An té a mbíonn an bua leis, bíonn an chreach leis

Bhí tionchar ollmhór ar an Super Bowl oíche Dé Domhnaigh seo caite ag beirt imreoirí óga nach raibh mórán aithne ag éinne orthu. Seans go ndéanfar dearmad ar dhuine acu, ach mairfidh cuimhne an duine eile go deo

A general view 1/2/2004

Nuair a tháinig deireadh le Super Bowl XLIX sa University of Phoenix Stadium, ba é Tom Brady, ceathrúchúlaí na Patriots, a bhí ag seasamh ar an ardán, an trófaí Lombardi crochta in airde aige. Quelle Surprise a déarfadh go leor daoine.

Ar Brady a bronnadh laoch na himeartha, an MVP (Most Valuable Player), an tríú huair dó an gradam sin a fháil sa Super Bowl, agus é ar comhchéim anois chomh maith le Joe Montana agus Terry Bradshaw a bhfuil ceithre chluiche ceannais buaite aige san iomlán.

Níl aon dabht ach gur chinntigh Brady oíche Dé Domhnaigh go gcuimhneofar air mar cheann de na ceathrúchúlaithe is fearr a d’imir sa NFL riamh, sin má bhí an cheist sin ann faoin stádas sin a bheith aige. Ina dhiaidh sin féin, bhí imreoirí eile a d’fhág a rian ar an gcluiche chomh maith céanna le Brady, imreoirí nach raibh aithne ag aon duine orthu roimhe seo.

Ag tús an dara ceathrú agus na Seattle Seahawks chun deiridh, chaith a gceathrúchúlaí, Russell Wilson, pas fada síos ar an taobh deas den pháirc. Léim cosantóir le breith air ach is fathach mór i ngeansaí na Seahawks a tháinig aníos ó na flaithis leis an liathróid ina láimhe aige. Ní raibh mórán eolais ag na tráchtairí iad féin ar Chris Matthews faoin dtráth seo seachas go raibh sé 6’5 ar airde agus ar dhuine d’ionadaithe na Seahawks.

Ní haon iontas é nach raibh eolas acu faoi Matthews. An t-am seo anuraidh, ní raibh sé fiú amháin ag imirt san NFL. Chaith sé seal ag imirt i gCeanada ach bhí dhá phost pháirtaimseartha aige, i siopa bróige agus mar gharda slándála, chun cabhrú leis na billí a íoc. Nuair a ghlaoigh na Seahawks air chun triail a thairiscint dó, dúirt Matthews leo nár cheap sé go mbeadh sé in ann freastal air mar go raibh sé ag obair an oíche sin.

Ar an dea-uair, d’éirigh le Matthews an beart a dhéanamh agus shínigh sé conradh leis na Seahawks. Mar sin féin, ní raibh ann ach ionadaí agus ní bhfuair sé mórán deiseanna ar an bpáirc. Ba í an ghabháil san aer sin sa Super Bowl, agus na céadta milliún ag faire air, an chéad uair dó a leithéid a dhéanamh san NFL. Go gairid ina dhiaidh sin, d’aimsigh sé a chéad scór riamh san NFL, nuair a rug sé ar phas ó Wilson chun na foirne a fhágáil ar comhscór ag an mbriseadh agus gan ach dhá soicind fágtha sa chéad leath.

Rug Matthews ar cheann mór diamhar eile ag tús an dara leath nuair ag tréimhse go raibh na Seahawks ag fáil an ceann is fearr ar na Patriots, iad slat amháin amach ón zón scórála agus fios acu go ndéanfadh scór amháin eile an beart. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh Matthews, a bhí ag obair i siopa Foot Locker cúpla bliain ó shin, ina laoch acu.

Faraor, do Matthews, bhí casadh amháin eile sa scéal – casadh an-mhór go deo. Ag imirt do na Patriots, bhí imreoir óg eile nach raibh mórán aithne ag daoine air. Bhreathnaigh sé nach raibh rudaí ag dul chomh maith sin do Malcolm Butler roinnt soicindí roimhe sin. Sa nóiméad deireanach, den chluiche theip ar Butler stop a chur le Jermaine Kearse greim a fháil ar phas fada ó Wilson. Bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh Kearse in ann an liathróid a smachtú ach rug sé go luathlámhach uirthi agus é sínte ar chlár a dhroma. Gabháil mhíorúilteach agus cuma na maitheasa ar na Seahawks.

Ach bheadh seans amháin eile ag Malcolm Butler a rian a fhágáil ar Super Bowl XLIX.

Dála Matthews, is beag nár chaill Malcolm Butler a dheis chun gairm a dhéanamh den spórt. Caitheadh amach as an gcoláiste é agus chaith sé seal ag obair in ionad mearbhia go dtí gur ghlaoigh na Patriots air.

Cúpla bliain tar éis dó bheith ag díol sceallóga, agus gan ach sé soicind fágtha sa Super Bowl bhí an toradh ag brath ar Butler agus a chomhchosantóirí ó na Patriots.

Gan iad ach slat amach ón zón-scórála, chuaigh na Seahawks go mór sa seans nuair a rinne siad iarracht an liathróid a chaitheamh in áit í a iompar thar an líne. Is cinneadh é a bhfuil scrúdú fós á dhéanamh air agus cinneadh é go mbeidh lucht tacaíochta na Seahawks ag iarraidh dearmad a dhéanamh air go deo.

Cibé cén fáth a bhí leis, chaith Russell Wilson an liathróid i dtreo a ghlacadóra, Ricardo Lockette. Ar dtús, bhí an chuma ar an scéal go raibh Lockette chun í a fháil agus go mbeadh an lá agus an Superbowl le na Seahawks. Ach tháinig Butler aniar aduaidh air, leag sé chun talún é agus rug sé greim ar an liathróid ag an am céanna.

Sa phaiste beag imeartha sin i dtreo dheireadh an chluiche, d’athraigh an scéal go hiomlán do bheirt imreoirí óga a thosaigh an cluiche agus gan mórán aithne ag éinne orthu.

Ba pictiúr de Butler ar bhí sna páipéir agus ar na scáileáin i Meiriceá agus ar fud na cruinne. Faoin am gur shiúil Matthews ar ais go dtí na seomraí feistis agus a eireaball ina ghabhal leis, ba bheag caint a bhí ag éinne faoi na gaiscí a bhí déanta aige. Mar a deir an seanfhocal, an té a mbíonn an bua leis, bíonn an chreach leis.

Nuair a thosóidh an séasúr nua i mí Mheán Fómhair, tá seans ann nach mbeidh Matthews fiú ag imirt do na Seahawks ach cibé cén rud a tharlaíonn do Mhalcolm Butler, beidh cuimhne go deo air ina measc siúd atá fós ag ceiliúradh bua na bPatriots.

Fág freagra ar 'An té a mbíonn an bua leis, bíonn an chreach leis'