An Rialtas ag súil go gcabhróidh leabhar nua le daltaí Gaeltachta ‘slán’ a fhágáil leis an mbunscoil

Luadh inniu ag an seisiún eolais faoi Covid-19 a bhíonn ag an Rialtas gach lá togra de chuid Thuismitheoirí na Gaeltachta do dhaltaí Rang a Sé

An Rialtas ag súil go gcabhróidh leabhar nua le daltaí Gaeltachta ‘slán’ a fhágáil leis an mbunscoil

Tá an Rialtas ag súil go gcabhróidh leabhar nua atá á scríobh ag daltaí bunscoile sa Ghaeltacht le daoine óga ciall a bhaint as “an chríoch aisteach” a tháinig leis an scoilbhliain agus ‘slán’ a rá leis an mbunscoil.

Luadh an leabhar nua, togra de chuid Thuismitheoirí na Gaeltachta, inniu ag an seisiún eolais faoi Covid-19 a bhíonn ag an Rialtas gach lá.

Tá cuireadh tugtha ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, agus tacaíocht acu ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), do dhaltaí Rang a 6 i ngach Scoil Ghaeltachta sa tír píosa a scríobh faoina seal sa bhunscoil agus an chríoch thobann a tháinig leis.

Déanfar na píosaí go léir a chnuasach i leabhar nua a mbronnfar cóip de ar gach dalta agus ar gach scoil a ghlacann páirt sa togra.

Dúirt Liz Canavan, Rúnaí Cúnta i Roinn an Taoisigh ag seisiún eolais Covid-19 inniu go raibh an Rialtas ag súil gur “cúiteamh beag éigin as an gcríoch aisteach a tháinig leis an scoilbhliain” a bheidh sa togra ‘Slán leis an mBunscoil’ do dhaltaí na Gaeltachta.

Tá súil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta go gcoinneoidh daltaí agus scoileanna an leabhar “go deo” mar chuimhne “ar an tréimhse stairiúil seo”.

Fág freagra ar 'An Rialtas ag súil go gcabhróidh leabhar nua le daltaí Gaeltachta ‘slán’ a fhágáil leis an mbunscoil'