Athrú poirt ag teastáil ó Rialtas na hÉireann chun infheistíocht a mhealladh

Tá seans ann nach dtiocfaidh comhlachtaí móra nua chun na hÉireann mar gheall ar an bplean nua cánach an G7

Athrú poirt ag teastáil ó Rialtas na hÉireann chun infheistíocht a mhealladh

Shocraigh an Grúpa 7 le déanaí go mba cheart go mbeadh íosráta cánach ann do chomhlachtaí ar fud an domhain as seo amach. Bheartaigh siad go mbeadh cáin chorparáide 15% (ar a laghad) le híoc ag na comhlachtaí móra ilnáisiúnta. Beidh cruinniú ag an nGrúpa 20 i mí Iúil agus déanfar iarracht tacaíocht a thabhairt don mholadh seo faoi cháin.

Má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm, beidh ar an rialtas an straitéis eacnamaíochta a athrú ó bhonn. Le tríocha bliain anuas, bhí ráta íseal cánach ann do chomhlachtaí in Éirinn. 12.5% ab ea an ráta sin, ceann de na rátaí is ísle ar domhan. Le comhlachtaí ilnáisiúnta a spreagadh chun monarchana a bhunú in Éirinn a cuireadh an ráta íseal seo i bhfeidhm. Ina theannta sin, tugadh cead do chomhlachtaí a gcuid brabúis a aistriú go tíortha eile (cosúil le Beirmiúda), áiteanna nach raibh aon cháin chorparáide á gearradh iontu.

Tá Éire ar cheann des na tearmainn chánach is mó ar domhan. Ceaptar gur seoladh $616 billiún de bhrabús corparáide go tearmainn chánach ar fud an domhain sa bhliain 2015 agus gur seoladh $106 billiún go hÉirinn an bhliain chéanna.

’Siad na comhlachtaí teicneolaíochta is mó a bhain feidhm agus tairbhe as an gcóras cánach in Éirinn. Sa bhliain 2020, mar shampla, bhí brabús $315 billiún ag Microsoft in Éirinn ach seoladh an brabús ar fad go Beirmiúda agus níor díoladh aon cháin chorparáide ar an mbrabús sin. Sa bhliain 2019, chuir Google brabús $75 billiún faoi cheilt ar an gcuma chéanna.

Abair, mar shampla, go bhfuil comhlacht lonnaithe sa Bhreatain agus go bhfuil an brabús á aistriú go hÉirinn aige. Gearrfar cáin chorparáide 12.5% ar na brabúis sin in Éirinn. Ach de réir an phlean nua seo, beidh an Bhreatain i dteideal cáin chorparáide 2.5% a ghearradh ar an mbrabús céanna, ’sé sin, an difríocht idir 15% agus an cháin a ghearrfar in Éirinn. Dá bhrí sin, gearrfar cáin chorparáide 15% ar an mbrabús, is cuma cén cleas a imríonn an comhlacht.

Mura mbíonn cáin chorparáide íseal ann, is deacair do thír bheag comhlachtaí móra ilnáisiúnta a spreagadh chun monarcha nó gnó a bhunú. Cad is féidir leis na tíortha beaga a dhéanamh mar sin? Beidh ar Éirinn agus na tíortha beaga eile feidhm a bhaint as nithe eile, seachas an ráta cánach, chun na comhlachtaí móra a mhealladh. Beidh ar rialtas na hÉireann feabhas a chur ar chúrsaí oideachais, ar chúrsaí leathanbhanda, ar chúrsaí leictreachais, ar chúrsaí timpeallachta, ar choinníollacha fostaíochta, ar chúrsaí tithíochta agus ar nithe eile nach iad le go mbeidh na cúinsí tionsclaíochta ar fheabhas ar fad sa tír.

Tá seans ann nach dtiocfaidh comhlachtaí móra nua chun na hÉireann mar gheall ar an bplean nua cánach seo. Tá gach dealramh ar an scéal, áfach, go bhfanfaidh an chuid is mó des na comhlachtaí móra atá lonnaithe anseo in Éirinn faoi láthair. Ní foláir do rialtas na hÉireann polasaithe níos tomhaiste a chruthú chun infheistíocht a mhealladh agus a chur chun cinn.  Siar san 1990idí, bhí sé éasca an ráta cánach a ísliú. Ní féidir a bheith ag brath ar an ráta íseal cánach a thuilleadh. Beidh ar Rialtas na hÉireann feabhas a chur ar na nithe eile ar fad (seachas an ráta cánach) a chabhraíonn leis na comhlachtaí móra ilnásiiúnta.

Tá na tíortha móra ar aon intinn go gcaithfidh na comhlachtaí móra breis cánach a íoc. Ní foláir do rialtas na hÉireann a chuid polasaithe a athrú agus iad a chur in oiriúint don chóras nua cánach domhanda seo.

Fág freagra ar 'Athrú poirt ag teastáil ó Rialtas na hÉireann chun infheistíocht a mhealladh'