Beidh Corcaigh buíoch de Collingwood choíche, deis ag foireann nua agus Ros Comáin cloíte ag cosantóirí Mhaigh Eo

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na cluichí a imríodh i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo

Beidh Corcaigh buíoch de Collingwood choíche, deis ag foireann nua agus Ros Comáin cloíte ag cosantóirí Mhaigh Eo

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Beidh Corcaigh buíoch de Collingwood choíche

Deineadh iontas den scéal an tseachtain seo caite nuair a ainmníodh Mark Keane i measc ionadaithe Chorcaí don chluiche in aghaidh Chiarraí. Níor imir an fear óg cluiche riamh d’fhoireann shinsir Chorcaí agus aghaidh tugtha aige ar an Astráil in 2018 chun tabhairt faoin bpeil Astrálach.

Is léir go bhfuil dul chun cinn déanta aige thall chomh maith. D’imir sé a chéad chluiche dóibh mí Lúnasa agus tugadh conradh nua dhá bhliain dó mí Dheireadh Fómhair.

Tháinig deireadh leis an séasúr AFL an mhí seo caite agus thapaigh Corcaigh an deis Keane a thabhairt isteach.

Is minic d’Éireannaigh íde béil a fháil ó na cumainn san Astráil tar éis dóibh cluichí CLG a imirt dá gcumann sa bhaile gan chead, mar a tharla i gcás Mark O’Connor nuair a d’imir sé don Daingean sa chraobh cúpla bliain ó shin. Bhí Collingwood níos báúla i gcás Keane, áfach.

Thug Ronan McCarthy le fios gur iarr siad cead ar Collingwood Keane a thabhairt isteach agus tugadh sin dóibh.  D’fhill an t-imreoir abhaile an mhí seo caite agus tar éis dó coicís a chaitheamh ag féinleithlisiú, ní raibh ach coicís aige ag traenáil le foireann Chorcaí sula ndearna sé an beart cinniúnach i gcluiche an Domhnaigh in aghaidh Chiarraí.

D’fhéadfadh cinneadh Collingwood a bheith cinniúnach i gCraobh na Mumhan i mbliana. Ba bhreá le Ciarraí dá mbeadh teacht acu ar O’Connor do chluiche an lae inné, a bhí ar fhoireann Geelong a shroich babhta ceannais an AFL cúpla seachtain ó shin, ach ba bheag seans go dtarlódh sin.

Tá fear Thiobraid Árann Colin O’Riordan ag treabhadh leis san Astráil chomh maith ach ní fheicfear é sa chluiche ceannais in aghaidh Chorcaí. An diúltú a fuair Tiobraid Árann nuair a iarradh cead imeartha dó dá chontae i gcraobh na bliana seo.

 

Pádraic Joyce. Pictiúr:INPHO/Bryan Keane

An bóthar réitithe d’fhoireann nua an cluiche ceannais a bhaint amach

Le naoi mbliana anuas, níor imir ach cúig chontae difriúil i gcluiche ceannais na hÉireann – Áth Cliath, Ciarraí, Maigh Eo, Dún na nGall agus Tír Eoghain.

Agus Ciarraí díbeartha as an gcraobh, tá deis iontach ag foireann éigin eile áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann. Imreoidh buaiteoirí Chúige Mumhan agus Cúige Chonnacht in aghaidh a chéile i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann i mbliana, rud a fhágann go mbeidh Corcaigh, Tiobraid Árann, Gaillimh nó Maigh Eo i gcluiche ceannais na bliana seo.

Cinnte, níl sé i bhfad ó bhí Maigh Eo sa chluiche ceannais – 2017 an uair dheireanach a raibh siad ann – ach níl aon amhras ach go gcuireann siad go mór leis an ócáid sin. Tá a fhios ag gach duine go bhfuil siad ag fanacht ó 1951 chun Corn Mhig Uidhir a thabhairt abhaile ach tá na contaetha eile atá fágtha ag fanacht sách fada freisin le deis a fháil ar an gcorn sin.

