Aire a rá go mbeadh sé ‘i dteagmháil le muintir Árann’ agus go gcaithfeadh muintir na n-oileán a bheith mar chuid ‘oifigiúil’ de phróiseas comhairliúcháin

aerarann15-0063

Tá sé curtha in iúl ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, inniu go mbeidh sé i dteagmháil le muintir Árann go rialta mar gheall ar an bpróiseas tairisceana nua d’aersheirbhís Árann a chaithfear a fhógairt roimh an 30 Márta 2016, ach níorbh fhéidir leis an Aire a rá cé acu seirbhís eitleáin amháin nó seirbhís héileacaptair a bheadh á lorg mar chuid den phróiseas sin.

Níorbh fhéidir leis an Aire a rá ach oiread cad as a mbeadh na heitiltí ag teacht faoi théarmaí na tairisceana nua.

Ag freagairt ceiste dó sa Dáil inniu, dúirt an tAire Stáit go gcaithfidh an próiseas tairisceana úr a bheith fógartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 30 Márta 2016 agus go mbeadh buaiteoir roghnaithe don 1 Deireadh Fómhair 2016, nuair a thiocfaidh deireadh le conradh aeirsheirbhíse sealadach Aer Arann. Níl a fhios ag an Aire McHugh go fóill, áfach, nádúr na seirbhíse a chuirfear ar fáil do mhuintir Árann nuair a thiocfaidh ann di.

“Níl mé in ann freagra a thabhairt ar na ceisteanna maidir leis an gcineál tairiscintí a bheidh ar fáil nó an sciatháin dhobhogtha a bheidh ann,” a dúirt sé.

Gheall sé, áfach, go gcoinneodh sé i dteagmháil le muintir Árann “as seo amach” agus go rachadh sé i gcomhairle leo faoi aon fhorbairtí a tharlóidh nó aon chinntí a dhéanfar.

“An príomhrud anois ná an comhrá le muintir Árann. Tá stair mhór ann ó thaobh na ceiste seo agus eolas againn as sin. Tá súil agam go gcoimeádfaidh na cinnirí ar Oileáin Árann leis an obair atá ar siúl acu ar son mhuintir Árann.

“Bhí daoine faoi bhrú san am atá imithe tharainn. B’fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí amach anseo ná an comhrá agus an díospóireacht idir na geallshealbhóirí,” a dúirt sé.

Bhí an tAire McHugh ag freagairt ceist Dála ar maidin ón Teachta Dála, Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin. Dúirt Ó Dochartaigh nár leor ag an Aire a rá go mbeadh sé “i dteagmháil le muintir Árann” agus d’fhiafraigh de cathain a dhéanfaí cinneadh i dtaobh chineál na seirbhíse a bheidh ann.

“Cá huair a dhéanfar cinneadh gur seirbhís eitleán sciatháin dhobhogtha in Indreabhán a bheas á chur ar fáil? Cá huair a bheas cinnteacht ann nach mbeidh an córas lochtach a bhí ann anuraidh á úsáid nuair a tógadh an tseirbhís seo as Indreabhán go dtí Aerfort na Gaillimhe?

“Caithfidh cinéal cinnteachta a bheith ag pobal an cheantair. Ní hamháin gur chóir go mbeadh comhairliúchán ann ach ba chóir comhairliúchán oifigiúil a bheith ann. An mbeidh ionadaithe pobail na n-oileán ar an phainéal measúnaithe? Sin ceist mhór fosta,” a dúirt an Teachta Dála Ó Dochartaigh.

Ba ar an 26 Lúnasa a d’fhógair an tAire McHugh gurb iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Tar éis don fhógra sin a bheith déanta ag an Aire, chuaigh muintir Árann i mbun feachtais ar bun chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar an seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh a bhí beartaithe ag Executive Helicopters Ltd.

Theastaigh ó mhuintir Árann go dtarraingeofaí siar an tairiscint a bhí déanta leis an gcomhlacht héileacaptair agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Ar an 13 Deireadh Fómhair ansin, d’fhógair an tAire go raibh conradh bliana, ar fiú €1.62m é, sínithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an gcomhlacht Aer Arann Islands chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann.

Fág freagra ar 'Beifear ‘i dteagmháil go rialta’ le muintir Árann faoin gconradh aersheirbhíse nua a chaithfear a fhógairt roimh an 30 Márta – McHugh'