An tríú cuireadh tugtha do Chambers cás na Gaeilge sa chóras Eircode a phlé

Tá díomá ar bhaill Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go ndearnadh neamhaird dá dtuarascáil i dtaobh Eircode

An tríú cuireadh tugtha do Chambers cás na Gaeilge sa chóras Eircode a phlé

Tá cuireadh tugtha den tríú huair don Aire Stáit Jack Chambers teacht os comhair choiste oireachtais na Gaeilge chun faillí an chórais Eircode i leith na Gaeilge a phlé.

Tá díomá ar bhaill Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go ndearnadh neamhaird dá dtuarascáil i dtaobh Eircode agus imní orthu go leanfar leis an sárú reachtaíochta atá á dhéanamh maidir le logainmneacha Gaeilge ar feadh trí bliana eile, ar a laghad.

Tá comhchoiste na Gaeilge ag iarraidh labhairt leis an Aire sula gcuireann sé síneadh ama trí bliana leis an gconradh i leith na seirbhíse poiblí Eircode.

Deir baill an choiste nár chóir don Aire aon síneadh ama a chur leis an gconradh gan labhairt leo faoi chás na Gaeilge.

“Mar sin, tá súil againn go mbeidh an tAire toilteanach teacht os ár gcomhair roimh an Nollaig agus na fadhbanna agus na heaspaí seo a phlé linn roimh ré,” arsa Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt sé go raibh “an-díomá” ar bhaill an choiste nach bhfuair siad aon fhreagra ón Aire Stáit ar a gcuireadh teacht chun cainte leo.

“Mar sin, táimid tar éis an tríú cuireadh, dar dáta 7 Nollaig 2023, a sheoladh chuige, agus táimid tar éis a chur in iúl dó go bhfuilimid sásta, toilteanach agus in ann bualadh leis aon lá agus aon am den lá idir seo agus an Nollaig chun ár dtuarascáil a phlé leis.

“Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tseirbhís phoiblí Eircode, agus mar atá léirithe go soiléir againn inár dtuarascáil, tá fadhbanna agus easpaí ann sa tseirbhís phoiblí mar atá sí á soláthar faoi láthair.

“Níl sí á feidhmiú go dátheangach, agus is é tuairim an Chomhchoiste go dtagann a húsáid de leaganacha Béarla de logainmneacha i gceantair Ghaeltachta salach ar fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003–2021.”

Ó seoladh an córas Eircode in 2015 tá fadhb ann maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta. Chuir an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoin sárú dlí sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais in 2021, ach níl aon réiteach faighte ar an scéal ó shin.

D’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tuarascáil i mí Dheireadh Fómhair faoi na fadhbanna a bhíonn ag an gcóras Eircode le logainmneacha Gaeltachta agus faoin úsáid a bhaintear go minic as leaganacha Béarla, rud atá in aghaidh an dlí.

Iarradh ar an Rialtas sa tuarascáil gan síneadh a chur leis an gconradh atá aige le comhlacht príobháideach leis an tseirbhís Eircode a fheidhmiú, go dtí go dtabharfaí geallúintí go gcuirfí stop leis an sárú reachtaíochta. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, áfach, go bhfuil sé i gceist síneadh trí bliana a chur leis an gconradh le Capita Business Support Services Ireland.

Bhí deireadh le teacht leis an gconradh deich mbliana idir an Roinn agus Capita ag deireadh na bliana seo.

Fág freagra ar 'An tríú cuireadh tugtha do Chambers cás na Gaeilge sa chóras Eircode a phlé'