An Taoiseach ag iarraidh go dtabharfaí ainm Gaeilge ar ospidéal nua na leanaí

Deir an Taoiseach go mbeadh sé oiriúnach ainm Gaeilge a thabhairt ar an ospidéal náisiúnta nua agus Bliain na Gaeilge 2018 romhainn amach

An Taoiseach ag iarraidh go dtabharfaí ainm Gaeilge ar ospidéal nua na leanaí

Ba mhaith leis an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh ainm Gaeilge ar ospideál nua na leanaí.

“Pé ainm a roghnófar ba cheart go mbeadh sé oiriúnach do leanaí agus, dá bhféadfaí ar chor ar bith, é a bheith as Gaeilge. Ní cóir go mbainfeadh sé leis an bpolaitíocht ná le haon pholaiteoir ná ní cóir go mbeadh teachtaireacht pholaitiúil ar bith ag baint leis,” a dúirt Leo Varadkar sa Dáil inniu.

Dúirt an Taoiseach go mbeadh sé oiriúnach ainm Gaeilge a thabhairt ar an ospidéal náisiúnta nua agus Bliain na Gaeilge 2018 romhainn amach.

Dúirt sé gur gá ainm simplí a thabhairt ar an ospidéal nua, agus gur mhaith leis féin gur ainm Gaeilge a bheadh ann.

“…Más fúinn ainm sainiúil a roghnú, ba mhaith liom gur as Gaeilge a bheadh sé. Deis atá ann le linn Bhliain na Gaeilge ainm Gaeilge a roghnú don ospidéal. Ní ainm duine agus é aistrithe go Gaeilge atá i gceist agam ach focal Gaeilge.

“Is é an t-ainm is ansa liomsa ná ‘Starship’, an t-ainm atá ar ospidéal na leanaí sa Nua-Shéalainn. Níorbh iad na polaiteoirí a thug an t-ainm sin air, b’amhlaidh gur tharla sé trí thimpiste mar go bhfuil cuma ‘starship’ air agus b’in a thosaigh na leanaí féin a thabhairt air. Glacadh leis mar ainm oifigiúil ina dhiaidh sin,” a dúirt an Taoiseach.

Bhí sé i gceist an ‘Phoenix Children’s Hospital’ a thabhairt ar ospidéal nua na leanaí, ach dheimhnigh an Taoiseach go bhfuil an plean sin caite i dtraipisí.

Mhol ceannaire Shinn Féin Gerry Adams go n-ainmneofaí an t-ospidéal i ndiaidh Kathleen Lynn, an réabhlóidí agus dochtúir a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Ospidéal Naomh Ultan. Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin gur cheart comórtas náisiúnta a eagrú i measc leanaí scoile chun teacht ar ainm nua.

Fág freagra ar 'An Taoiseach ag iarraidh go dtabharfaí ainm Gaeilge ar ospidéal nua na leanaí'

  • Roddy

    Deineadh go leor “Gaelú” ar ainmneacha eagraíochtaí stáit sna 1960daí mar gur mhol an Coimisiún um Athbheochain na Gaeilge go ndéanfaí amhlaidh.
    Céard a tharla don ainm “Bord Fáilte” ó shoin?
    Is tús maith ainmneacha comhlachtaí agus eagraīochtaí Stáit a Ghaelú ach níl ann ach tús. Is ceist eile ar fad í iachall a chur ar institiúid Stáit seirbhísí an chur ar fáil i nGaeilge.

  • Liamo

    Tír na nÓg