Cuirfear oideachas, forbairt agus cairdeas na bpáistí i mbaol mura bhfilleann siad ar scoil

Creideann ár gcolúnaí nach raibh aon bhliain ann roimhe seo i stair an chine dhaonna go raibh na páistí ag cur deifir le deireadh laethanta saoire an tsamhraidh 

Cuirfear oideachas, forbairt agus cairdeas na bpáistí i mbaol mura bhfilleann siad ar scoil

Chuir muid ordú na leabhar scoile ar an méar fhada i mbliana. Le blianta beaga anuas bhí sé de nós againn fios a chur ar na leabhair agus na héadaí scoile an chéad seachtain de laethanta saoire an tsamhraidh.

Bhí sé níos éasca an chaoi sin, d’fhéadfá dearmad a dhéanamh arís orthu go dtí an tseachtain sular thosaigh an scoil, agus bhí lascaine le fáil ón siopa leabhar áitiúil, ach na leabhair a ordú luath. Tá an siopa céanna dúnta anois, níor oscail siar arís tar éis na dianghlasála, faraor, agus cinneadh déanta ag na húinéirí nach mbeidh siad ag oscailt arís.

Nuair a tháinig na laethanta saoire i mbliana, théis trí mhí nó mar sin den dianghlasáil agus an scoil sa mbaile, ní raibh muid ag iarraidh ach anáil a tharraingt arís agus muid breá buíoch go raibh muid tagtha tríd agus cead againn na maidí a ligean le sruth de bheagán ar feadh scaithimh.

Anois agus an scoil in ainm is oscailt arís faoi cheann seachtaine nó mar sin, níl aon leabhar faighte againn fós, níl tuairim againn cén áit a bhfuil na héadaí scoile agus tá dearmad déanta ag an mBabaí ar gach aon cheann de litreacha na haibítre, seachas ‘J’ agus ‘A’.

Tá sé in am agus thar am filleadh ar an scoil. Tá na gasúir iad féin ag súil leis, déarfainn nach raibh aon bhliain ann roimhe seo i stair an chine dhaonna go raibh deifir ar na páistí go dtiocfadh deireadh le laethanta saoire an tsamhraidh.

Go dtí arú inné, nuair a fógraíodh na srianta atá á dtabhairt ar ais i réimsí éagsúla, ní raibh aon amhras orm ach go n-osclódh na scoileanna arís an tseachtain seo chugainn.

Tá an baol á mheá ó lá go lá againn mar atá ag chuile dhuine eile. Tá sé d’ádh glan orainne nach bhfuil aon tinneas eile sa teach ar aon duine againn ach beidh cúraimí difriúla ar chuile chlann ag brath ar na riachtanais shainiúla a bhfuil siad féin ag déileáil leo.

Ina dhiaidh sin féin, tá sé feicthe againn go mbíonn siomptóim éagsúla ar dhaoine de bharr an víris seo agus ní féidir brath air nach gcuirfidh sé isteach go dona ar dhuine fiú mura bhfuil aon tinneas eile orthu roimh ré. Imní eile atá ann ná go dtolgfadh duine é is go scaipfeá é i ngan fhios duit féin is go ndéanfá dochar do dhuine éicint eile.

Nuair a ghabhfaidh na gasúir ar ais ag an scoil ní bheifear in ann a bheith cinnte an bhfaighidh nó nach bhfaighidh siad an víreas. Baol éiginnte a bheidh ann.

Baol cinnte a bheadh ann, áfach, iad a choinneáil sa mbaile. Baol don fhorbairt phearsanta, don oideachas, do scileanna cumarsáide, don chairdeas agus neart eile. Ní hé gné an oideachais an t-aon slat tomhais i gcúrsaí scoile.

Mura dtiocfaidh athrú mór ar an scéal, tá an chuma air go mbeidh an galar seo linn ar feadh bliain nó dhó eile, ar a laghad. An bhfuil muid le fanacht istigh sa teach ar feadh dhá bhliain?

Is mó an baol do pháistí na tíre a bhainfeadh leis an rogha sin ná baol an ghalair féin.

An t-aon rogha atá againn ná an baol a mheá fad is a bhaineann sé lenár gcásanna féin, an baol a laghdú an méid is atá muid in ann trí na treoirlínte faoin scoitheadh fisiciúil is an ghlaineacht a leanúint, agus iarracht a dhéanamh an saol a chaitheamh i dteannta a chéile fad is atá muid ag tabhairt aghaidh ar an ngalar seo.

Bíonn na báid sa gcéibh sábháilte ach ní don chéibh a thógtar na báid.

Fág freagra ar 'Cuirfear oideachas, forbairt agus cairdeas na bpáistí i mbaol mura bhfilleann siad ar scoil'