‘Ar mhiste libh brístí nua a cheannach do bhur máthair?’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: tá ardú meáchain mór ar mháthair ár gcolúnaí ó bhog sí isteach in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu

‘Ar mhiste libh brístí nua a cheannach do bhur máthair?’

An lá cheana, fuair mo dheartháir óg teachtaireacht ríomhphoist ón ionad cúraim do dhaoine a bhfuil Alzheimer orthu mar a bhfuil cónaí ar ár máthair.

An bhféadfadh sé cúpla bríste nua a cheannach di a luaithe agus ab fhéidir? Ní raibh na cúramóirí in ann na cnaipí a dhúnadh a thuilleadh ar na cinn a bhí aici.

Fan soicind, a dúirt mé nuair a chuala mé an scéal seo. Níl leathbhliain féin ann ó chuaigh mé féin agus mo mháthair go dtí an baile mór chun brístí nua a cheannach di; bhí sí díreach tar éis bogadh isteach go dtí an t-ionad cúraim an t-am sin. Ní fhéadfadh sé go raibh na cinn sin – a bhí tomhas amháin níos mó ná na cinn a bhí aici roimhe sin – róbheag di cheana féin?

Le bliain anuas, tá mo mháthair ag cur suas meáchain. Bhí tréimhse ann, ní rófhada ó shin, nuair nach raibh sí ach 54kg. Bhí an dochtúir buartha fúithi: bhí sí ag uasteorainn an mhíchothaithe.

Cuireann galar Alzheimer isteach ar na comharthaí a thugann an bolg don inchinn. Uaireanta, déanann an t-othar dearmad é féin a bheathú toisc nach mothaíonn sé go bhfuil ocras air. Mar sin a bhí mo mháthair ar dtús. Ach ag pointe éigin – bhí sí fós ina cónaí ina teach féin – chuaigh sí an bealach eile agus thosaigh sí ag ithe an t-am ar fad: níor mhothaigh sí a thuilleadh go raibh a bolg lán.

B’in ceann de na fáthanna go raibh uirthi bogadh isteach in ionad cúraim i bhfómhar na bliana seo caite agus shíl mé go ndéanfadh an fhoireann póilíneacht ar a meáchan, ach tá sí 73kg anois – an meáchan is airde a bhí uirthi riamh ina saol. Fós féin, níl sí an-ramhar nó murtallach, agus deir an dochtúir gurbh fhearr léi go mbeadh orainn brístí nua a cheannach di ó am go chéile ná go mbeadh sí ag uasteorainn an mhíchothaithe.

Ach tá dreach a haghaidhe ag athrú de bharr na raimhre. Cé nár bhean a bhí i mo mháthair riamh a bhíodh buartha faoi chúrsaí meáchain (go deimhin níor ghá di a bheith sular bhuail galar Alzheimer í) tá a fhios agam nach ligfeadh sí di féin titim i bhfeoil dá mbeadh a hinchinn fós ag obair i gceart; ach oiread liom féin ní oireann saill dá pearsantacht.

Níl an bia san ionad cúraim thar mholadh beirte ó thaobh na geire ná an tsiúcra de agus is cosúil nach mbíonn cead ag an bhfoireann diúltú an dara dáileog a thabhairt do na hothair (ná bí á tairiscint mar sin a déarfainnse ach is cosúil go bhfuil sé sin róchasta.) Ach is maith a thuigim go bhfuil an dara cúis leis an ardú meáchain atá ar mo mháthair: easpa cleachtadh coirp. Sin é a dhéanfaidh mé an chéad uair eile a bheidh mé sa bhaile: dul ar shiúlóid fhada léi gach lá, go dtí an siopa éadaí más gá.

Fág freagra ar '‘Ar mhiste libh brístí nua a cheannach do bhur máthair?’'