Bás ar bith le fógairt, ach 40 cás nua deimhnithe

Deir an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach gur bhain na cásanna nua le go leor cineálacha suíomhanna agus gur bhain 75% acu le daoine faoi bhun 45 bliain d’aois

Bás ar bith le fógairt, ach 40 cás nua deimhnithe

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna, ach deimhníodh go rabhthas tagtha ar 40 cás nua den ghalar, an líon is mó cásanna le breis is mí anuas.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, gur bhain na cásanna nua a fógraíodh inniu le go leor cineálacha suíomhanna agus aoisghrúpaí éagsúla. Bhain 30 cás le daoine faoin bhun 45 bliain d’aois agus 33 an aois mheánach a bhí i gceist. Bhí baint ag breis is leath de na cásanna le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a bhí buailte ag an ngalar.

“Tá sé fíorthábhachtach i gcónaí, aon duine a bhfuil imní air go raibh sé i dteagmháil le duine a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an coróinvíreas air agus aon chomharthaí sóirt den Covid-19 air féin, go bhfanfadh sé amach ó dhaoine eile láithreach agus go n-iarrfadh sé tástáil gan aon mhoill a dhéanamh,” arsa an Dr Ronan Glynn.

Don 15ú lá as a chéile, ní raibh bás ar bith de thoradh an choróinvíris le fógairt ag Roinn Sláinte an tuaiscirt inniu.

Ach de réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), tháinig ardú beagnach 20% ar an ráta báis ó thuaidh le linn na paindéime.

Naoi gcás eile den ghalar a deimhníodh ó thuaidh inniu.

Beirt a bhfuil an galar orthu atá in aonaid dianchúraim ospidéil an Tuaiscirt.

2,320 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,764 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,850 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,929 cás ó dheas den teorainn agus 5,921 cás ó thuaidh di.

Níor fógraíodh aon athrú inniu ar líon na gcásanna Covid-19 i nGaillimh (493), i nDún na nGall (472), i gCiarraí (317), i bPort Láirge (166), ná i Maigh Eo (576)

De réir na bhfigiúirí is déanaí, bhí cás nua amháin i gCorcaigh (1,563). Baineadh cás amháin den taifead do chontae na Mí (825).

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil rabhadh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach aicíd é an Covid-19 a bhaineann le séasúr faoi leith.

Seachas sin, a deirtear, is maidhm mhór a bheidh sa víreas seo a bheidh ag ísliú beagán agus ag ardú beagán de réir a chéile.

“An rud is fearr a dhéanamh é a bhrú síos ar fad go dtí nach mbeidh ann ach lapadaíl ag do chosa,”a dúirt Margaret Harris ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

Thug an WHO an rabhadh seo agus imní ann go mbeidh ar thíortha san Eoraip srianta breise a chur i bhfeidhm arís de bharr rátaí ionfhabhtaithe a bheith ag ardú.

Tá bearta nua cuirfiú, scaradh sóisialta agus coraintín curtha i bhfeidhm sa nGearmáin, sa bhFrainc agus sa mBeilg.

Thug ceannasaí an WHO, Tedros Adhanom Ghebreyesus, rabhadh go bhfuil borradh fós faoin bpaindéim seo agus go bhfuil an líon cásanna ar fud an domhain tar éis dúbailt le sé seachtaine.

Agus cinneadh na Breataine coraintín 14 lá a chur ar thurasóirí a thagann chucu ón Spáinn á chosaint aige, dúirt an Príomh-Aire Boris Johnson go raibh an chosúlacht air go raibh an dara maidhm ag borradh san Eoraip.

De réir figiúirí ó Ollscoil Johns Hopkins sna Stáit Aontaithe, tá breis is 16 milliún cás den ghalar deimhnithe sa domhan go dtí seo agus os cionn 650,000 duine curtha den saol aige.

Fág freagra ar 'Bás ar bith le fógairt, ach 40 cás nua deimhnithe'