An Pop Up Gaeltacht tosaithe ag preabadh aníos ar fud na cruinne

Tá oícheanta ar mhúnla an Pop Up Gaeltacht a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite á mbeartú i mbailte agus cathracha ar fud na cruinne

An Pop Up Gaeltacht tosaithe ag preabadh aníos ar fud na cruinne

Reáchtáladh an chéad ‘Pop Up Gaeltacht’ sa bheár Rua ar Shráid Clarendon i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Tá an chéad bhabhta eile eagraithe cheana féin do dheireadh na bliana (29 Nollaig 2016) sa Grand Social sa chathair chéanna, ach chomh maith leis sin, tá spreagadh tugtha ag Pop Up Bhaile Átha Cliath do dhaoine imeachtaí dá leithéid a eagrú in áiteanna eile.

Ar an 6 Nollaig, reáchtálfar Pop Up Gaeltacht i Nua-Eabhrac, i Murphy’s Pub ar 2nd Avenue. Is iad Fran Mulraney agus Siobhán Ní Chíobháin, beirt Éireannach atá ar imirce sa chathair le tamall anuas, atá ag eagrú na hócáide.

“Chonaic muid go mbeadh Pop Up ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus mheas muid gur smaoineamh maith a bheadh ann dúinn féin, mar bíonn an oiread sin grúpaí Gaeilge agus ranganna éagsúla ann. Cheap muid go raibh seans ann go bhféadfadh muid iad ar fad a tharraingt le chéile don imeacht seo.

“Tá aithne ag Siobhán ar fhear as Gaoth Dobhair a oibríonn i Murphy’s agus d’iarr sí orthu an mbeadh siad sásta fáilte a chur romhainn agus bhí. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh an áit oiriúnach d’éinne a bheadh ag teacht ó na ceantair éagsúla i Nua-Eabhrac — Brooklyn, Queens, Bronx agus araile. Is triail é seo agus feicfimid an mbeidh spéis ar bith ann, ach mar go gcasann mé féin agus Siobhán leis an oiread sin daoine a deir linn gur mhaith leo go gcasfaidh grúpa mar seo le chéile, measaim go mbeidh linn!” a dúirt Mulraney le Tuairisc.ie.

Dúirt sí go mb’fhéidir go mbeadh sé níos deacra ar dhaoine as New Jersey freastal ar an oíche ach gur imeacht soghluaiste é an Pop Up Gaeltacht agus go bhféadfaí é a eagrú i New Jersey, nó áit ar bith eile i mór-réigiún Nua-Eabhrac an chéad uair eile.

Tá lucht an Pop Up i mBaile Átha Cliath “an-sásta” leis an oíche a bhí acu i Rua an tseachtain seo caite agus dúirt Peadar Ó Caomhánaigh, duine de bhunaitheoirí na hócáide, go bhfuil teachtaireachtaí faighte acu ó chathracha eile atá ag iarraidh an rud céanna a chur ar bun.

“Bhíomar an-sásta ar fad leis an oíche a bhí againn. Bhí sé deas Gaeilge a chlos ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, agus ba ar na sráideanna a bhíomar mar bhí an beár lán linn! Bhí sé ar intinn againn gur pé cruth ba mhian leis an slua a bheadh ar an oíche, agus d’oibrigh rudaí amach go hiontach.

“Táimid cheana féin ag súil leis an dara ceann i mBaile Átha Cliath agus ag súil le scéalta a fháil ó thobthograí eile cosúil leis an Pop Up Gaeltacht ar fud na cruinne,” a dúirt sé.

Faoi láthair, tá Pop Up Gaeltacht á pleanáil i bPáras na Fraince agus i mBaile Dhún na nGall. Tá an coincheap tógtha ag Gaeil na hAlban freisin agus a leagan féin den imeacht, Pop Up Gàidhealtachd, ar na bacáin i nGlaschú.

Fág freagra ar 'An Pop Up Gaeltacht tosaithe ag preabadh aníos ar fud na cruinne'

  • r ua ruairc

    An-mhaith. Go n-éirí libh go léir. Tagann an grúpa s’againne Caint agus Comhrá le chéile trí huaire in aghaidh na seachtaine in Inis (an Clár): 11:00am in Bia agus Caife gach Satharn agus Céadaoin; agus freisin san Temple Gate Déardaoin 8:00pm. Fáilte roimh chách i gcónaí ann. Dé Máirt seo chugainn mar a tharlaíonn beidh ár gcéad Lón Nollag riamh againn in óstán an Old Ground. Yummy. caintaguscomhra@eircom.net

  • Bríd Rogha Bhríde

    Ta seo iontach ar fad! Maith sibh uilig agus maith thusa fósta a Mhaitiú @tuairiscnuacht! #PopUpGaeltacht