Tá sé deich mbliana ó d’imir Corcaigh sa chluiche ceannais agus cé nach í an bhearna is faide í, is mór atá tarlaithe d’fhoireann peile an chontae ó bhuaigh siad ar chontae an Dúin in 2010. Measadh go mbeadh siad in ann an chraobh a bhuachan uair nó dhó eile leis an bhfoireann chéanna ach thit rudaí as a chéile sular fada. Tá Corcaigh ar a cosa arís anois agus Ciarraí sáraithe acu den chéad uair ó 2012.

Tá nach mór scór bliain ann ó d’imir Gaillimh i gcluiche mór na bliana. Bhain siad an cluiche ceannais amach trí huaire i gceithre bliana ag casadh na mílaoise – 1998, 2000 agus 2001. D’aimsigh Pádraic Joyce deich bpointe sa ghreadadh a bhuail siad ar chontae na Mí an lá sin in 2001 agus is é atá anois ina bhainisteoir ar an bhfoireann agus é ag iarraidh iad a stiúradh chomh fada leis an gcluiche ceannais arís.

Tiobraid Árann is faide atá ag fanacht, ar ndóigh. Tá céad bliain ann ó bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach, tráth ar thug siad leo craobh 1920 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath. Bliain speisialta í an ceann seo cheana féin d’fhoireann peile Thiobraid Árann agus comóradh céad bliain le déanamh freisin ar Dhomhnach na Fola, a tharla ar an 21 Samhain, 1920. Beidh ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh ar an 21ú lá den mhí seo, an lá roimh chluiche ceannais peile na Mumhan idir Tiobraid Árann agus Corcaigh.

 

Cillian O’Connor. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ros Comáin cloíte ag cosantóirí Mhaigh Eo

Roghnaíodh Cillian O’Connor mar laoch na himeartha don dara cluiche as a chéile tar éis d’fhear Bhaile an Tobair naoi bpointe a scóráil i gcoinne Ros Comáin. D’aimsigh a dheartháir Diarmuid 1-1 agus moladh tuillte ag tosaithe eile Mhaigh Eo ach bhí an taispeántas a thug cosantóirí Mhaigh Eo gach pioc chomh tábhachtach.

Tugadh an dúshlán do Paddy Durcan Enda Smith a mharcáil agus níl aon dabht ach go bhfuair fear Mhaigh Eo an chuid is fearr den choimhlint.

D’aimsigh Durcan dhá phointe sa chluiche, an dara ceann ag teacht díreach nuair a bhí Ros Comáin ag déanamh iarracht teacht ar ais sa choimhlint sa dara leath. Ba cheart go mbeadh dhá phointe eile scóráilte ag Durcan chomh maith ach choinnigh sé Smith, duine de cheannairí Ros Comáin, ón imirt agus fágadh gan scór ar bith é.

Bhí Oisín Mullin, Chris Barrett agus Lee Keegan ar fheabhas sa líne lánchúil chomh maith. Nuair a séideadh an fheadóg dheireanach, ní raibh duine den triúr a thosaigh sa líne lántosaithe fós ar an bpáirc.

Scóráil Cathal Cregg cúl tábhachtach do Ros Comáin nuair a bhuaigh siad ar Mhaigh Eo sa chraobh anuraidh, an chéad uair le 33 bliain ach bhí leathuair fanta sa choimhlint i bPáirc de hÍde inné nuair a tógadh amach é.

Cúig chúilín a scóráil Conor Cox sa chluiche anuraidh agus fuair sé ainmniúchán do ghradam All Star an bhliain chéanna. Níor aimsigh sé tada ón imirt inné agus é coinnithe faoi smacht ag Barrett. Tógadh amach Cox agus 60 nóiméad imeartha. D’éirigh beagáinín níos fearr le Donie Smith ach bhí seisean imithe den pháirc agus nach mór deich nóiméad fós fágtha.

Cé go ndearna tosaithe Mhaigh Eo scrios ar Ghaillimh nuair a d’imir siad sa tsraith an mhí seo caite, ghéill siad 0-17 an lá céanna. Tá an chosaint neartaithe ó shin acu, áfach, agus cuma na maitheasa orthu roimh chluiche ceannais Chonnacht an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Beidh Corcaigh buíoch de Collingwood choíche, deis ag foireann nua agus Ros Comáin cloíte ag cosantóirí Mhaigh Eo'