An ‘Star’ bainte de sheilfeanna siopa nuachtán sa Ghaillimh mar agóid i gcoinne ‘íomhá mhíchuí’ ó Berkeley

Níor tharla sé riamh cheana gur baineadh foilsiúchán de sheilfeanna an tsiopa atá ar an bhfód ó 1980

DSC04807_large

Tá siopa nuachtán i gcathair na Gaillimhe tar éis gach cóip den Star agus den Irish Examiner a bhaint dá seilfeanna mar agóid i gcoinne chinneadh na nuachtán sin pictiúr de thragóid Berkeley a fhoilsiú ina raibh málaí coirp le feiscint.

Dúirt, Paul O’ Brien, úinéir O’Brien’s Newsagents ar Shráid Liam i lár chathair na Gaillimhe, nár tharla sé riamh cheana gur baineadh foilsiúchán dá seilfeanna ach go chuir an íomhá ar leathanach tosaigh an Star ar maidin “deargdhéistin” air.

D’fhoilsigh an Irish Examiner an íomhá chéanna ar leathanach laistigh.

‘Shame on the Star’, a dúirt O’Brien agus é ag fógairt a chinnidh ar Twitter.

Screen Shot 2015-06-17 at 15.33.01

Thug sé le fios don Connacht Tribune gur chuir úsáid na híomhá “déistin” air “mar thuismitheoir” mar gheall ar a mhíchuí is a bhí sé.

Táimid ag trádáil ó 1980 agus níor tharla sé riamh cheana gur baineadh foilseachán de na seilfeanna againn, bíodh sé ina nuachtán nó ina iris. Ní cliseadh é seo ar an gcaidreamh atá againn mar chustaiméir de chuid an Star, seo agóid bheag phearsanta,” a dúirt Paul O’Brien.

Cailleadh seisear mac léinn Éireannacha de bharr na tragóide i mBerkeley i gCalifornia inné nuair a thit an bhalcóin ceathrú hurlár san árasán ina rabhadar ag ceiliúradh breithlá carad.

 

Fág freagra ar 'An ‘Star’ bainte de sheilfeanna siopa nuachtán sa Ghaillimh mar agóid i gcoinne ‘íomhá mhíchuí’ ó Berkeley'