An fód seasta ag Paudie Clifford arís, John Daly ag dul ó neart go neart agus laoch óg an Spidéil

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí leathcheannais peile na bhfear, babhtaí ceathrú ceannais na mban agus cluiche ceannais na hÉireann sa Chraobh Mhionúir

An fód seasta ag Paudie Clifford arís, John Daly ag dul ó neart go neart agus laoch óg an Spidéil

An fód seasta ag Paudie Clifford do Chiarraí arís

Ceann de na rudaí is mó a thabharfaidh sásamh do Jack O’Connor ón bhua in aghaidh Átha Cliath ná gur tháinig Ciarraí slán fiú agus brú damanta orthu. Bhí foireann na Ríochta i dtrioblóid ar feadh tréimhsí fada den dara leath ach nuair a bhí leithéidí David Clifford agus Seán O’Shea ag streachailt ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an imirt, bhí imreoirí eile in ann an t-ualach a iompar.

Tá sárthaispeántais tugtha ag Paudie Clifford do Chiarraí le cúpla bliain anuas ach seans gurb é an ceann a thug sé sa dara leath inné an ceann is tábhachtaí. Níl amhras ar bith ach go mbíonn sé faoi scáth a dhearthár, go háirithe nuair a bhíonn David chomh maith is a bhí sa chéad leath Dé Domhnaigh, ach bheadh Ciarraí buailte arís gan Paudie inné.

Léirigh David Clifford dara leath nach bhfuil sé gan locht nuair a chuir sé amú cúpla iarracht a bhí uaillmhianach go leor, díreach nuair a theastaigh ó Chiarraí go socrófaí cúrsaí agus Áth Cliath ag déanamh teacht aniar. Is é Paudie a sheas an fód ag an bpointe sin agus fuair sé dhá scór thar a bheith luachmhar chun bearna a chur idir na foirne arís. 

Bhí an-bhaint ag Brian Ó Beaglaoich leis an dara ceann de na scóranna sin a chruthú agus bhí an-chluicheag fear na Gaeltachta. Is é an Beaglaoch an sprioc a bhí ag Shane Ryan le cuid de na ciceanna gairide amach a bhuail sé sa dara leath agus, fiú nuair a bhí sé faoi bhrú, bhí Ó Beaglaoich ar fáil dá chúl báire le Ciarraí a chur ar an ionsaí. Is é a fuair an cic amach ag fíordheireadh na himeartha agus cé go raibh Cormac Costello ina mhullach, choinnigh an cosantóir seilbh ar an liathróid agus chuir sé Ciarraí ar an ionsaí uair amháin eile.

Is fiú a rá freisin go raibh imreoirí móra Chiarraí lárnach ag an bpointe cinniúnach seo sa chluiche freisin. Dar ndóigh, ba é Seán O’Shea a sheol an cic saor dhochreidte thar an trasnán chun an cluiche a bhaint, cic saor a ghnóthaigh David Clifford dá chomrádaí nuair a d’éalaigh sé ó David Byrne ar feadh leathshoicind (cé go raibh sé dian go maith ar an gcosantóir an cic saor a bhronnadh).

John Daly agus cosaint na Gaillimhe ag dul ó neart go neart

Seans go mbeidh ar leithéidí Paudie Clifford agus Bhriain Uí Bheaglaoich an fód a sheasamh arís sa chluiche ceannais agus cuma láidir ar chosaint na Gaillimhe in aghaidh Dhoire.

Tá tionchar Chian O’Neill le feiceáil go soiléir ar imirt na Gaillimhe nuair nach mbíonn an liathróid acu agus d’oibrigh an plean a cheap sé féin, Pádraic Joyce agus an fhoireann bainistíochta go hiontach in aghaidh Dhoire.

Bhí Gaillimh faoi bhrú ag tús an chluiche agus bearnaí aimsithe ag Brendan Rogers chun cúpla scór a fháil ach ba é an rud ba mhó a bhí ó Ghaillimh ná deiseanna ar chúl a cheilt ar Dhoire. Bhí leathsheans ag Paul Cassidy nuair a rinne Kieran Molloy blocáil air théis naoi nóiméad ach as sin go dtí an 74ú nóiméad, nuair a scóráil Lachlan Murray cúl, ní raibh Doire in ann deiseanna cúil a chruthú, rud a bhí déanta an-mhinic  acu sna cluichí eile a d’imríodar sa chraobh.

Cuid thábhachtach den chosaint é John Daly. Bhí fadhb ag Gaillimh le blianta fada ag iarraidh leathchúlaí láir a aimsiú ach tá an bhearna sin líonta anois ag Daly. Chaill Daly amach ar an gcraobh le cúpla bliain anuas de bharr gortuithe ach tá sé ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar an bhfoireann anois. Is é a sciob an liathróid ó Conor Glass chun Gaillimh a chur ar an ionsaí don dara cúl a fuair Damien Comer agus léirigh sé a chumas peile le pointe breá sa chéad leath, nuair a bhí scór ag teastáil go géar ó Ghaillimh.

Craobh na mBan thar a bheith oscailte

Ta cuma an-oscailte ar Chraobh Pheil na mBan agus muid ag déanamh ar na babhtaí leathcheannais théis roinnt de bhoic mhóra an chomórtais a bheith cloíte ag an deireadh seachtaine.

Den chéad uair le 20 bliain anuas, ní bheidh Áth Cliath nó Corcaigh i gcluiche ceannais na bliana seo ó díbríodh an dá fhoireann sin ón chraobh gan choinne Dé Sathairn.

Crá croí ab ea mná na príomhchathrach do pheileadóirí Dhún na nGall le cúpla bliain anuas ach bhain foireann Maxi Curran díoltas amach ag an deireadh seachtaine nuair a bhuail siad Áth Cliath le dhá chúl, 3-7 in aghaidh 1-7.

Bhí na Conallaigh an-chosantach sa chéad leath, ní raibh ach an t-aon phointe amháin faighte ag Áth Cliath sa chéad 30 nóiméad. D’aimsigh Karen Guthrie dhá chúl sa dara leath agus fuair Yvonne Bonner an ceann eile chun an cluiche a bhuachan do Dhún na nGall.

Maigh Eo a tháinig aniar aduaidh ar Chorcaigh sa chluiche eile luath tráthnóna Dé Sathairn. Cé gurb iad na Connachtaigh ab fhearr sa chéad 30 nóiméad, bhí siad pointe chun deiridh ag leath ama ach bhí an cúl a scóráil Lisa Cafferkey leath bealaigh tríd an dara leath cinniúnach sa bhua 2-13 in aghaidh 0-17.

Ba iad Ard Mhacha rogha na coitiantachta ina gcluiche in aghaidh Chiarraí ach, díreach mar a tharla i gcluiche ceannais Roinn 2 na sraithe, is iad mná na Ríochta a chríochnaigh chun cinn. Bhí bean Chorca Dhuibhne Louise Ní Mhuircheartaigh ina laoch arís ag Ciarraí agus 2-6 aici. Tá Ciarraí ag iarraidh cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair le deich mbliana anuas.

Beidh mná na Mí ina rogha na coitiantachta an chraobh a thabhairt leo arís i mbliana, áfach, agus na cosa tugtha leo acu ó ghéarchoimhlint le Gaillimh. Bhí cuma na maitheasa ar churaidh na hÉireann agus iad ceithre phointe chun tosaigh déanach sa chluiche ach tháinig Gaillimh ar ais chun na foirne a chur ar comhscór. Bhí níos lú ná 20 soicind fágtha nuair a sheol lántosach na Mí Emma Duggan iarracht den scoth thar an trasnán chun a chinntiú go mbeadh an lá lena foireann.

Beidh Ciarraí le Maigh Eo agus An Mhí le Dún na nGall sna cluichí leathcheannais Dé Sathairn beag seo.

Laoch óg an Spidéil lárnach i mbua ógánach na Gaillimhe

Nuair a chaill peileadóirí na Gaillimhe in aghaidh Liatroma níos luaithe an samhradh seo, is beag duine taobh amuigh den fhoireann féin a cheap go dtabharfadh siad leo Craobh na hÉireann taobh istigh de chúpla mí. Thug Maigh Eo greadadh do na Gaillimhigh an tseachtain roimhe sin agus bhuaigh a gcomharsana orthu arís i gcluiche ceannais an chúige i mí an Mheithimh ach bhí an lá le Gaillimh sa deireadh agus cloígh siad Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann Dé hAoine seo caite.

Roghnaíodh fear an Spidéil, Tomás Farthing, mar laoch na himeartha sa chluiche agus bhí taispeántais an chosantóra óig lárnach i dteacht aniar na Gaillimhe i mbliana. 

Bhain drochghortú glúine do Farthing anuraidh agus níor fhill sé ar an bhfoireann go dtí i dtreo dheireadh Chraobh Chonnacht. Bhí sé ag imirt i gcluiche ceannais Chonnacht nuair a fuair Maigh Eo an ceann is fearr ar Ghaillimh den dara huair sa chraobh ach d’fheabhsaigh Gaillimh go mór de réir mar a bhí na cluichí ag teacht agus bhí Farthing lárnach sa dul chun cinn sin.

Roghnaíodh é mar laoch na himeartha in aghaidh Dhoire i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus bhí an-tionchar aige ar bhua na Gaillimhe sa chluiche ceannais.

Bhí léamh iontach ag fear an Spidéil ar an imirt  i bPáirc de hÍde agus é ag gearradh amach pasanna ó Mhaigh Eo isteach i dtreo na dtosaithe aige arís agus arís eile. Bhí an-ghearradh ann chomh maith céanna nuair a bhí an liathróid aige agus bhí lámh aige i gcuid mhaith de na scóranna a fuair Gaillimh.

Imreoir cumasach rugbaí é an fear óg freisin ach beifear ag súil ar an Spidéal agus ar fud an chontae go spreagfaidh an bua seo é fanacht leis an bpeil.

Fág freagra ar 'An fód seasta ag Paudie Clifford arís, John Daly ag dul ó neart go neart agus laoch óg an Spidéil'