Ardú ar líon na bpointí CAO a theastaíonn do 85% de chúrsaí Gaeilge

Tá ardú ar na pointí CAO theastaíonn do gach cúrsa ‘Gaeilge’ ag an tríú leibhéal i mbliana seachas ceann amháin

Ardú ar líon na bpointí CAO a theastaíonn do 85% de chúrsaí Gaeilge

Tá ardú ar líon na bpointí CAO i gcás fhormhór mór na gcúrsaí Gaeilge i mbliana.

Tá ardú ann i gcás os cionn 85% de na cúrsaí Gaeilge leibhéal 8 sa chéad bhabhta tairiscintí ón Lár-Ionad Iontrála.

14 cúrsa ‘Gaeilge’ ar fad atá ar liosta na gcúrsaí CAO i mbliana, sé chúrsa a ndéantar iad a theagasc trí Ghaeilge agus ocht gcúrsa a bhfuil an Ghaeilge mar chuid díobh.

As na cúrsaí ‘Gaeilge’, is i gcás ‘Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ‘Dlí agus Gaeilge’ i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh is mó a tháinig ardú ar líon na bpointí a theastaíonn lena n-aghaidh. 79 pointe breise a theastaíonn sa chéad bhabhta tairiscintí do ‘Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 409 pointe i mbliana i gcomparáid le 330 pointe anuraidh.

78 pointe breise atá luaite leis an gcúrsa Dlí le Gaeilge i gCorcaigh, 540 i mbliana i gcomparáid le 462 anuraidh.

Tá ardú ar líon na bpointí a theastaíonn do na cúrsaí oiliúna múinteoireachta ar fad ach bhí ardú mór chomh maith le feiceáil ar an chúrsa bunmhúinteoireachta trí mheán na Gaeilge in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath.

528 pointe atá luaite leis an chúrsa sin i mbliana i gcomparáid le 491 anuraidh. Cuireadh tús leis an chúrsa ‘Oideachas trí Mheán na Gaeilge’  in Institiúid Marino i mBaile Átha Cliath anuraidh agus é mar aidhm aige cur le líon na múinteoirí atá cáilithe don tumoideachas Gaeilge a chur i bhfeidhm.

Tá ardú os cionn 50 pointe ar líon na bpointí a theastaíonn don chúrsa Luath- agus Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, ar ardaigh líon na bpointí ina leith ó 347 go dtí 398, agus don chúrsa ‘Cumarsáid agus Gaeilge’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 361 pointe a theastaíonn don chúrsa cumarsáide seanbhunaithe sa Ghaillimh i gcomparáid le 308 pointe anuraidh.

Tá an cúrsa ‘Gaeilge, Iriseoireacht agus na Meáin Dhigiteacha’, nár ghlac le mic léinn nua anuraidh, á reáchtáil ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath arís i mbliana agus 430 pointe luaite leis an chúrsa sin.

Ardú ó 410 go dtí 419 pointe atá gceist don chúrsa iar-bhunmhúinteoireachta ‘Gaeilge le Fraincis, Gearmáinis/Spáinnis’ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ardú dhá phointe, ó 357 go dtí 359, a tháinig ar líon na bpointí a theastaíonn don chúrsa ‘Gaeilge agus Gnó’ san ollscoil chéanna.

Ní raibh laghdú ar líon na bpointí CAO i  gceist ach i gcás cúrsa ‘Gaeilge’ amháin, ‘Tráchtáil (Idirnáisiúnta) le Gaeilge’ in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, a thit ó 509 pointe in 2019 go dtí 484 i mbliana.

Ní raibh aon athrú i mbliana ar an gcúrsa‘Tráchtáil le Gaeilge’ in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, a bhfuil 473 pointe luaite leis sa chéad bhabhta tairiscintí, an líon céanna le 2019.

463 pointe atá luaite leis an chúrsa nua ‘Oideachas-Gaeilge’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

I gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach tháinig ardú, ó 377 pointe go dtí 409, ar líon na bpointí a theastaíonn do ‘Oideachas, Gaeilge agus Staidéar ar Reiligiún’. Ardú ó 433 go dtí 444 atá i gceist do ‘Oideachas, Gaeilge agus Matamaitic’ sa choláiste céanna.

Tá ardú deich bpointe tagtha ar líon na bpointí a theastaíonn don Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge i gColáiste Naomh Aingeal i Sligeach ó 430 pointe in 2019 go dtí 2020 in 2020.

Tá ardú chomh maith i mbliana ar líon na bpointí a theastaíonn do na háiteanna a chuirtear ar leataobh ar na cúrsaí oiliúna múinteoireachta d’iarrthóirí Gaeltachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gColáiste Mhuire Gan Smál agus in Institiúid Oideachais Marino.

Fág freagra ar 'Ardú ar líon na bpointí CAO a theastaíonn do 85% de chúrsaí Gaeilge'