Bacik ag brath ar aistriúcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas

Bacik ag brath ar aistriúcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas

Bacik ag brath ar aistriúcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Fothoghchán: Cuan Bhaile Átha Cliath Theas 2021

Leagan Amach an Dáilcheantair:  Taobh ó dheas den Life, mar a bhfuil Ráth Maonais, Ráth Garbh, Dumhach Thrá, cuid de Thír an Iúir, cuid de Ráth Fearnáin, Droichead na Dothra agus An Rinn.

Sciar de na vótaí a caitheadh in Olltoghchán 2020: 49.4%

Na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 san ord inar toghadh iad: Eamon Ryan (CG), Chris Andrews (SF), Eoghan Murphy (FG) agus Jim O’Callaghan (FF)

Mar a rinne na Páirtithe san olltoghchán in 2020 agus sna toghcháin áitiúla in 2019 agus i bpobalbhreith MRBI.

Páirtí Olltoghchán 2020 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) Pobal bhreith MRBI/Irish Times
Fine Gael 27.7 25 27
Fianna Fáil 13.8 10 10
Lucht Oibre 7.9 12 22
Sinn Féin 16.1 8 13
Glas 22.4 31 11
Eile, clé 7.0 8 15
Eile 5.0 5 3

 

Nuair a fógraíodh an fothoghchán seo ceapadh ag tús an fheachtais go bhféadfadh Sinn Féin an suíochán a bhaint ó Fhine Gael. Léirigh pobalbhreith MRBI don Irish Times gur mó seans gur rás idir Fine Gael agus an Lucht Oibre a bheadh ann, le James Geoghegan (FG) chun tosaigh, Ivana Bacik (LO) sna sála air agus Lynn Boylan (SF) cuid mhaith chun deiridh sa tríú háit.

Anailís: Ceantar láidir Fhine Gael an Dáilcheantar seo ach ní bhfuair an páirtí ach beagán le cois an ceathrú cuid den vóta a caitheadh sa toghchán a reáchtáladh mí Feabhra 2020 agus dhá iarrthóir a raibh próifíl ard acu ag seasamh, Eoghan Murphy agus Kate O’Connell. Chaill Kate O’Connell an suíochán ag deireadh an rása agus ba é Chris Andrews ó Shinn Féin an Teachta nua a toghadh don Dáilcheantar.

Bíonn fothoghchán difriúil ó olltoghchán: ní bhíonn rialtas le roghnú agus dá bharr bíonn níos mó béime á leagan ar an iarrthóir seachas ar an bpáirtí lena mbaineann sé/sí. Is buntáiste d’iarrthóir Fhine Gael gur toghadh é ar Bhardas Átha Cliath 2019 do cheantar Pembroke [Peambróg] sa Dáilcheantar. Tá an buntáiste céanna ag an gComhairleoir Claire Byrne ón gComhaontas Glas agus ag an gComhairleoir Deirdre Conroy (FF) ach níl an chuma air go mbeidh ceachtar acu sa rás seo ag an deireadh. Tá cónaí ar Ivana Bacik (LO) i bPortobello sa Dáilcheantar. Níl an buntáiste sin ag Lynn Boylan (SF) agus caillfidh sí vótaí dá bharr, vótaí a bheadh le fáil ag iarrthóir ón gceantar.  Ní haon chabhair di i bhfothoghchán go bhféadfaí a rá fúithi ag na doirse nach mbaineann sí leis an Dáilcheantar.

Nuair a sheas sí i dtoghchán den chéad uair faoi bhrat Shinn Féin i gCiarraí, d’úsáid sí an leagan Gaeilge dá hainm, Lynn Ní Bhaoighealláin. De réir na pobalbhreithe san Irish Times tá 13% den vóta aici, níos lú ná an 16% a fuair Chris Andrews do Shinn Féin san olltoghchán in 2020. Agus Ivana Bacik (LO) ar 22% sa phobalbhreith agus James Geoghegan ar 27%, is í an cheist atá le socrú ná seo: an mbeidh iarrthóir an Lucht Oibre in ann i bhfad níos mó aistriúchán a fháil óna hiarrthóirí eile (13 acu) leis an mbearna a laghdú de réir mar atá na hiarrthóirí eile á gcur amach as an rás?

Beidh cuid mhaith vótaí le haistriú ó na hiarrthóirí a bheidh ag bun an chomhairimh. Seans maith go mbeidh James Geoghegan (FG) fós chun tosaigh ar Ivana Bacik (LO) agus Lynn Boylan (SF) tar éis don bheirt iarrthóirí ar an eite chlé aistriúchán maith a fháil ar an mbealach ó Mannix Flynn (Nspl), Bridget Purcell (PsB) agus Sarah Durcan (DS), ar iarrthóirí ar an eite chlé iad. D’fhéadfadh suas le 2,000 vóta a bheith le haistriú eatarthu. Ba cheart go bhfaigheadh Boylan (SF) an mhórchuid  de na vótaí sin ach beidh riar maith ag dul go Bacik (LO).

Beidh Geoghegan (FG) ag brath ar aistriúchán láidir a fháil ó iarrthóir Fhianna Fáil, an Comhairleoir Deirdre Conroy. Má fhaigheann sí 10% den vóta beidh thart ar 3,000 vóta le haistriú. D’fhéadfadh James Geoghegan (FG) an sciar is mó acu sin a fháil ar an mbonn gur vóta ar son an rialtais a bheadh ann ach beidh sciar acu ag dul ag an gComhaontas Glas agus ag Sinn Féin chomh maith.

Rinne an Comhaontas Glas an-mhaith sa gceantar seo sna toghcháin áitiúla in 2019 nuair a fuair a chuid iarrthóirí thart ar 31% den vóta. Sa toghchán in 2020 toghadh Eamon Ryan (CG), ceannaire an Chomhaontais Ghlais, gan stró ar an gcéad chomhaireamh le 22.4% den vóta. Déanaim amach go mbeidh thart ar 3,000 vóta ag Claire Byrne (CG) le haistriú. Más fíor go bhfuil Claire Byrne ag iarraidh ar a lucht tacaíochta an dara vóta a thabhairt do Ivana Bacik (LO) roimh James Geoghegan (FG), cé go bhfuil an dá pháirtí sin i gcomhrialtas le chéile, ba chóir go n-oibreodh an t-aistriúchán sin i bhfabhar Bacik (LO).

Socrófar an toghchán nuair a scaipfear an vóta ard a bheas cruinnithe ag an tráth sin ag Lynn Boylan (SF). Ag breathnú ar anailís ar phatrún aistriúcháin na vótaí a caitheadh sa dáilcheantar seo san olltoghchán in 2020, bheinn ag súil go mbeadh Ivana Bacik (LO) ag fáil 2 vóta in aghaidh gach ceann a aistreoidh i dtreo James Geoghegan (FG). Má bhíonn 6,000+ vóta á n-aistriú ó vóta Shinn Féin sa gcomhaireamh deireanach agus má bhíonn an bhearna idir Geoghegan (FG) agus Bacik (LO) níos lú ná 2,000, déanaim amach go mbeidh an bua ag Bacik (LO) ar Geoghegan (FG), gan mórán de dhifríocht a bheith eatarthu. Ach má theipeann ar vótóirí Shinn Féin rogha a thabhairt do Bacik (LO) d’fhéadfadh gur ag Geoghegan (FG) a bheadh an lá.

Buille faoi Thuairim: Bacik (LO) nó Geoghegan (FG) agus Boylan (SF) sa tríú háit.

Fág freagra ar 'Bacik ag brath ar aistriúcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas'