An feirmeoir a chuirfeadh an scéal ‘Eoghainín na nÉan’ i gcuimhne duit…

Mheas ár gcolúnaí go raibh macalla de ghearrscéal an Phiarsaigh i bpíosa cainte a rinne feirmeoir óg agus é faoi agallamh

An feirmeoir a chuirfeadh an scéal ‘Eoghainín na nÉan’ i gcuimhne duit…

Dermot Doran

‘Ní fhéadfaidh mé corraí go fóill beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht ar na fáinleogaibh…tá mé ag ceapadh go mbeidh siad anseo anocht.’

Ní chuirfeadh feirmeoir ar chlár raidió an scéal ‘Eoghainín na nÉan’ i gcuimhne duit, cheapfá. Agus ní cúis mhór iontais é feirmeoir a bheadh ag caint ar 1,000 éan óg a thógáil ar a fheirm. Seans gur ag trácht ar shicíní nó turcaithe a bheadh sé, shílfeá.

Chuala mé an feirmeoir óg seo ag caint ar an raidió an tráthnóna cheana agus stop mé ar an bpointe chun a phíosa cainte a chloisteáil.

Ní raibh sé ag clamhsán faoin aimsir, ná faoi Pháirtí na nGlasach, ná ní raibh praghas íseal ná drochbhrabach ag cur isteach air. Go deimhin ba léir go raibh tionscnamh idir lámha aige nach raibh aon phingin le saothrú as agus costas réasúnta trom ag baint lena chur chun cinn.

Ach mheas mé go raibh macalla de ghearrscéal an Phiarsaigh san insint.

Dermot Doran as Contae Chill Dara a bhí faoi agallamh agus bhí sé ag cur síos ar an iarracht atá déanta aige le cúig bliana anuas, an t-éinín beag, an gabhlán gainimh, a thógáil ar a fheirm ansin. Tá gaol gairid idir na gabhláin agus na fáinleoga – agus imíonn siad araon chuig an Domhan Theas ar theacht an fhómhair.

Is minic drochphoiblíocht tarraingthe orthu féin ag feirmeoirí. Shílfeá scaití nach bhfuil suim dá laghad acu sa timpeallacht agus go mbíonn siad ag cur i gcoinne gach moladh nó rialachán a thagann ón Eoraip maidir le caomhnú na timpeallachta.

Mar sin, chuir sé iontas an domhain orm a bheith ag éisteacht leis an bhfeirmeoir seo as Cill Dara, ag caint faoi éinín beag fánach, nár chuala mé féin trácht ariamh air – agus é ag iarraidh iad a chosaint agus a chur chun cinn.

Chuaigh duine d’fhoireann an chláir raidió Mooney Goes Wild, ar RTÉ Raidió One, chun cainte leis an bhfeirmeoir toisc go raibh scéala cloiste aige faoina chuid oibre leis na héin.

‘Thosaigh mé sa mbliain 2017 toisc go raibh mé ag iarraidh an bhithéagsúlacht ar m’fheirm a mhéadú,’ dúirt sé. Bheartaigh sé lochán uisce a dhéanamh i gceann de na páirceanna le go bhfeicfeadh sé cén toradh a bheadh air.

Chuaigh fear an raidió ag féachaint ar an lochán agus an chéad rud a thug sé faoi deara ná go raibh sé mór millteach – ‘ní lochán é sin,’ dúirt sé, ‘is loch é!’

Bhí feithidí den uile chineál ag eitilt os cionn an uisce, bhí corr réisc ann freisin agus ansin thug sé faoi deara go raibh an t-uafás éiníní beaga ag eitilt thart os a chionn sin ar fad.

Dúirt Dermot gur thosaigh na héin agus na feithidí ag teacht chomh luath agus a bhí an lochan déanta aige. Ina dhiaidh sin, chonaic sé éin uisce eile, amhail an mallard, cearc cheannann, foitheach, praslacha agus cearc uisce, ag teacht ann freisin.

Ansin thug sé faoi deara go raibh go leor éin bheaga bídeacha, na gabhláin ghainimh, ag teacht agus iad ag breith ar na feithidí agus iad ag eitilt os cionn an uisce.

‘Bhí a fhios agam go raibh na héin sin faoi bhagairt agus a líon ag dul i léig,’ arsa Dermot. ‘Is féidir liomsa rud éigin a dhéanamh faoi seo, a dúirt mé liom fhéin.’

Bhí a fhios aige gur thaitin ballaí leis na gabhláin. Rinne sé taighde agus chinn sé ar bhalla a thógáil taobh leis an lochán.

‘Ach ní balla é seo,’ a dúirt fear an raidió leis. ‘Is seid é seo. Tá ceithre thaobh air.’ D’admhaigh an feirmeoir gurb ea. Dúirt sé go raibh tolláin déanta sna ballaí ar thrí thaobh agus gur féidir leis siúl isteach ann chun na neadacha a scrúdú agus súil a choinneáil orthu. Cheap sé go mb’fhéidir go raibh suas le 140 tollán ar fad déanta sna ballaí agus go bhféadfadh na héin nead a thógáil i gceann ar bith de na tolláin sin.

Ba léir go raibh iontas ar an bhfear a bhí ar cuairt chuige.

‘Chuala mé gur mhaith leis na gabhláin a bheith ag spraoi sa tráthnóna – go mbíonn siad ag eitilt thart agus iad sa tóir ar chleití?’ D’aontaigh an feirmeoir go ndéanann siad amhlaidh. ‘Cuireann sé mearbhall orm féin a bheith ag féachaint orthu,’ a dúirt sé agus ba léir gur mór an pléisiúr a thugann na héiníní dó.

Agus cé mhéad nead atá aige i mbliana? Cé mhéad ceann a bhfuil éin ag neadú iontu? Cheap sé go raibh idir 35 agus 40 nead a bhfuil éin iontu faoi láthair – beagán faoi bhun a raibh aige anuraidh.

‘Ach sa mbliain 2019, ní raibh anseo ach dhá phéire,’ dúirt sé. ‘Le cúpla bliain tá sin méadaithe go dtí 40.’ Sin é an uair a dúirt sé go raibh os cionn 1,000 éinin óg tógtha aige – nó ar a laghad tógtha ar a fheirm – ón uair a thosaigh sé. Ní bhíonn an scéal céanna le feiceáil i ngach nead – i gcuid acu beidh uibheacha, i gcuid eile beidh éiníní beaga agus i gcuid eile fós ní bheidh siad ach díreach tagtha amach as na huibheacha.

Rinne Dermot an obair le cabhair óna chuid comharsan – leag siad an bhunsraith coincréite agus thógadar na ballaí as blocanna cuasacha, rud a chabhraigh le déanamh na dtollán. Bhí obair mhór ag baint leis nuair a thosaigh siad agus mar a dúirt sé féin ‘gan aon chinnteacht go dtiocfadh éan ar bith gar dó’.

Ach tugadh treoir dó gan an balla a thógáil mura raibh fianaise ann go raibh na héin sa gceantar. Agus bhí a fhios aige go raibh nuair a chonaic sé iad ag eitilt os cionn an locháin.

Agus an bhfuil ceamara aige le súil a choinneáil orthu? Cinnte. Agus ní gá dó filleadh ar an teach feirme chun féachaint ar an scáileán – beidh an pictiúr beo aige ar a fhón póca, ar ndóigh. Is breá leis nuair a thagann na héiníní óga ar an saol. Measann sé go mbíonn thart ar thrí ál ag gach péire i rith an tsamhraidh.

Agus ansin luadh an nóiméad cinniúnach. Mar a dúirt an tuairisceoir ‘The day comes – ‘the wall is silent.’

Agus na héiníní imithe leo chuig ‘an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí’.

‘Sea bíonn an-chumha orm nuair a imíonn siad,’ a dúirt Dermot. ‘Bím ag comhaireamh na laethanta go dtiocfaidh mí an Mhárta arís. Déanann sé geimhreadh an-fhada.’

Chuimhnigh sé air féin agus d’fhéach sé ar na ballaí a thóg sé.  ‘Ach b’fhiú an tairbhe an trioblóid.’

Fág freagra ar 'An feirmeoir a chuirfeadh an scéal ‘Eoghainín na nÉan’ i gcuimhne duit…'