‘Barántas’ tugtha ag ceannasaí Údarás na Gaeltachta go rachfar i ngleic le tuarascáil ‘tromchúiseach’

Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta i dTithe an Oireachtais inniu faoi thuarascáil ina maítear go mbeidh comhlachtaí sa Ghaeltacht buailte níos measa ag an mBreatimeacht ná comhlachtaí lasmuigh di

‘Barántas’ tugtha ag ceannasaí Údarás na Gaeltachta go rachfar i ngleic le tuarascáil ‘tromchúiseach’

Micheál Ó hÉanaigh

Thug Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “barántas” i dTithe an Oireachtais tráthnóna go rachfar i ngleic leis an easpa mhór suime atá léirithe ag comhlachtaí Gaeltachta i scéimeanna Breatimeachta na heagraíochta.

Bhí ceannasaí an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh ag freagairt ceist faoi thuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo caite inar léiríodh nár chuir 82% de chliantchomhlachtaí na heagraíochta isteach ar aon scéim tacaíochta Breatimeachta. De réir na tuarascála, ní raibh a fhios ag 53% de na comhlachtaí go raibh a leithéid de scéimeanna ar fáil fiú.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, dúirt Ó hÉanaigh go gcinnteofaí nach mbeadh aon chomhlacht sa Ghaeltacht nach mbeadh ar an eolas faoi na scéimeanna Breatimeachta agus go mbeadh “dul chun suntasach” déanta faoin gcéad uair eile a mbeadh an eagraíocht os comhair an choiste.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh na figiúirí a bhí sa tuarascáil “damanta”.

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a rinne measúnú ar thionchar an Bhreatimeachta agus na paindéime ar Údarás na Gaeltachta agus a chliantchomhlachtaí mar chuid d’athbhreithniú caiteachais na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Dúradh sa tuarascáil go bhféadfadh go mbeadh comhlachtaí sa Ghaeltacht buailte níos measa ag an mBreatimeacht ná comhlachtaí lasmuigh di.

Tá breis agus 8,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ach, de réir anailís an Údaráis féin, d’fhéadfadh comhlachtaí Gaeltachta suas le 1,000 post a chailleadh mar thoradh ar Bhreatimeacht crua. Fágann paindéim an Covid-19 go bhfuil tuilleadh brú orthu anois.

Níos lú ná deichniúr atá ag obair in 85% de chliantchomhlachtaí an Údaráis agus d’fhéadfadh go mbeadh na comhlachtaí beaga sin i mbaol níos measa ó thionchar eacnamaíochta an Bhreatimeachta agus na paindéime Covid-19.

Dúirt Micheál Ó hÉanaigh gur chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an tuarascáil agus gur thacaigh an eagraíocht lena cur le chéile. Bhí siad sásta go raibh an scéal amuigh faoi na deacrachtaí a bhí ag comhlachtaí Gaeltachta

Scéal “fíorthromchúiseach” a bhí ann ach níor scéal é a tháinig “aniar aduaidh” ar an Údarás, arsa an Príomhfheidhmeannach.

Bhíothas ag gníomhú cheana  féin chun dul i ngleic leis na dúshláin atá luaite sa tuarascáil, a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith gur ar na comhlachtaí beaga atá luaite sa tuarascáil “a mhaireann” an Ghaeltacht agus gur “tubaiste” a bheadh ann dá mbeadh ar aon chuid acu dúnadh.

Fág freagra ar '‘Barántas’ tugtha ag ceannasaí Údarás na Gaeltachta go rachfar i ngleic le tuarascáil ‘tromchúiseach’'

  • Údarás na Lámha Nite

    B’shin an chúis go bhfuil siad ag moladh comhairle meabhairshláinte ar Twitter? Cás tugtha suas acu!

  • Bladaráil

    Is gearr gur cosa nite a bhéas ann. An bhfuil Údarás ag fáil íocaíocht le bheith ag déanamh jab an HSE? Má fheicim tweet eile faoi bheith ag níochán lámha… agus gan smid acu faoi rudaí atá faoina gcúram.

  • Údarás gan teanga, Údarás gan mhaith

    Níl an saineolas ag Údarás le dul i ngleic leis na rudaí seo. Fuair mé teachtaireacht uathu inniu agus b’éigean dom é a léamh trí huaire le meabhair a bhaint as. Botúin sa gclóscríobh agus droch Ghaeilge – cén chaoi ar féidir a bheith muiníneach as a leitheid? B’fhéidir gur cheart d’Fhoras na Gaeilge cúpla cóip den bhfoclóir nua a thabhairt don Údarás, tá sé ag teastáil go géar uathu!