Baol ó thuilte agus rabhadh báistí eisithe do 13 contae

Tiocfaidh rabhadh oráiste báistí i bhfeidhm do Chorcaigh agus do Phort Láirge ag 4pm agus mairfidh sé go dtí 6pm amárach

Baol ó thuilte agus rabhadh báistí eisithe do 13 contae

Tiocfaidh Rabhadh Oráiste Báistí i bhfeidhm do Chorcaigh agus do Phort Láirge tráthnóna, agus beidh rabhadh buí báistí i bhfeidhm do 11 contae eile, Ciarraí ina measc.

Tiocfaidh an rabhadh do Chorcaigh agus do Phort Láirge i bhfeidhm ag 4pm agus mairfidh sé go dtí 6pm amárach.

Deir Met Éireann go bhféadfadh go mbeadh fuarlaigh ar bhóithre agus an léargas go dona mar gheall ar an mbáisteach throm gan stad.

Iarrtar ar thiománaithe a bheith san airdeall ar na bóithre mar go mbeidh siad contúirteach go maith in áiteanna.

Beidh rabhadh buí báistí i gceist do Cheatharlach, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Uíbh Fhailí, Loch Garman, Cill Mhantáin, Luimneach, Tiobraid Árann agus Ciarraí.

Tiocfaidh an rabhadh buí sin i bhfeidhm ag 6pm anocht agus mairfidh sé go dtí 6pm amárach.

D’fhéadfadh fuarlaigh a bheith ar bhóithre in áiteanna sna contaetha sin freisin mar gheall ar an mbáisteach throm shíoraí atá geallta. Níor mhór do thiománaithe a bheith cúramach mar beidh contúirt ar bhóithre de bharr nach mbeidh an léargas go maith, a deir Met Éireann.

Beidh sé fliuch i gceantair go leor anocht agus é ag báisteach gan stad agus cuid di trom agus d’fhéadfadh tuilte a bheith anseo is ansiúd, go háirithe i gcúige Mumhan, i gCúige Laighean agus in oirthear Uladh. Aimsir thirim is mó atá á gealladh in iarthar agus i dtuaisceart Chonnacht agus sa gcuid eile d’Ulaidh. Leoithne bhog aduaidh atá chugainn agus an teocht is ísle idir 9 agus 12 céim Celsius.

Níl aon fhaoiseamh ón mbáisteach á thuar do dheisceart ná d’oirthear na tíre ná d’oirthear Uladh amárach agus baol tuilte sa gcuid sin den tír. Beidh an lá amárach níos tirime sa taobh thiar den tír agus i gcuid mhaith d’Ulaidh agus scaití maithe gréine againn, idir  12 agus 15 céim Celsius is airde a bheidh an teocht agus leoithne éadrom nó mheasartha anoir aduaidh ann.

Athraitheach go maith a bheidh an aimsir an deireadh seachtaine seo agus bítear faoi réir do mhúraíl is ráigeanna báistí cé go bhfuiltear á thuar go mbeidh an Satharn tirim den chuid is mó.

 

 

Fág freagra ar 'Baol ó thuilte agus rabhadh báistí eisithe do 13 contae'