Ardú ollmhór ar líon na gcásanna Covid-19 i gConamara ach údar dóchais i nGaeltacht Dhún na nGall

Deimhníodh beagnach 100 cás nua den Covid-19 i gConamara Theas idir 13-19 Deireadh Fómhair

Ardú ollmhór ar líon na gcásanna Covid-19 i gConamara ach údar dóchais i nGaeltacht Dhún na nGall

Tá ardú ollmhór tagtha ar líon na gcásanna den Covid-19 i gConamara le seachtain anuas, de réir figiúirí nua.

Ba é toghcheantar Chonamara Theas an dara toghcheantar ba mheasa a bhí buailte ag an ngalar le cúpla seachtain anuas agus beagnach 100 cás nua den choróinvíreas aimsithe ann in achar seachtaine.

24 cás den Covid-19 a bhí i gConamara Theas idir an 29 Meán Fómhair agus an 12 Deireadh Fómhair ach, de réir na staitisticí is deireanaí, fuarthas 115 cás sa cheantar idir 6-19 Deireadh Fómhair.

Fágann sin gur deimhníodh 91 cás nua den ghalar sa cheantar sna seacht lá idir an 13-19 Deireadh Fómhair.

Tuairiscíodh go raibh ráig den ghalar i gceantar Mhaigh Cuilinn i gConamara Theas an mhí seo agus fágadh nach raibh scata imreoirí ón gcumann peile áitiúil in ann imirt d’fhoirne na Gaillimhe toisc go raibh gartheagmháil acu le daoine a raibh tástáil dheimhneach faighte acu don Covid-19.

Tá ráta coicíse an ghalair i gConamara Theas anois ag 539 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar. Ráta 28 a bhí ann sa cheantar ag tús na míosa.

Tá ardú tagtha ar líon na gcásanna i gConamara Thuaidh le deireanaí chomh maith. Deimhníodh 22 cás nua den Covid-19 ann idir 6-19 Deireadh Fómhair rud a fhágann go bhfuil an ráta coicíse imithe ó 47 go dtí 128.

Tá an tríú ráta is airde sa tír i gcathair na Gaillimhe Láir. Ráta 981 atá ann anois agus 262 cás nua den Covid-19 aimsithe ann idir 6-19 Deireadh Fómhair.

I nDún na nGall, d’fhéadfadh go bhfuil tionchar na srianta Leibhéal 4 le feiceáil agus ráta coicíse an ghalair tite i gcúig cinn de sheacht dtoghcheantar an chontae.

Cuireadh srianta Leibhéal 4 i bhfeidhm i nDún na nGall ar an 15 Deireadh Fómhair agus tá titim bheag i líon na gcásanna le feiceáil sna figiúirí is deireanaí.

Tá an titim is mó le feiceáil i dtoghcheantar Leifir-Shrath an Urláir, áit ar thit an ráta coicíse níos mó ná céad in aon seachtain amháin.

Idir an 29 Meán Fómhair agus an 12 Deireadh Fómhair, ráta 610 gcás in aghaidh gach 100,000 sa cheantar a bhí i Leifear-Srath an Urláir ach thit an ráta go dtí 510 cás idir 6-19 Deireadh Fómhair agus na srianta Leibhéal 4 i bhfeidhm do chuid den tréimhse sin.

Ó thaobh na gceantar Gaeltachta, bhí titim le feiceáil sna Gleannta agus i mBaile na nGallóglach.

I dtoghcheantar na nGleanntach in iarthuaisceart Dhún na nGall, deimhníodh 37 cás nua idir 6-19 Deireadh Fómhair ach thit an ráta coicíse ó 163 go dtí 155 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar.

16 cás a deimhníodh i mBaile na nGallóglach le linn na tréimhse sin agus thit an ráta coicíse ann ó 145 go dtí 116.

Bhí titim le feiceáil i dtoghcheantair Leitir Ceanainn agus Charn Domhnach chomh maith ach is ardú a bhí i gceist i dtoghcheantair Bhaile Dhún na nGall agus Bhun Cranncha.

Deimhníodh 85 cás nua sa cheantar thart timpeall ar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae agus d’ardaigh an ráta coicíse ó 294 idir an 29 Meán Fómhair agus an 12 Deireadh Fómhair go dtí 321 idir 6-19 Deireadh Fómhair.

Toghcheantar Ráta Coicíse
29/09-12/10
Ráta Coicíse
06/10-19/10
Leifear-Srath an Urláir 610 510
Bun Cranncha 487 505
Carn Domhnach 442 336
Dún na nGall 294 321
Leitir Ceanainn 289 275
Na Gleannta 163 155
Baile na nGallóglach 145 116

Níor tháinig ardú ar bith ar líon na gcásanna ná ar ráta coicíse an Covid-19 i gCorca Dhuibhne. Deich gcás a deimhníodh sa cheantar idir 6-19 Deireadh Fómhair agus ráta 70.5 cás a bhí ann le linn na tréimhse sin.

Ó dheas i dtoghcheantar an Neidín, áit a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh lonnaithe, tá an ráta coicíse tite ó 192 go dtí 164.

41 cás ar fad a aimsíodh sa toghcheantar idir 6-19 Deireadh Fómhair.

Tá beagnach dúbailt tagtha ar an ráta coicíse i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 73 cás nua a deimhníodh ann le linn na tréimhse sin agus an ráta imithe ó 103 go dtí 198.

Ardú a bhí ann sa cheantar thart timpeall ar Ghaeltacht na nDéise chomh maith agus an ráta i dtoghcheantar Dhún Gharbhán imithe ó 107 go dtí 152.

I nGaeltacht Mhaigh Eo, tháinig ardú mór ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead. Ráta coicíse 135 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí ann idir an 29 Meán Fómhair agus an 12 Deireadh Fómhair agus aimsíodh 41 cás nua idir 6-19 Deireadh Fómhair agus ráta 325 atá ann anois.

Ardú ollmhór a bhí i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh. Ráta 38 a bhí i gceist ann ach tá sé sin anois ardaithe go dtí 229 agus 42 cás nua deimhnithe ann idir 6-19 Deireadh Fómhair.

I gcontae na Mí, ráta 349 atá i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Ráta 374 atá i dtoghcheantar Cheannanais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib.

Ní féidir a rá go cinnte gurb iad na srianta breise ba chúis leis an laghdú i nDún na nGall mar is malairt scéil atá i gcontaetha an Chabháin agus Mhuineacháin, an dá chontae eile inar cuireadh srianta Leibhéal 4 i bhfeidhm iontu ar an 15 Deireadh Fómhair.

Tá an ráta coicíse is airde sa tír fós i mBaile Shéamais Dhuibh, toghcheantar i gcontae an Chabháin. D’ardaigh an ráta ann ó 651 idir an 29 Meán Fómhair agus an 12 Deireadh Fómhair go dtí 1,488 idir 6-19 Deireadh Fómhair.

Tá an ráta coicíse os cionn 300 anois i ngach toghcheantar i gcontaetha an Chabháin agus Mhuineacháin.

Fág freagra ar 'Ardú ollmhór ar líon na gcásanna Covid-19 i gConamara ach údar dóchais i nGaeltacht Dhún na nGall'