An ghaoth ina seolta ag Baile Átha Cliath agus Maigh Eo curtha go tóin poill

Na seanlaigeachtaí céanna a chuir Maigh Eo go tóin poill ach ba iad díocas agus scil imreoirí Bhaile Átha Cliath a chinntigh gurbh iad a thabharfaidh aghaidh ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann

GAA Football All Ireland Senior Championship Semi-Final Replay, Croke Park, Dublin 5/9/2015 Mayo vs Dublin Dublin's Paddy Andrews celebrates at the final whistle Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Paddy Andrews ag ceiliúradh nuair a séideadh an fheadóg ag deireadh an chluiche i bPáirc an Chrócaigh inniu ©INPHO/Cathal Noonan

An uair seo, ní raibh aon teacht aniar i ndán do Mhaigh Eo. Nuair a chuaigh Baile Átha Cliath i gceannas ar an gcluiche agus ceathrú uaire fágtha, rinne siad cinnte an uair seo go bhfanfadh na Connachtaigh faoi chois.

Ba é cúl Philly McMahon sa 56 nóiméad an scór cinniúnach. Mar a tharlaíonn, is ag an bpointe céanna sa chluiche sé lá ó shin a tháinig cúl Kevin McManamon ach, cé gur spreag an cúl sin imreoirí Mhaigh Eo an tseachtain seo caite, an tseachtain seo, chuir cúl McMahon deireadh leis an gcluiche mar choimhlint.

Ba iad na laigeachtaí céanna a chuir Maigh Eo go tóin poill sa deireadh, faraor, agus ba ríléir arís an easpa tallainne atá acu sna tosaithe. Dá mbeidís chun an cluiche seo a bhuachan, bheadh orthu beagnach gach deis dá dtiocfadh a dtreo a thapú ach, ní den chéad uair, chuireadar an iomarca iarrachtaí amú nó isteach i láimhe an chúil báire, agus Kevin McLoughlin ciontach níos mó ná uair amháin. Má tá Maigh Eo ag iarraidh deireadh a chur leis an ngainne agus Corn Mhic Uidhir a bhuachan, is é an chéad rud a chaithfidh siad a dhéanamh ná deireadh a chur leis na botúin seo.

Is é an trua é mar, sa chéad ceathrú uaire, rinne siad gach rud i gceart agus iad i gcoinne chóras Bhaile Átha Cliath a bhí sách cosantach. Bhí scata imreoirí ag Jim Gavin seasta ar an líne 45m ach bhí Maigh Eo sásta an liathróid a iompar anonn agus anall go foighneach go dtí gur chruthaigh siad bearna, cur chuige ar éirigh go maith leis i gcás na bpointí a fuair Cillian O’Connor agus a dheartháir Diarmuid i ndiaidh an 10ú nóiméad agus an 14ú nóiméad faoi seach.

GAA Football All Ireland Senior Championship Semi-Final Replay, Croke Park, Dublin 5/9/2015 Mayo vs Dublin Mayo's Lee Keegan and Kieth Higgins after the game Mandatory Credit ©INPHO/Lorraine O'Sullivan
Lee Keegan agus  Kieth Higgins agus díomá orthu i ndiaidh an chluiche.
 ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Ar an taobh eile, bhí cuid de chúilíní Bhaile Átha Cliath thar barr, sa chéad leath go háirithe. Bhí sárchluiche ag Paddy Andrews, é ag fáil 0-4 sa chéad leath amháin. I gcás gach scóir aige, dhealraigh sé go raibh an uilinn róghéar ach níor chuir sé sin aon mhairig ar fhear Naomh Bríd, a bhí lán de mhuinín.

Ba é an scéal céanna é ag Ciarán Kilkenny. Tar éis dó drochthús a chur leis an gcluiche, i ndiaidh 20 nóiméad, chas Kilkenny agus sheol sé pointe gleoite thar an trasnán lena chos dheas. Nóiméad roimh leath ama, rinne sé an beart céanna ach amháin gur ón gcliathán eile agus lena chos chlé a ghnóthaigh sé an scór an uair seo.

Seans gurb é an rud is mó a chuirfidh díomá ar Mhaigh Eo ná nár éirigh leo leas a bhaint as Aidan O’Shea ar chor ar bith sa chluiche seo. Aon phointe amháin a fuair an fear mór sa dá chluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus, cé go raibh sé sách éifeachtach sa chluiche comhscóir, is ar éigean go mbeadh a fhios agat go raibh sé ag imirt i gcluiche an lae inniu. Ach ní air fhéin a bhí an locht.

Chaith sé an cluiche ar fad ag bogadh isteach agus amach ó imeall na cearnóige ach, nuair a bhí sé ag feidhmiú mar lántosach, bhí caighdeán na bpasanna isteach chuige uafásach. Chuaigh trí liathróid isteach ina threo sa chéad 7 nóiméad ach ní raibh sé in ann fiú méar a leagan orthu.

I gceann de na gluaiseachtaí sin, bhí seilbh na liathróide ag Donal Vaughan i lár na páirce agus in áit pas a thabhairt do Lee Keegan, a bhí 40m amach ón gcúl gan duine ar bith in aice leis, rinne Vaughan an cinneadh an liathróid a sheoladh isteach i dtreo O’Shea. Chaill Vaughan a sprioc agus d’imigh an liathróid go neamhurchóideach ar fóraoil.

Cé go ndearna tosaithe Mhaigh Eo a jab níos éasca dóibh, chaithfeá moladh ar leith a thabhairt do chosantóirí Bhaile Átha Cliath. Thaispeáin siad díocas agus déine dochreidte ó thús deireadh na himeartha agus iad ag baint na liathróide óna gcéilí comhraic arís agus arís eile.

Ba é taispeántas Philly McMahon ab fhearr a thug léargas ar an gcur chuige díograiseach seo agus is beag paiste den pháirc nár leag sé cos ann. Chaith sé sealanna ag coinneáil Barry Moran agus Aidan O’Shea ciúin agus nuair a bhí Baile Átha Cliath ar an ionsaí, bhí sé san áit cheart ag an am ceart. Chuir sé seans ar chúl amú sa chéad leath ach ba bheag an baol go ndéanfadh sé amhlaidh lena dara seans.

Is iad Ciarraí anois atá roimh Bhaile Átha Cliath, an cluiche ceannais a raibh daoine ag súil leis anuraidh nó gur bhain na Conallaigh tuisle as fir na príomhchathrach. Beidh na Muimhnigh ag iarraidh díoltas a bhaint amach do chluiche ceannais 2011 agus cluiche leathcheannais 2013 agus, i ndiaidh na cainte uile faoi chúrsaí smachta an tseachtain seo, is deas an rud a bheidh ann díriú ar an bpeil as seo go ceann coicíse.

Fág freagra ar 'An ghaoth ina seolta ag Baile Átha Cliath agus Maigh Eo curtha go tóin poill'