AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Daingean de chuid na nAontachtaithe é Aontroim i gcónaí

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc.ie sciurd thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, is iad toghcheantair Aontroma atá faoi chaibidil...

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Daingean de chuid na nAontachtaithe é Aontroim i gcónaí

Daingean aontachtach ab ea Contae Aontroma ariamh agus cé gur buaileadh buille trom ar an DUP sna trí thoghcheantair ansin in 2017 nuair a laghdaíodh líon na dTeachtaí Tionóil ó 108 go 90, bhí 11 de na 15 suíocháin ag páirtithe aontachtacha.

Aontroim Thuaidh

Bhí trí shuíochán Tionóil ag an DUP anseo i ndaingean Ian Paisley ó 1998 go dtí 2017. Bhí beagnach 41% – dhá chuóta go leith – acu sa chomórtas sin ach chaill siad an tríú ionadaí tráth a laghdaíodh líon na dTeachtaí ó sheisear go cúigear. Toghadh Paul Frew agus Mervyn Storey an uair sin. Is anseo freisin atá suíochán ag ceannaire an TUV, Jim Allister agus is é Robin Swann an UUP, a thuill moladh mar Aire Sláinte in Stormont le dhá bhliain, an t-aontachtaí eile. Tá an suíochán eile ag Philip McGuigan, Sinn Féin, a bhí ar cheann an chomhairimh in 2017 le beagnach 16%.

Tá a suíocháin á gcosaint ag an gcúigear. 11 iarrthóir ar fad atá sa rás agus níl ach beirt bhan ina measc. Díol suntais é nach bhfuil ach an bheirt iarrthóirí ag an DUP an uair seo, admháil gurb é cosaint a gcoda an gad is giorra don scornach. Tá comhiarrthóir, Matthew Armstrong, ag Jim Allister ar theip air go dtí seo aon bhall eile den TUV a thabhairt leis go Stormont. Tá an dara hiarrthóir ag an UUP freisin, Bethany Ferris ag seasamh in éineacht le Robin Swann.

Cuirfear suim mhór san iomaíocht idir-aontachtach. Tá an DUP á ionsaí ag an TUV mar gheall ar an bprótacal iarBhreatimeachta agus ag an UUP faoin a gcinneadh tarraingt siar as Feidhmeannas Stormont mar gheall ar an bprótacal le linn géarchéim sláinte agus bochtanais. Beidh Alliance ag iarraidh cor eile a chur sa scéal agus an páirtí ag maíomh go bhfuil gaoth ina seolta.

Fuair a n-iarrthóir Patricia O’Lynn 14% de na vótaí i dtoghchán Westminster in 2019. Dá mbeadh sí gar don méid sin an uair seo bheadh tábhacht le haistrithe Eugene Reid, SDLP, Paul Veronica, an Comhaontas Glas agus Laird Shingleton, neamhspleách. Chaithfeadh titim mhór a bheith ar sciar Philip McGuigan, Sinn Féin, nó vótaí ceann de na trí páirtithe aontachtacha chun go dtarlódh an t-athrú sin.

Aontroim Thoir

Chaill an DUP an tríú suíochán anseo in 2017 agus chaill Sinn Féin an t-aon suíochán a bhí acu freisin. Cor sa scéal nach raibh aon choinne leis ab ea é gur ghnóthaigh an UUP an dara suíochán. Toghadh David Hilditch agus Gordon Lyons an DUP, Roy Beggs agus John Stewart an UUP agus Stewart Dickson ó Alliance.

Tá an cúigear sin i measc an deichniúir atá san iomaíocht an geábh seo, mar atá Oliver McMullan ó Shinn Fein a chaill a shuíochán cúig bliana ó shin. Chomh maith le McMullan, tá an TUV agus Alliance ag iarraidh cor nua a chur sa scéal in Aontroim Thoir. Tá an TUV sa tóir ar shuíochán amháin agus Alliance ag iarraidh dhá shuíochán a fháil.

