AN POD GAEILGE: Sna hamhráin ghrá atá cuid den chuid is fearr de litríocht na Gaeilge…

In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an scríbhneoir Alan Titley agus an t-amhránaí agus léachtóir Odi Ní Chéilleachair. Cúrsaí grá atá faoi chaibidil acu agus Lá Fhéile Vailintín buailte linn

AN POD GAEILGE: Sna hamhráin ghrá atá cuid den chuid is fearr de litríocht na Gaeilge…

In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an scríbhneoir Alan Titley agus an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair. Cúrsaí grá atá faoi chaibidil acu agus Lá Fhéile Vailintín buailte linn

Tá Lá an Ghrá buailte linn agus beidh na cártaí, bláthanna, agus boscaí seacláidí go flúirseach i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Is é an grá an téama is mó a bhíonn faoi chaibidil in amhráin agus i bhfilíocht na nGael – an briseadh croí, an grá leatromach, agus suáilcí an ghrá san áireamh.

San eagrán seo de An Pod Gaeilge, cíorann an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair, agus an t-ollamh emeritus Alan Titley téama an ghrá i litríocht, i bhfilíocht, agus in amhránaíocht na nGael le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Sna hamhráin ghrá atá cuid den chuid is fearr de litríocht na Gaeilge…'