Anna Ní Chartúir le toghadh ina huachtarán ar Ghaeloideachas

Is í Anna Ní Chartúir, atá ag múineadh i Scoil Sailearna in Indreabhán, an chéad duine ó scoil Ghaeltachta a toghadh ina huachtarán ar an eagraíocht

Anna Ní Chartúir le toghadh ina huachtarán ar Ghaeloideachas

Tá Anna Ní Chartúir, múinteoir Gaeltachta agus iar-phríomhoide Scoil Náisiúnta Leitir Mucú i nGaeltacht Chonamara, le toghadh ina huachtarán ar an gceanneagraíocht Gaeloideachas tráthnóna.

Toghfar Ní Chartúir, an chéad duine ó scoil Ghaeltachta le bheith ina uachtarán ar an eagraíocht, inniu ag Tionól Forbartha Gaeloideachas i gcontae na Mí. Bhí sí ag feidhmiú mar uachtarán feidhmeach ar an eagraíocht le tamall anuas, ó d’éirigh an t-iar-uachtarán Yvonne Ní Mhurchú as. Bhí sí ina cathaoirleach ar an eagraíocht COGG agus ar an gcoiste teanga sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Bhí sí ar an toscaireacht a chuaigh os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais ag tús na bliana seo agus tá spéis faoi leith aici sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta a seoladh an bhliain seo caite.

Dúirt sí an uair sin gur gá ceannasaíocht láidir a bheith san Aonad Gaeltachta a bunaíodh sa Roinn Oideachais agus go gcaithfí tuiscint ar leith a bheith ag foireann an aonaid ar an oideachas Gaeltachta agus ar scoileanna Gaeltachta.

Dúirt sí nach leor a bhfuil sa pholasaí oideachais maidir le soláthar siollabais ar leith don chainteoir dúchais san iarbhunscoil.  Ní leor, dar léi, tagairt don chúrsa nua don Teastas Sóisearach gan geallúint shoiléir a thabhairt faoi chéard a thiocfadh ina dhiaidh don Ardteist.

Ag labhairt di ag Tionól Forbartha Gaeloideachas inniu, dúirt Ní Chartúir go bhfuil géarchéim mhór ann maidir le soláthar múinteoirí agus nár chóir go ndúnfaí aon scoil Ghaeltachta a fhad is atá an Polasaí á chur i bhfeidhm.

Is as Cinn Mhara i gCamas, i gcroílár Ghaeltacht Chonamara í, agus tá sí anois ag cur fúithi in Indreabhán i gCois Fharraige. Tá sí pósta leis an údar agus foilsitheoir Darach Ó Scolaí.

Fág freagra ar 'Anna Ní Chartúir le toghadh ina huachtarán ar Ghaeloideachas'