Ar ais nó ar éigean bhí fúm an poll sin i dtóin Winnie the Pooh a dheisiú…

Tá ár gcolúnaí cinnte dearfa nach bhfuil sí in ann fuáil ach ní gá gur bac é sin ar obair fhuála a dhéanamh

Ar ais nó ar éigean bhí fúm an poll sin i dtóin Winnie the Pooh a dheisiú…

Nuair a d’iarr Beainín na Naíonáin Bheaga orm caoi a chur ar pholl ar a teidí Winnie-the-Pooh, dúirt mé go ndéanfainn é. ‘An mbeidh tú in ann é a fhuáil, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom.

‘Ó beidh! Cinnte dearfa,’ a d’fhreagair mé, cé nár thuig mé riamh cén chaoi le greamanna a fhuáil istigh in éadach sa gcaoi is nach mbeidís le feiceáil ón taobh amuigh.

‘Fág ansin ar an tseilf é,’ a d’ordaigh mé di agus mé ag iarraidh cuma na mná fuála a chur orm féin, ‘déanfaidh mé ar ball é.’

Trí lá ina dhiaidh sin agus diabhal cor as Winnie the Pooh. Poll beag a bhí ann ar aon chaoi, agus nach fearr i bhfad an cion a bheadh agat ar theidí atá beagáinín gioblach, cuimilte, ná mar a bheadh ar cheann a mbeadh cuma nua, ardnósach, fiú, air?

Chonaic mé í ag siúl anonn go dtí an tseilf, áit a raibh an teidí bocht leagtha agus a bhundún in airde, an stuáil ag gobadh amach tríd an bpoll.

‘Níor réitigh tú fós é, Mamaí?’ a dúirt sí agus díomá uirthi. ‘An bhfuil tú in ann fuáil dáiríre Mamaí?’

Tá mé cinnte dearfa nach bhfuil mé in ann fuáil, ach ní raibh aon bhaol go dtabharfainn freagra ionraic di.

Ní hé nach mbeinn in ann snáth a chur i snáthaid agus dhá phíosa éadaigh a fhuáil le chéile, dá dtiocfadh orm.

Dá dtarlódh go mbeinn ar bhád seoil ar an Mhuir Chairib, cuir i gcás, is go dtiocfadh stoirm mhór is go mbeinn tréigthe ar oileán díthreibhe, d’fhéadfainn snáthaid de chineál éicint a dhéanamh, as cipín seans, nó fiacail siorca, agus seoltán a fhuáil le chéile, as duilleogaí móra, abair. Dá dtiocfadh orm, agus mé ar oileán tréigthe atá mé a rá.

Ach, níl aon bhaol agus mé suite go deas dom féin sa bhaile, go mbeidh mé ag déanamh cuirtíní, casóg, nó cuilt phíosála. Níl sé d’fhoighid ná de stuaim ionam tabhairt faoina leithéid.

Ní hé nár déanadh iarrachtaí scileanna fuála a mhúineadh dom i rith mo shaoil. Chaith mé trí bliana ag staidéar Tís sa mheánscoil agus bhí an fhuáil mar chuid den chúrsa sin.

Chomh fada le mo chuimhne, bhí an chéad bhliain den churaclam dírithe go hiomlán ar an spóilín ar mheaisín fuála, céard é agus cén chaoi le snáth a chur ann. (Nod: tá sé an-chasta; nod eile: tá sé níos casta arís más ciotóg thú; nod eile fós: caillfidh an múinteoir foighid leat ar deireadh agus déanfaidh sí féin é.)

Níorbh aon chúnamh an spóilín fadó, leis an dúshlán a bhí amach os mo chomhair anois. Ar ais nó ar éigean bhí fúm an poll sin i dtóin Winnie the Pooh a dheisiú.


Uair amháin eile isteach sa mbearna bhaoil, gan agam ach mo shnáthaid, snáth bán, agus físeán YouTube.

Fág freagra ar 'Ar ais nó ar éigean bhí fúm an poll sin i dtóin Winnie the Pooh a dheisiú…'