Tá barracáidí i gcroíthe daoine le sárú sular féidir na ballaí síochána a leagadh

Samhailchomhartha ar stair ghránna, fhuilteach agus ar easpa muiníne san athrú saoil iad na ballaí síochána

Tá barracáidí i gcroíthe daoine le sárú sular féidir na ballaí síochána a leagadh

Tá siad sna ceantair is boichte agus sna comharsanachtaí is mó a d’fhulaing foréigean na dTrioblóidí. Ballaí ‘síochána’ an lipéad atá orthu ach i ndáiríre is comhartha sóirt ar dheighilt agus faitíos iad. Ba é Guy Verhofstadt ó Pharlaimint na hEorpa an cuairteoir mór le rá is deireanaí a dúirt gur chuir siad alltacht air ach is liosta le háireamh iad na cairde ón iasacht, ó Mheiriceá go háirithe, a bhíonn ag achainí agus ag éileamh go mbainfí anuas iad.

‘Smál’ ar an tírdhreach a thugann daoine nach maireann in aice leo orthu, iad ag tathant ar an phobal iad a bhaint anuas chun athmhuintearas a chothú. Maítear nach bhfuil gá leo i ré na síochána. Maíonn roinnt nach sciath chosanta iad feasta ach bac ar shochaí chomhroinnte. Níl aon dabht ach go bhfuil cuid mhór den cheart acu ach tá an scéal níos casta ná sin mar a léiríodh i suirbhé inar tugadh le fios nach raibh ach 13% de na daoine a chónaíonn in aice leis na ballaí a bheadh toilteanach go leagfaí iad faoi láthair.

Ní ballaí a bhí iontu ar dtús ach barracáidí a tógadh faoi dheifir tráth éigeandála chun daoine a chosaint ó ionsaí ‘ón taobh eile’. Tógadh an chéad cheann i mí Lúnasa 1969, barracáid a chuir muintir na háite in airde nuair a loisc dílseoirí ó cheantar na Seanchille tithe náisiúnaithe i Sráid Bombay gar do mhainistir Chluain Aird. Tugadh Arm na Breataine isteach an mhí sin agus chuir siadsan barracáid níos buaine in airde. Bríce ar bhríce agus troigh ar throigh cuireadh leis ar feadh na mblianta go dtí go raibh an balla chomh hard le teach dhá stór. Tógadh suas le céad eile i gceantair ar fud an tuaiscirt ina raibh an dá threibh ag maireachtáil bord ar bhord le chéile agus ionsaithe á ndéanamh.

Tá na ballaí níos líonmhaire i mBéal Feirste ná áit ar bith eile. Tharla sé sin mar gur sa chathair atá an líon is mó ‘comhéadain’ mar a thugtar orthu agus foréigean fíochmhar ón dá thaobh coiteann. Le himeacht aimsire, rinneadh iarracht cuma shlachtmhar a chur ar chuid acu, tá múrphictiúir, bláthanna agus graifítí mar mhaisiú orthu. Ní thig le maise ar bith an fhírinne a cheilt áfach; ní taispeántais ealaíne iad na ballaí ach samhailchomhartha ar stair ghránna, fhuilteach agus ar easpa muiníne san athrú saoil.

Tá faitíos ar mhóramh maireachtáil d’uireasa na mballaí. Sa tuarascáil a sheol an International Fund for Ireland i mBéal Feirste léiríodh go mbeadh imní ar bheirt as gach triúr faoi shlándáil agus sábháilteacht dá leagfaí na ballaí. Bíonn ráigeanna trioblóide fós ag cuid de na ballaí le linn séasúr na máirseála, cuir i gcás, nó nuair a bhíonn ógánaigh ag caitheamh cloch is buidéil lena chéile mar chaitheamh aimsire. Cuireann trioblóid den chineál sin as do dhaoine ar ndóigh ach ní hé sin an t-údar imní is mó – tá eagla ar dhaoine mar gheall ar ghuagacht pholaitiúil agus iompar roinnt de na paraimíleataigh.

Ceithre bliana ó sheol an Feidhmeannas i Stormont a straitéis don tsochaí chomhroinnte agus é mar sprioc ann go mbeadh na ballaí síochána ar fad imithe faoi 2023 níl ach ceann amháin leagtha, balla in Ard Eoin agus tá geataí úra curtha ar dhornán eile. Ba iad an pobal áitiúil, náisiúnaithe in Ard Eoin agus dílseoirí i Twaddell, a tháinig ar réiteach anuraidh go leagfaí an balla síochána ansin. Gníomhaíocht éifeachtach ón mbonn aníos ab ea é sin murab ionann agus pleananna i Stormont nó léachtaí ó mhaithe agus móruaisle.

Bhí sé soiléir ón suirbhé go mbeadh tacaíocht na ndaoine a mhaireann le hais na mballaí riachtanach chun go n-éireodh le scéim díchóimeála. De réir an tsuirbhé theastaigh ó 72% go gcuirfí cuma níos deise ar na ballaí, go n-ísleofaí iad nó go mbainfí anuas iad am éigin amach anseo. Sa chéad ghlúin eile, arsa an móramh.

Cruthúnas is ea é sin nach bhfuil na tosca ba shiocair leis na ballaí curtha ina gceart. Seafóid is ea é a bheith ag breathnú ar na ballaí ina n-aonar. Foréigean agus faitíos ba chúis lena dtógáil. Is léir nach dtig leis na daoine a bhfuil cónaí orthu ar dhá thaobh na mballaí sin talamh slán a dhéanamh de go mbeidís sábháilte dá leagfaí iad. ‘Conas is féidir iarraidh ar ghnáthdhaoine a bhfuil stair achrannach acu lena chéile céim mhór dhána mar seo a ghlacadh?’ arsa fear i dtuaisceart na cathrach liom, ‘nuair nach bhfuil na polaiteoirí féin in ann a theacht le chéile agus gach sórt cosanta acu sin?’

Tá sárobair á déanamh ag grúpaí trasphobail ar fud an tuaiscirt, a bhformhór gan ionchur ó pholaiteoirí. Chun na ballaí a bhaint anuas theastódh i bhfad níos mó den chineál sin oibre móide tacaíocht ó institiúidí an stáit. Tá barracáidí in intinn agus i gcroíthe daoine le sárú sular féidir na ballaí síochána a ghlanadh as an mbealach.

 

Fág freagra ar 'Tá barracáidí i gcroíthe daoine le sárú sular féidir na ballaí síochána a leagadh'

  • tommytummy@gmail.com

    Nach iad na polaiteoiri is mo a bhaineann earraiocht agus sochar as barracaidi a chruthu?