An ráta scaipthe is ísle den víreas sa tír i gceantar Gaeltachta

Tá Conamara agus toghcheantar Gaeltachta i Maigh Eo ar phéire de na ceantair is lú atá buailte ag cásanna den Covid-19 le cúpla seachtain

An ráta scaipthe is ísle den víreas sa tír i gceantar Gaeltachta

Is i gceantair Ghaeltachta go fóill atá cuid de na rátaí scaipthe is ísle den Covid-19 sa stát cé gur ag dul i méid atá líon na gcásanna nua ar fud na tíre den chuid is mó.

Is i mBéal an Mhuirthead atá an ráta scaipthe is ísle sa stát i láthair na huaire agus is i gConamara atá an tríú ráta scaipthe is ísle, in ainneoin ardú beag a bheith tagtha ar líon na gcásanna ansin le seachtain.

Tá imní léirithe ag NPHET an tseachtain seo faoin ardú atá tagtha ar líon na gcásanna sa stát le tamall agus léiríonn na staitisticí is deireanaí go bhfuil ardú tagtha ar an meánráta scaipthe náisiúnta den chéad uair ó mhí Lúnasa. 394 cás nua a deimhníodh in aghaidh gach 100,000 duine sa stát le coicís anuas, ardú ó 372 an tseachtain seo caite.

Mar sin féin, is léir nach bhfuil ceantair áirithe buailte chomh dona le ceantair eile. Níor deimhníodh ach 13 cás den Covid-19 i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead idir an 28 Meán Fómhair go dtí an 11 Deireadh Fómhair, rud a fhágann gur 103 an ráta scaipthe sa cheantar le linn na tréimhse sin, an ráta ab ísle sa stát.

Laghdú 36% a tháinig ar na figiúirí i mBéal an Mhuirthead le seachtain anuas agus laghdú suntasach, 41%, a bhí i gceist freisin i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. 33 cás a deimhníodh ansin le coicís anuas agus ráta 180 ann dá bharr.

Ardú beag a bhí i gceist i gConamara Theas le seachtain anuas agus an ráta imithe ó 117 go dtí 136 ach ceann de na rátaí is ísle sa tír atá ansin go fóill. 29 cás nua den Covid-19 a deimhníodh i gConamara Theas idir an 28 Meán Fómhair agus an 11 Deireadh Fómhair.

D’fhan cúrsaí mar a bhí i gCorca Dhuibhne, ráta 219 agus 31 cás, ach tháinig méadú ollmhór ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, le seachtain anuas. 151 cás a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas, níos mó ná a dhá oiread níos mó ná an 64 cás a bhí ann an tseachtain seo caite. Ráta 603 atá luaite le toghcheantar Neidín anois.

Ardú suntasach freisin a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 118 cás nua a deimhníodh ann le coicís anuas, ardú 30 cás in achar seachtaine, agus ráta scaipthe 320 anois sa toghcheantar.

Thit líon na gcásanna i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, ach tá an ráta ansin cuid mhaith níos airde fós ná an meánráta náisiúnta. Ráta 566 atá sa cheantar tar éis 116 cás ar fad a bheith deimhnithe ann idir an 28 Meán Fómhair agus an 11 Deireadh Fómhair.

B’amhlaidh an cás i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach i dTuaisceart Dhún na nGall. Cé gur titim 12% a bhí i gceist le seachtain anuas, tá an ráta ansin fós ag 697 agus 96 cás den choróinvíreas deimhnithe ann le cúpla seachtain anuas.

91 cás a bhí i dtoghcheantar na nGleanntach agus ráta 381 i gceist (ardú ó 343) agus ardú mór freisin a bhí i dtoghcheantar Dhún na nGall, áit a ndeachaigh líon na gcásanna suas ó 104 go dtí 167 le seachtain anuas agus ráta 630 sa cheantar dá bharr.

I gcontae na Mí, d’fhan an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, díreach mar a bhí an tseachtain seo caite – 247.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, ráta 549, suas ó 414, a bhí ann agus 178 cás nua atá deimhnithe ansin le coicís anuas.

Fág freagra ar 'An ráta scaipthe is ísle den víreas sa tír i gceantar Gaeltachta'