Bás ar bith de dheasca Covid-19 fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt don tríú lá as a chéile

2,220 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,683 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di. Breis is 30,000 cás den ghalar atá deimhnithe

Bás ar bith de dheasca Covid-19 fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt don tríú lá as a chéile

Don tríú lá as a chéile, ní raibh aon bhás nua de dheasca an ghalair le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt. 

Trí chás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

2,220 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,683 duine ó dheas den teorainn agus 537 ó thuaidh di.

30,012 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,207 cás ó dheas den teorainn agus 4,805 cás ó thuaidh.

De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 537.

757 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 29 Bealtaine. 528 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna. De réir fhigiúirí NISRA thit líon na mbásanna sa Tuaisceart don séú seachtain as a chéile.

Tá ráite ag ceann feadhna an ghrúpa saineolaithe ó dheas a dhéanann réamh-mheastacháin faoin Covid-19 gur dócha go mbeidh ráig eile den ghalar in Éirinn ach nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh den mhéid sin.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, gur dócha go mbeadh cur chuige an-éagsúil i leith an víris dá dtiocfaidh brúisc arís faoi líon na gcásanna den ghalar.

Dúirt sé go raibh cuid mhór foghlamtha ó deimhníodh an chéad chás den ghalar breis is 100 lá ó shin agus gur fearr an tuiscint a bhí ann ar an víreas anois.

Dá dtiocfadh brúisc faoi líon na gcásanna arís is dócha gur ráigeanna in áiteanna ar leith a bheadh ann agus gur cur chuige éagsúil a bheadh ann dá réir a dhíreodh ar áiteanna éagsúla de réir mar ba ghá, a dúirt seo

Maidir leis an tuairim a nocht breis is míle eolaí inné gur chóir an ruaig ar fad a chur ar an víreas ar bhonn uile-Éireann sula gcuirfí dlús le scaoileadh na srianta, mhaígh an tOllamh Nolan go raibh “an cur chuige ceart don tír” ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET).

Dúirt Nolan nach rud neamhghnách é go mbeadh tuairimí éagsúla ag eolaithe éagsúla, go háirithe nuair a bhí bearnaí san eolas a bhí ar fáil dóibh.

Dúirt sé nárbh ionann a bheith ag iarraidh ‘maireachtáil leis an víreas’ agus straitéis mhaolaithe.

Dúirt Nolan leis an gcoiste Dála atá ag plé leis an gcoróinvíreas nach bhféadfadh aon duine a rá cén tionchar a bheadh ag Covid-19 ar chúrsaí faoi cheann sé mhí eile.

“Déanta na fírinne, níl aon liathróid feasa agamsa a inseoidh dom cad a tharlóidh. Ní heol dom cad a fhoghlaimeoimid faoin víreas seo as seo go ceann sé mhí.

“Tá sé dodhéanta, sa bhrí litriúil den fhocal, domsa a rá go beacht cén tionchar a bheidh aige i gceann sé mhí. Ach beidh ár n-iompar difriúil de bharr an víris go ceann tamaill.”

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) go raibh an ruaig curtha againn ar an víreas amach as an bpobal “a bheag nó a mhór” agus gur braisle cásanna i dteaghlaigh agus in áiteanna oibre amhail monarchana feola a bhí á ndeimhniú anois.  

Dúirt De Gascun go raibh am ann cur leis an soláthar mascanna chun iad a chur ar fáil do theaghlaigh agus go raibh éagothroime ann sa mhéid is go raibh daoine áirithe ann nach raibh sé d’acmhainn acu mascanna a cheannach.

Idir an dá linn, tá titim tagtha arís ar líon na n-othar le Covid-19 sna hospidéil. 115 cás deimhnithe den ghalar aréir, i gcomparáid le 122 cás an lá roimhe sin.

Fág freagra ar 'Bás ar bith de dheasca Covid-19 fógartha ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt don tríú lá as a chéile'