Anois nó riamh do Pat Lam agus na Connachtaigh

Seans gur fada an lá go nglanfar Comórtas na gCuradh an tséasúir seo as cuimhne chúigí na hÉireann. Sin chuile chúige seachas na Connachtaigh, dar ndóigh

Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/Ryan Byrne
Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. INPHO/Ryan Byrne

Tháinig deireadh le hiarrachtaí chúigí na hÉireann i gComórtas na gCuradh an deireadh seachtaine seo caite. Ní bheidh aon fhoireann ón tír seo ag imirt i mbabhtaí ceathrú ceannais rugbaí na hEorpa. Ní hamháin sin ach don chéad uair ariamh freisin, chríochnaigh na Laighnigh ar íochtar an ghrúpa cáilithe ina raibh siad ag imirt. Níor éirigh leo ach cluiche amháin as na sé cinn a bhuachtáil. Cúis náire d’fhir Leo Cullen go cinnte! Ach ní mórán níos fearr a bhí iarrachtaí na Mumhan. Níor éirigh leo siúd ach trí cinn den sé chluiche cáilithe a bhuachtáil.

Cé go raibh splanc dóchais cáilithe ag na hUltaigh tar éis dóibh an séú cluiche de na réamhbhabhtaí a imirt ar an Satharn seo caite, ní fúthu féin a bhí sé, agus chuir bua Stade Francais ar Leicester Dé Domhnaigh seo caite deireadh lena mbrionglóid. Mar a dúirt mé roimhe seo, seans gur fada an lá go nglanfar Comórtas na gCuradh an tséasúir seo as cuimhne chúigí na hÉireann. Sin chuile chúige seachas na Connachtaigh, dar ndóigh. Tá an fhoireann fós i gComórtas an Dúshláin, áit sna cluichí ceathrú ceannais agus cluiche as baile i gcoinne Grenoble na Fraince ag tús mhí Aibreáin cinntithe acu.

Idir an dá linn, beidh siadsan agus an trí chúige eile ag díriú ar an bPro 12, comórtas a fhilleann arís an deireadh seachtaine seo. Beidh na Laighnigh, foireann atá sa dara háit ar thábla an chomórtais, sa mBreatain Bheag ar an Aoine le tabhairt faoi na Dragons, foireann atá san 11ú áit. Fiú le buntáiste an bhaile is deacair bua sa gcluiche seo a thuar do na Breathnaigh go háirithe agus fir Átha Cliath ar a míle dícheall ag iarraidh rudaí a chur ina gceart lena lucht leanta tar éis an taispeántais náirigh a thug siad uathu i gcoinne Wasps an Satharn seo caite.

Beidh na Muimhnigh (5ú háit ar an tábla) as baile freisin, iadsan ag filleadh ar an Iodáil don dara deireadh seachtaine as a chéile. Is i gcoinne Zebre (10ú háit) atá siad an Satharn seo. Bheadh dul amú ort airgead a chur ar fhoireann na hIodáile, mar ach an oiread leis na Laighnigh, beidh na Muimhnigh freisin ag iarraidh meas an lucht leanta a thuilleamh arís.

Beidh na hUltaigh (6ú háit) san Iodáil freisin an Satharn seo, iad i gcoinne Treviso, foireann atá fós ar thóir an chéad bhua i gcomórtas na bliana seo. Ní dóigh go mbeidh aon athrú ar chúrsaí an Satharn seo, fiú gan fáil ag Les Kiss ar a chuid imreoirí idirnáisiúnta, imreoirí atá ag freastal ar champa Joe Schmidt.

Scéal eile ar fad a bheas thiar an an mBóthar Beag ar an Satharn, nuair a bheas fir an Iarthair (3ú háit) ag tabhairt faoi fhoireann bharr an tábla, Scarlets na Breataine Bige. Cé nach mbeidh fáil ag ceachtar den dá fhoireann ar a gcuid imreoirí idirnáisiúnta, is cinnte go mbeidh sárchoimhlint ann. Fios maith ag Pat Lam go bhfuil géarghá ag na Connachtaigh filleadh ar an nós a bhí acu go dtí le déanaí cluichí mar seo a bhuachtáil, go háirithe agus iad ag imirt sa mbaile. Má theipeann orthu sa gcluiche seo, seans nach mbeidh slí ann dóibh i measc na sé fhoireann a bheas ar bharr an Pro 12 ag deireadh na réamhbhabhtaí.

Fág freagra ar 'Anois nó riamh do Pat Lam agus na Connachtaigh'