Tá sé ráite ag aire rialtais go bhfuil sí cinnte go mbeidh Aire na Gaeltachta “ag ciceáil síos doirse” chun tuilleadh airgid a fháil do chúrsaí teanga sa gcéad bhuiséad eile.
Agus í ag labhairt sa Dáil tráthnóna inné ar an maoiniú a chuirtear ar fáil don Ghaeilge, dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth go raibh sí cinnte go raibh an tAire Dara Calleary chun a dhícheall a dhéanamh chun breis maoinithe a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Paul Murphy ó Phobal Seachas Brabús, dúirt an tAire Stáit gur aontaigh sí leis go gcaithfí tuilleadh airgid a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
“Caithfear níos mó a chur ar fáil do na heagraíochtaí ar an talamh,” a dúirt Smyth, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus aire stáit sa Roinn Fiontair, Turasóireachta agus Fostaíochta.
“Tá uaillmhianta ar leith ag an Aire Calleary dá roinn thar thréimhse chlár an rialtais agus tá tacaíocht iomlán an Taoisigh, an Tánaiste agus páirtithe an chomhrialtais aige i dtaobh sin.
“Níl aon amhras orm ach go mbeidh an tAire Calleary ag ciceáil síos doirse chun a chinntiú go bhfuil ardú sa leithdháileadh don Ghaeltacht agus don Ghaeilge i mBuiséad 2026.”
Dúirt an tAire Stáit go raibh dualgas ar an rialtas tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhí ag iarraidh an teanga a chur chun cinn. Dúirt sí freisin go raibh obair fós ar bun chun réiteach a fháil ar dheacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge agus go raibh plé rialta ar bun idir Roinn na Gaeltachta ó dheas agus an Roinn Pobal ó thuaidh.
Thagair an Teachta Dála Paul Murphy don mhórshiúl ar son na teanga a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite agus dúirt gur tháinig daoine amach chun tacaíocht a léiriú don teanga agus chun míshástacht a léiriú faoi “theip iomlán an rialtais” gníomh a dhéanamh chun tacú leis an nGaeilge.
Dúirt sé go raibh “éagothroime stairiúil” ann i maoiniú na Gaeilge agus go gcaithfí tabhairt fúithi.
“I 1956, níor caitheadh ach 0.15% de chaiteachas iomlán an stáit ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht. Le blianta beaga anuas, tá sé sin tite go dtí 0.1%,” a dúirt Murphy.
D’éiligh sé go gcuirfí €55 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, mar atá éilithe i bPlean Fáis Chonradh na Gaeilge.
Luaigh sé freisin an ghéarchéim tithíochta sa nGaeltacht, an gá le gníomh maidir leis an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge agus cúrsaí Gaeloideachais.
Dúirt Murphy go dteastaíonn sprioc uaillmhianach go mbeidh 20% de dhaltaí scoile ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge laistigh de 20 bliain.
Dúirt an tAire Stáit Smyth gur aontaigh sí gur chóir go mbeadh an rogha oideachas trí Ghaeilge ar fáil do thuismitheoirí agus daltaí “i ngach baile sa tír”.
Fág freagra ar '‘Beidh an tAire Calleary ag ciceáil síos doirse chun tuilleadh airgid a fháil don Ghaeilge’'