Níl an PSNI sásta a rá cé mhéad duine a cúisíodh ná a ciontaíodh as damáiste a dhéanamh do chomharthaíocht dhátheangach sa Tuaisceart.
Diúltaíodh d’iarratas a rinne Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas a bhain leis an rabharta loitiméireachta a tharla le tamall de bhlianta anuas ar chomharthaíocht dhátheangach sa Tuaisceart.
Fiafraíodh den PSNI san iarratas cé mhéad fiosrúchán a tosaíodh maidir leis na céadta eachtraí inar deineadh loitiméireacht ar chomharthaí bóthair agus ar chomharthaí sráide. Ba mhinic a dúirt an PSNI i gcás na n-eachtraí sin gur coireanna fuatha a bhí i gceist.
Níl aon taifead ar leith ag an PSNI de na heachtraí loitiméireachta seo.
Cuireadh ceist ar an tseirbhís phóilíneachta faoi líon na ndaoine a cúisíodh agus a ciontaíodh as loitiméireacht a dhéanamh ar chomharthaíocht dhátheangach sa Tuaisceart.
Agus an t-iarratas ar fhaisnéis á dhiúltú ag an PSNI, maíodh go gcosnódh sé airgead an fhaisnéis a lorgaíodh a chruinniú agus go sáródh an costas sin an “t-uasmhéid do chostais oiriúnacha” .
Is é £450 (€515) an t-uasmhéid do chomhlachtaí poiblí dála an PSNI faoi láthair. Faoi na rialacha reatha, is ceadmhach don PSNI na costais a mheas bunaithe ar ráta £25 (€28.50) san uair don obair a dhéanfaí ag cuardach an eolais. Dá dtógfadh sé níos mó ná 18 uair an chloig ar oifigigh an PSNI an t-eolas a chur le chéile, is ceadmhach an t-iarratas a dhiúltú.
Maíodh go dtógfadh sé níos mó ná 18 uair an chloig an t-iarratas a chuir Tuairisc isteach a chomhlíonadh agus diúltaíodh dó dá bharr.
Dúirt an PSNI nach “coir ar leith” é damáiste a dhéanamh do chomharthaí Gaeilge ná do chomharthaí dátheangacha agus go gcaithfí iniúchadh a dhéanamh ar gach coir loitiméireachta atá ar an taifead acu le fáil amach an raibh a leithéid i gceist.
Dúirt an PSNI gurb é é an rangú coire “is oiriúnaí” ná “damáiste coiriúil”, agus go raibh taifead ann de thuairim is 800 coir ar fhuath seicteach a mbunús idir Aibreán 2022 agus Márta 2025.
Thógfadh sé thart ar 100 uair an chloig na taifid seo a scrúdú de lámh agus mar sin bheadh sé róchostasach, a dúradh.
“Bíonn tuairim is 250 coir damáiste coiriúil ar fuath seicteach a mbunús gach bliain, mar sin measaimid go mbeadh an iomarca costas i gceist le sonraí a bhainfeadh le bliain amháin a aimsiú agus a fháil fiú,” a dúradh i bhfreagra na seirbhíse póilíneachta.
Foilsíodh tuairiscí go leor ar na nuachtáin le tamall de bhlianta anuas faoi chomharthaíocht dhátheangach a bheith á loit sa Tuaisceart. Is minic a deir an PSNI go mbeifear ag caitheamh lena leithéid de ghníomh mar ‘choir fuatha’ agus go mbeifear á fhiosrú ar an mbonn sin.
Ní léir, áfach, ar tugadh duine ar bith chun cúirte go fóill as comhartha Gaeilge ná comhartha dátheangach a loit.
De réir figiúirí a cuireadh ar fáil do BBC News NI faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ba i gceantar Chomhairle Lár Uladh a tharla beagnach dhá thrian de na heachtraí loitiméireachta seo. Os cionn 300 eachtra dá leithéid a tharla sa tréimhse cúig bliana idir 2020-2024a gus bhain 209 eachtra díobh le ceantar Chomhairle Lár Uladh.
Tharla 74 eachtra loitiméireachta i gceantar Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí, 21 eachtra a tharla i mBéal Feirste, 15 a bhí i gceist i gceantar Chomhairle an Iúir, an Mhúrn agus an Dúin agus ceithre eachtra a bhí ar an taifead ag Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin.
Ní raibh aon tuairisc ann faoi loitiméireacht comharthaí sna sé cheantar comhairle eile atá sa Tuaisceart, ach thug cuid acu sin le fios nach bhfuil aon chomharthaíocht dhátheangach acu.
Fág freagra ar '‘An iomarca oibre’ don PSNI eolas faoi loitiméireacht ar chomharthaí Gaeilge a chur ar fáil'