An Ghaeilge chun cinn in ‘Uimhir 6’, clár snoite ábalta faoi fhoirgneamh ar leith

Tá moladh ag dul do mheitheal léirithe ‘Uimhir 6’ as a ndíocas i leith insint a scéil

An Ghaeilge chun cinn in ‘Uimhir 6’, clár snoite ábalta faoi fhoirgneamh ar leith

Tá stair shuaithinseach ag baint le huimhir 6 Sráid Fhearchair. Dá mbeadh caint ag fallaí cheannáras Chonradh na Gaeilge is mó scéal a d’fhéadfadh siad a eachtraí.

Faoi mar a deirtear linn in Uimhir 6 (TG4, Dé Céadaoin) tá stair an fhoirgnimh fite fuaite le stair na cathrach agus na tíre ina bhfuil sí suite.  Meabhraíodh dúinn ag tús an chláir go raibh Baile Átha Cliath ar an dara cathair ba mhó tábhacht in impireacht na Breataine san ochtú haois déag mar aon le bheith ar an séú cathair is mó san Eoraip.

Bhí sé níos mó ná Bostún agus Nua-Eabhrac. I rith an chéid tháinig fás ar dhaonra na cathrach ó 60,000 duine go 180,000. Ba sa tréimhse sin a tógadh na tithe gustalacha ar Shráid Fhearchair agus sainchomharthaí eile na cathrach cosúil leis na Ceithre Cúirteanna agus Teach an Chustaim. Fuaireas ana-bhlas ar an gcuid seo den chlár agus aíonna cosúil le Diarmuid Ó Gráda, údar Georgian Dublin, ag eachtraí dúinn go deisbhéalach eolgaiseach faoi thithe na linne – cúigear searbhóntaí fostaithe, an tsíleáil ag ísliú de réir mar a dhreap tú na hurláir agus an doras mór galánta ar an taobh le go mbeadh spás don seomra galánta ar thaobh amháin taobh istigh.

Labhraítear faoi na dreamanna éagsúla a bhí buailte fúthu sa tigh i gcaitheamh na mblianta, ó mhuintir Blackwood go Art Ó Gríofa agus Micheál Ó Coileáin. Deirtear linn gur sa bhfoirgneamh sin a cinneadh Dáil Éireann a bhunú. I dtreo dheireadh an chláir tráchtadh ar ghníomhartha Chonradh na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta: an feachtas náisiúnta teilifíse, feachtas na Gaelscolaíochta, na Gaeil Óga srl.

Bailíodh meitheal bhreá de chloigne cainte le paistí cainte a dhéanamh. Go deimhin is fada ó chonac clár ar TG4 in raibh an Ghaeilge chomh lárnach céanna ann. Ina dhiaidh sin féin mura mbeifí sásta an Ghaeilge a bhí ina máistir i gclár faoi cheannáras Chonradh na Gaeilge bheadh sé chomh maith againn ár gcaipín a chaitheamh leis an gcúram.

Tuairim is seachtar déag a dhein dreasanna cainte agus gach duine acu díobh sin ag labhairt i nGaeilge seachas duine amháin. Cuan Ó Seireadáin mar threoraí againn agus ionchur eolgaiseach againn ó leithéidí Sheáin Uí Chuirreáin, John Walsh, Síobhra Aiken agus a lán eile nach iad. Tá moladh ag dul don mheitheal léirithe, an stiúrthóir Cóilín Ó Cearbhaill go háirithe, as an díocas seo a léiriú.

Clár snoite, ábalta faoi scéal foirgnimh ar leith.

Feiniméan teilifíse de chuid na hÉireann é Reeling in the Years. Tá mealltacht dhiamhair ag baint leis an tsraith seo ar craoladh an chéad ghála den séú sraith ar RTÉ Dé Domhnaigh.  Ba i 1999 a seoladh an chéad sraith a dhírigh ar na hochtóidí. Ó shin tá gach bliain ó 1962 go 2009 clúdaithe. Tá an pobal iomlán gafa leis an gclár agus éiríonn le hathchraoltaí na sraithe  pobal féachana mór a aimsiú i gcónaí. Tá mealltacht an chláir fréamhaithe sa tsimplíocht; cúig nóimint ar fhichid ar fhad, an easpa tráchtaireachta, an ceol comhaimseartha agus míreanna beaga gairide is scríbhneoireacht shnoite. Ba é 2010 a bhí idir chamáin ar an Domhnach agus níorbh aon turas deas siar bóithrín na smaointe a bhí ansin agus an cliseadh eacnamaíochta agus ar bhain leis ag slogadh cuid shuntasach den chlár. Rud amháin a déarfainn ná go mb’fhéidir go bhfuil sé ábhairín luath súil na staire a chaitheamh ar an tréimhse seo. Cuimhnigh go mbeidh an gála deireanach ag plé le 2019 agus bheidh trácht ar an víreas corónach. Cheart a bheith fanta cúpla bliain eile.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge chun cinn in ‘Uimhir 6’, clár snoite ábalta faoi fhoirgneamh ar leith'