An Ghaeilge le bheith ‘lárnach’ i bhfeachtas earcaíochta nua an Gharda Síochána

Deir na Gardaí go bhfuil an feachtas, a gcuirfear tús leis an tseachtain seo, ar cheann de na cinn is cuimsithí ar thug an eagraíocht faoi riamh agus go mbeidh béim ar leith ar dhaoine ón nGaeltacht agus cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh

An Ghaeilge le bheith ‘lárnach’ i bhfeachtas earcaíochta nua an Gharda Síochána

Anna Marie McMahon

Beidh an Ghaeilge mar chuid “lárnach” d’fheachtas earcaíochta nua de chuid an Gharda Síochána agus iad ag iarraidh cainteoirí Gaeilge a mhealladh go dtí an fórsa.

Deir na Gardaí go bhfuil an feachtas, a gcuirfear tús leis an tseachtain seo, ar cheann de na cinn is cuimsithí ar thug an eagraíocht faoi riamh agus go mbeidh béim ar leith ar dhaoine ón nGaeltacht agus cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh.

Le linn an fheachtais, a mhairfidh sé seachtaine, déanfar fógraí Gaeilge a chraoladh ar an raidió agus a scaipeadh ar na meáin shóisialta. Reáchtálfar seisiúin eolais i nGaeilge freisin agus rachaidh baill den fhórsa isteach chuig scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Rinne Anna Marie McMahon, Leas-Choimisinéir sa Gharda Síochána, cur síos ar an bhfeachtas agus í os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge.

“Tá clár for-rochtana cuimsitheach beartaithe ach beifear ag cur an-bhéim ar an Sruth Gaeilge [mar chuid den fheachtas],” a dúirt McMahon.

“Tá muid ag súil leis an oiread daoine agus is féidir a mhealladh atá in ann an teanga a labhairt, agus í a labhairt go líofa.”

Faoin Sruth Gaeilge, cuireann an Garda Síochána 10% de na háiteanna ar leataobh d’iarrthóirí le Gaeilge líofa.

Ghéill Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris anuraidh, áfach, nach raibh an córas sin ag obair. Tugadh le fios ag an am nár earcaíodh ach 55 Garda tríd an Sruth Gaeilge ó cuireadh tús leis in 2013 agus nach raibh ach triúr acusan ar dualgas sa Ghaeltacht. Earcaíodh 3,000 Garda nua ar fad le linn na tréimhse céanna.

Dúirt an Leas-Choimisinéir McMahon freisin an tseachtain seo go mbeidh comórtas earcaíochta d’fhórsa Chúltaca an Gharda Síochána níos deireanaí i mbliana agus go gcuirfear, “den chéad uair riamh” béim ar iarrthóirí ón nGaeltacht a mhealladh.

Dheimhnigh McMahon chomh maith go bhfuil straitéis nua Gaeilge an Gharda Síochána le seoladh mí an Mhárta.

Bhí an straitéis le foilsiú roimh na Nollag ach cinneadh sin a chur siar mar gheall ar na treoirlínte sláinte phoiblí. Dúirt McMahon, áfach, go bhfuil an straitéis le seoladh le linn Sheachtain na Gaeilge 2022, a bheidh á reáchtáil idir 1-17 Márta.

Díreoidh an straitéis ar líon na gcainteoirí Gaeilge a thagann isteach sa Gharda Síochána a mhéadú, cur leis an líon fostaithe san eagraíocht a labhraíonn Gaeilge, agus an teanga a chur chun cinn mar theanga phobail.

Chun na spriocanna seo a bhaint amach, tá tús curtha cheana féin le ranganna Gaeilge ar líne do gach duine san fhórsa ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus rachaidh Gardaí i dteagmháil leis na hoifigigh pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta maidir le céard is féidir leo a dhéanamh chun freastal níos fearr ar an bpobal.

Tá scéim an Fháinne le seoladh ag na Gardaí le linn sheachtain na Gaeilge i mbliana freisin. Deirtear go gcaithfidh os cionn 1,000 fostaí de chuid an Gharda Síochána ceann de na trí Fháinne atá deartha go speisialta don scéim, Fáinne Óir, Fáinne Airgid agus Fáinne Cúpla Focal.

Dúirt an Leas-Choimisinéir McMahon go raibh an Garda Síochána tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn san eagraíocht ach go raibh go leor fós le déanamh chun a ndualgas i leith na teanga a chomhlíonadh.

“Tá go leor oibre ar bun ach tá píosa fada fós le dul againn agus ní féidir é sin a shéanadh.”

Fág freagra ar 'An Ghaeilge le bheith ‘lárnach’ i bhfeachtas earcaíochta nua an Gharda Síochána'

  • Seán ÓM

    Cuir an TEG i bhfeidhm orthu.

    Ná bíodh aon cáilíocht mar Gharda bainte amach ag aon earcach nua gan leibhéal B2 i nGaeilge a bheith bainte amach acu.

    Is féidir leo fanacht sa bharracks i dTiobraid Árann go dtí go bhfuil an leibhéil áin bainte amach acu.

    Agus seol na Gardaí le leibhéal níos airde na sin go dtí an Ghaeltacht.

    Is cur amú ama agus cur i gcéill gach rud eile i mo thuairim féin.

  • An tEisreachtach

    Ní raibh a fhios agam gur inniu an chéad lá d’Aibreán – Lá na nAmadán!
    Duine ar bith a chreideann an bhaothchaint gan éifeacht seo ó na Gardaí, chreidfeadh sé nó sí aon ní.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá réiteach simplí ar an bhfadhb. Bíodh airgead níos mó á íoc le Gardaí atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach i ndá theanga ar a laghad: Gaeilge/Béarla; Béarla/Pólainnis; Béarla/Lituánais; Gaeilge/Spáinnis; Béarla/Arabais; Béarla/Sínis. Bheadh sé níos saoire ná a bheith ag iarraidh gach Garda a choinneáil i dTeampall Mór go mbeadh Gaeilge ag leibhéal B2 acu!