Is é Danny Donnelly an dara hiarrthóir ag Alliance. Fuair sé 27% den vóta sa cheantar in olltoghchán Westminster in 2019, dhá oiread vótaí leis an UUP. Tá Alliance ag maíomh gur mhéadaigh a dtacaíocht ó shin; údar imní do dhuine de bheirt an UUP.

Maítear go gcaithfidh an TUV an beart a dhéanamh sa toghcheantar seo má tá siad chun éinne seachas Jim Allister a bheith acu in Stormont. Tá Latharna, an calafort is mó ar díríodh aird uirthi le linn na conspóide faoin bprótacal, sa toghcheantar seo. Bhí 4.1% ag iarrthóir an TUV in 2017 (an sciar céanna leis an SDLP) ach tá súil ag Allister go bhfuil dóthain tacaíochta meallta ag a fheachtas in aghaidh an phrótacail le go ndéanfaidh a n-iarrthóir gaisce. Is é Norman Boyd, a toghadh ina Theachta Tionóil in 1998 do UKIP agus a d’fhág Stormont in 2003, atá mar iarrthóir ag an TUV an iarraidh seo.

Is í Siobhán McAlister, SDLP, an t-aon bhean sa rás. Áirítear nach bhfuil seans aici ach beifear ag faire ar an tionchar a bheidh ag a cuid vótaí aistrithe agus ag cinn Mark Bailey, an Comhaontas Glas, ar an gcoimhlint don cheathrú agus don chúigiú suíochán.

Aontroim Theas

Bhí trí cinn de shuíocháin Tionóil ag an DUP in Aontroim Theas ó 2011 go dtí 2017 nuair a chaill siad an tríú ceann, suíochán Trevor Clarke. Toghadh Paul Girvan agus Pam Cameron, ach nuair a fuair Girvan suíochán Parlaiminte tamall ina dhiaidh sin comhthoghadh Trevor Clarke chuig Stormont. Tá Clarke agus Pam Cameron ag cosaint a suíochán an t-am seo. Dhá chuóta, 33.7% den vóta, a bhí ag an bpáirtí in 2017, agus ach oiread leis an dá thoghcheantar eile i gcontae Aontroma, níl an DUP ag dul sa seans an uair seo agus gan acu ach beirt iarrthóirí.

Bhí na trí shuíocháin eile ag Steve Aiken, UUP, Declan Kearney, Sinn Féin, agus David Ford, Alliance. D’éirigh Ford as Stormont in 2018 agus comhthoghadh John Blair ina áit. Tá an triúr ag cosaint a gcuid suíochán. Bhí 20.8% den vóta ag Aiken agus 16% ag Kearney. Bheidís beirt slán dá gcoinneoidis a sciar. Bhí 12.5% ag Alliance ach fuair Blair 19% i dtoghchán Westminster in 2019 agus tá an pairtí dearfach faoina sheansanna. Is í Róisín Lynch an SDLP an t-iarrthóir eile atá ag treabhadh sa ghort seo le tamall de bhlianta. Bhí 9.5% den vóta aici an uair dheiridh agus theastódh go leor vótaí aistrithe ó Shinn Féin agus Alliance uaithi chomh maith le titim nó scaipeadh ar vótaí aontachtacha.

Tá Mel Lucas, iarrthóir an TUV, ag súil le plaic a bhaint as vótaí an DUP agus an UUP i ngeall ar an bprótacal ach deir stocairí ó fhormhór na bpáirtithe gurb é an costas maireachtála an t-údar is mó gearán ag vótóirí.

Chomh maith leis an seachtar sin, tá cúigear eile san iomaíocht, Paul Michael, an dara hiarrthóir de chuid an UUP, Lesley Veronica, an Comhaontas Glas, Jerry Maguire, Pobal Seachas Brabús, Roisin Bennett, Aontú, agus Andrew Moran, neamhspleách.

Fág freagra ar 'AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Daingean de chuid na nAontachtaithe é Aontroim i gcónaí'

  • anthony McNally

    Alt suimiúil seo, ach tá Fógra tuairisc ar an imeall deas le clárú don nuachtlitir ag cur as go mór do léamh an ailt lena chúlra beo agus dathanna geala.