An solas glas tugtha do bhusanna leictreacha ar Oileán Chléire

Reáchtálfar scéim phíolótach ar Oileán Chléire chun busanna leictreacha a thástáil

An solas glas tugtha do bhusanna leictreacha ar Oileán Chléire

Beidh busanna leictreacha in úsáid ar Oileán Chléire in áit na ngnáthbhusanna díosail faoi scéim phíolótach atá á reáchtáil ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

Faoin scéim seo beidh dhá bhus, ar a mbeidh suíocháin do 22 paisinéir, á mbronnadh ar Chomharchumann Chléire Teoranta (CCT), atá i mbun na seirbhíse iompair ar an oileán Gaeltachta i gCorcaigh.

Thug urlabhraí ón Údarás Náisiúnta Iompair le fios gur roghnaíodh Oileán Chléire, atá 4.8km ar fhad agus 1.6km ar leithead, don scéim áirithe seo mar gheall ar an “tírdhreach dúshlánach” agus de bharr “a chnocánaí” is atá an t-oileán.

Dúirt an t-urlabhraí go bhféadfadh go n-éireodh lena leithéid de sheirbhís bus leictreach “in aon áit” má éiríonn léi ar Oileán Chléire.

Má bhíonn rath ar an scéim phíolótach ar Oileán Chléire, tá sé beartaithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair go gcuirfear suas le 200 bus leictreach in áit na ngnáthbhusanna a bhíonn á n-úsáid ag an tseirbhís iompair tuaithe, ‘Local Link’.

I measc na ngnéithe eile sna busanna seo a bheidh á dtástáil ar Oileán Chléire, beidh éifeacht na gcadhnraí tarraingthe.

Beidh ar gach feithicil a bheith ábalta “lá iomlán oibre” a dhéanamh agus iad ag brath ar na cadhnraí a bheidh ar bord ar an mbus, agus nach luchtófar ach aon uair amháin sa lá.

Fág freagra ar 'An solas glas tugtha do bhusanna leictreacha ar Oileán Chléire'

  • Colmán Ó Drisceoil

    Comhghairdeas le Muintir Chléire. Bhíodar chun tosaigh leis na muilte gaoithe 30 bliain ó shin agus seo chun tosaigh arís iad. Tugaid an-aire don timpeallacht ar an oileán.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Gaeilg ar bith ar ‘Local Link’?? ‘Aistear Áitiúil’ b’fhéidir??

    Tá an dream seo ar fud na tíre – agus na Gaeltachta. Cinnte thig leo leagan Gaeilg a chuir ar an t-ainm sin?