An liúntas do dhochtúirí tuaithe tugtha ar ais mar chuid de shocrú rialtais

Is fiú os cionn €40,000 an liúntas tuaithe, ag brath ar chúinsí éagsúla

medic-563425_1920

Tá an liúntas do dhochtúirí tuaithe tugtha ar ais d’aon léim amháin. D’fhéadfadh sé gur fiú dhá scór míle euro sa mbliain é an liúntas seo do dhochtúirí i gceantair tuaithe atá scoite amach – agus tá lámh an dochtúra Michael Harty, an Teachta Dála neamhspleách as Co an Chláir le feiceáil go soiléir san athrú seo.

Bhí an Dr. Michael Harty, a toghadh ina Theachta Dála do Chontae an Chláir an-ríméadach i dTeach Laighean De hAoine seo caite go raibh an t-athrú seo déanta.  Glacann sé leis go raibh comhráite ar siúl idir an IMO agus an Roinn Sláinte faoin ábhar ach chuir an brú ó na Teachtaí Neamhspleácha tuaithe borradh faoin gceist.  Síníodh an Ionstraim Reachtúil a bhaineann leis na liúntais le linn do na cainteanna idir Fine Gael agus na Teachtaí Dála Neamhspleácha a bheith ar bun agus tiocfaidh an córas i bhfeidhm gan mhoill.

“Go deimhin, tá sé socraithe go mbeidh na liúntais tuaithe ag dul do chuid mhaith dochtúirí breise anois,” a deir an Dr Harty le Tuairisc.ie. Creideann sé gur iarracht mhór í seo ar mhaithe le seirbhísí tuaithe agus go mbeidh sé níos fusa dochtúirí a choinneáil faoin tuath dá bharr.

Tugann an liúntas tuaithe buntáistí go leor do dhochtúirí atá ag obair amach faoin tír. Tá ciste ann a chuidíonn leo rúnaithe agus altraí a fhostú agus tugtar 25% de chostas a gcuid laethanta saoire dóibh. Faightear an chuid is mó de chostas árachais na ndochtúirí tuaithe as an gcóras liúntais freisin. Cosnaíonn árachas dochtúra teaghlaigh os cionn €15,000 sa mbliain.  Is fiú os cionn €40,000 an liúntas tuaithe, ag brath ar chúinsí éagsúla.

Baineadh an liúntas seo de dhochtúirí nua tuaithe le blianta beaga agus laghdaíodh an liúntas i gcás na ndochtúirí a bhí á fháil roimhe seo.  Cé nach bhfuil chuile ní a bhain leis an seanchóras liúntais tuaithe tugtha ar ais – níl costas taistil ann, mar shampla – glactar leis go bhfuil dul chun cinn an-mhór déanta i bhfeachtas na ndochtúirí tuaithe.

Bhí cruinnithe móra a bhain le ceist na ndochtúirí tuaithe i gcontaetha an Chláir, na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus áiteanna eile le leathbhliain agus ba as sin a tháinig an socrú go dtabharfadh an Dr Michael Harty faoin toghchán. Dúradh ag na cruinnithe sin go mbeadh sé an-deacair dochtúirí a mhealladh chuig postanna faoin tuath nuair a d’imeodh na dochtúirí atá ann anois.  Is léir go bhfuil toradh ar na hiarrachtaí seo.

Fág freagra ar 'An liúntas do dhochtúirí tuaithe tugtha ar ais mar chuid de shocrú rialtais'