Ar chuala tú trácht riamh ar chalraí na Nollag?

Níl aon chall duit calraí breise na Nollag sin a chomhaireamh i dtreo do dhála lae is ní chuirfidh tú suas aon mheáchan ach an oiread

Ar chuala tú trácht riamh ar chalraí na Nollag?

Ar chuala tú trácht riamh ar chalraí na Nollag? Sin iad na calraí atá sa mbia sa mbreis a itheann tú thart ar thréimhse na Nollag. Abair dá mbeifeá ag réiteach pláta brioscaí le leagan amach ar an mbord don tae is dá n-íosfá ceann nó péire ag an gcuntar sula ngabhfá isteach ag an mbord, bhuel is calraí na Nollag iad na calraí sna brioscaí sin.

Is dóigh go bhfuil a fhios agat nach gcomhaireann na calraí sin?

Tabharfaidh mé sampla eile duit. Abair dá mbeifeá ag réiteach dinnéar speisialta i rith na Nollag, agus b’fhéidir go mbeadh tú ag blaiseadh anseo is ag ól bolgaimín ansiúd fad is a bheadh an dinnéar á réiteach agat, sin iad calraí na Nollag. Níl aon chall duit na calraí breise sin a chomhaireamh i dtreo do dhála lae is ní chuirfidh tú suas aon mheáchan ach an oiread.

Is ceann de mhíorúiltí na Nollag atá ann, is dóigh. B’fhéidir gurb é Daidí na Nollag a scaipeann drithlíní draíochta ar an gcistin nuair a fhágann sé na bronntanais faoin gcrann oíche Nollag is go leánn na calraí breise mar a leánn an sioc maidin ghréine.

Nó b’fhéidir go dtugann an Eilf ar an tSeilf na calraí Nollag leis ina phóca agus é ag filleadh ar an Mol Thuaidh le caitheamh ag na réinfhianna. Cibé cúis atá leis, cúis nach dtuigim baileach, is cuma céard a íosfaidh tú i rith na Nollag ní mhéadóidh sé do thóin ná do bhásta.

Ba cheart dom soiléiriú beag a dhéanamh ar mo theoiric i gcomhthéacs fhianaise nua ar tháinig mé uirthi trí thimpiste le deireanas agus mé i mbun diantástála eolaíochta.

Ní raibh torthaí mo chuid tástála ag teacht leis an hipitéis a bhí leagtha amach agam. Go deimhin, baineadh geit mhór asam an lá cheana nuair a d’airigh mé go raibh básta mo chuid jíons fáiscthe ruainne nuair a thriáil mé iad a chur orm ar maidin. Anois, b’fhéidir gurb é an fáth atá leis ná nach raibh mé ag cloí go docht leis an tréimhse draíochta sin idir dhá Nollaig.

B’fhéidir nár cheart dom a bheith tosaithe ar na Fox’s Classic Collection ar an gcéad lá de mhí na Nollag. Is do na cuairteoirí a bhí siad agam dháiríre, ach rinne mé dearmad go bhfuil muid ag maireachtáil ar leathchoraintín is nach mbeidh aon chuairteoirí againn.

Meas tú an é nach n-oibríonn an draíocht speisialta Nollagúil ar na calraí breise ach amháin idir dhá Nollaig? Chaithfinn stop a chur leis an triail.

Séard a rith liom, mura n-oibríonn calraí na Nollag an gciallaíonn sé sin nach n-oibríonn Covid na Nollag? An bhfuil Covid na Nollag difriúil ón gCovid sa gcuid eile den bhliain? An bhféadfadh draíocht na Nollag oibriú ar sheadán micreascópach nach bhfuil in ann síolrú ná rathú taobh amuigh de chorp óstach?

Tá barúil agam, ach an oiread leis na brioscaí, go n-oibríonn an Covid a chasfaí ort faoi Nollaig an chaoi chéanna leis an víreas a chasfaí ort an chuid eile den bhliain. Is dóigh gur fearr é a thógáil go réidh ar na brioscaí agus ar an gcuartaíocht go fóilleach, bíonn blas ar an mbeagán.

Fág freagra ar 'Ar chuala tú trácht riamh ar chalraí na Nollag?'