Tá an tarraingt déanta do Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall 2020 agus athruithe móra i bhfeidhm ar an gcomórtas de bharr na paindéime Covid-19.
Tá na 16 foireann i ngrád na sinsear curtha in aon ghrúpa amháin. Imreoidh gach foireann ceithre chluiche, péire sa bhaile agus péire as baile, agus rachaidh na foirne atá sa chéad ocht n-áit i ndiaidh na gcluichí sin ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.
Rachaidh na ceithre fhoireann atá ag bun an tábla tar éis cheithre chluiche isteach sna babhtaí dícháilithe.
Rinneadh an tarraingt don chéad dá bhabhta den chraobh aréir agus tabharfaidh seaimpíní 2019, Naomh Conaill, aghaidh ar Bhaile na nGallóglach sna Gleannta dá gcéad chluiche. Casfaidh Naomh Conaill ansin ar a gcomharsana béal dorais, Ard an Rátha, sa dara babhta.
Beidh Gaoth Dobhair, a chuaigh chomh fada leis an mbabhta ceannais anuraidh, as baile in aghaidh na gCeithre Máistrí sa chéad bhabhta agus imreoidh siad ansin in aghaidh na gCealla Beaga i Machaire Gathlán sa dara babhta.
Is iad na cluichí eile a bheidh ann sa chéad bhabhta ná na Cealla Beaga v Gleann Fhinne; Seán Mac Cumhaill v Ard an Rátha; Bun Dobhráin v Naomh Adhamhnáin; Naomh Micheál v Gleann tSúilí; Cill Charthaigh v An Tearmann; agus Naomh Náille v An Clochán Liath.
Imreofar an chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall an chéad deireadh seachtaine i mí Lúnasa agus imreofar an dara babhta an tseachtain dár gcionn.
Déanfar an tarraingt do bhabhtaí a trí agus a ceathair den chraobh ina dhiaidh sin.
Fág freagra ar 'An tarraingt déanta don chéad dá bhabhta de Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall'