An Fhionlainn ina 31ú ball de NATO i ndiaidh athrú polasaí ‘stairiúil’

Chuir an Fhionlainn an neodracht a chleacht siad le blianta móra fada ar leataobh i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin

An Fhionlainn ina 31ú ball de NATO i ndiaidh athrú polasaí ‘stairiúil’

Is í an Fhionlainn an 31ú ball de NATO agus brat na tíre le hardú taobh amuigh de cheanncheathrú na heagraíochta slándála.

Shínigh Aire Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne, Pekka Haavisto, an ionstraim aontachais agus thug ar lámh í do Státrúnaí Stáit Aontaithe Mheiriceá, Antony Blinken.

Tír neodrach ab ea í an Fhionlainn ar feadh blianta fada ach chuir siad an neodracht sin ar leataobh anuraidh nuair a d’fhógair siad go raibh sé i gceist acu ballraíocht a fháil in NATO, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh.

Rinneadh an cinneadh sin mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus is buille é do Vladimir Putin a labhair amach go minic i gcoinne mhéadú NATO.

Fágann cinneadh na Fionlainne go bhfuil fad curtha le teorainn na Rúise le tíortha atá ina mbaill de NATO agus an teorainn sin anois a dhá oiread níos mó.

Tá teorainn 1,340 ciliméadar ag an bhFionlainn leis an Rúis.

Dúirt Ard-Rúnaí NATO, Jens Stoltenberg, gur toradh díreach ar ionradh na Rúise a bhí i mballraíocht na Fionlainne.

“Roinnt blianta ó shin ní smaoineofaí go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh an Fhionlainn ina ball. Is lánbhall anois í dár gcomhghuaillíocht agus is rud fíorstairiúil é sin, agus rud é a léiríonn gur tír cheannasach neamhspleách í an Fhionlainn,” arsa Stoltenberg sa Bhruiséil.

Dúirt urlabhraí de chuid na Creimile, Dmitry Peskov, gur sárú ar shlándáil na Rúise é ballraíocht na Fionlainne agus go raibh struchtúr NATO “naimhdeach” don Rúis. Bheadh ar an Rúis “frithbhearta” a cheapadh ar mhaithe lena slándáil, a dúirt Dmitry Peskov.

Fág freagra ar 'An Fhionlainn ina 31ú ball de NATO i ndiaidh athrú polasaí ‘stairiúil’'