Baint ag fadhb chroí le bás fir i ndiaidh eachtra i dteach i gConamara – tuairiscí

Tá comhad á ullmhú ag na Gardaí don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir le bás Charles Townsend i ndiaidh eachtra i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara

Baint ag fadhb chroí le bás fir i ndiaidh eachtra i dteach i gConamara – tuairiscí

Charles Townsend

Tuairiscítear go bhféadfadh gur taom croí ba shiocair bháis do Charles Townsend, an fear a bhásaigh i ndiaidh eachtra a tharla i dteach i gConamara Dé Domhnaigh.

Tá comhad á ullmhú ag na Gardaí don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir le bás an fhir i ndiaidh na heachtra i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara ag an deireadh seachtaine.

Ainmníodh go háitiúil inné an té a bhásaigh mar Charles Townsend, fear gnó a bhí 64 bliain d’aois agus a raibh seoladh aige san Inneoin i mBaile Easa Dara i gcontae Shligigh.

Tuairiscítear anois go raibh an croí ag dul do Charles Townsend agus gur léirigh an scrúdú iarbháis a rinneadh air in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh gurbh amhlaidh go raibh baint ag an bhfadhb chroí sin lena bhás i ndiaidh aighnis a líomhnaítear a tharla sa teach i mBaile na hAbhann.

Scaoileadh saor gan aon chúis a bheith curtha ina leith fear, seachtó bliain d’aois, a bhí á cheistiú i stáisiún na nGardaí sa Ghaillimh ó mhaidin inné.

Dheimhnigh na Gardaí tráthnóna Dé Domhnaigh go raibh tús curtha acu le fiosrúchán faoi bhás an fhir i gConamara.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Go gairid i ndiaidh 9am maidin Dé Domhnaigh a cuireadh fios ar na Gardaí go dtí an teach i mBaile na hAbhann, mar a raibh cóir leighis á cur ag lucht sheirbhís otharchairr Chonamara ar an bhfear a líomhnaítear gur deineadh ionsaí air.

Tugadh an fear go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, agus fuair sé bás ansin níos déanaí.

Coinníodh an fear a gabhadh i stáisiún na nGardaí sa Ghaillimh faoin Acht Um Cheartas Coiriúil 1984, nó gur scaoileadh saor inné é.

Thug na Gardaí atá i mbun an fhiosraithe le fios go raibh “treo cinnte” á leanúint acu maidir lena gcuid fiosruithe.

Teaghlach aitheanta muintir Townsend i Sligeach agus ba le deartháireacha Charles Townsend an Sligo Champion tráth.

Fág freagra ar 'Baint ag fadhb chroí le bás fir i ndiaidh eachtra i dteach i gConamara – tuairiscí'