An féidir ál sicíní an tsacair a shábháil in Éirinn agus an fiú sin a dhéanamh?

Cá bhfuil na céadta míle a rinne Carnabhal Rio de shráideanna na hÉireann nuair a bhí Jack Charlton sa timpeall inniu?

An féidir ál sicíní an tsacair a shábháil in Éirinn agus an fiú sin a dhéanamh?

Ceannáras an FAI. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Nuair a bhí mise i mo phutach fadó bhíodh bean i chuile cheantar a dtugtaí ‘Bean na gCearc’ uirthi. Glacaim leis gur ag roinn stáit éicint nó ag údaráis áitiúla a bhí sí fostaithe, ach má bhí an galar cleiteach nó aicíd ar bith eile ar an ál a bhí agat go háirithe mura raibh sibh ag breith, chuaigh tú ar a tóir láithreach.

Tá sé in am anois ag an FAI fios a chur ar ‘Bhean na gCearc’.

Sular tháinig Covid-19 beag ná mór bhí Sraithchomórtas Sacair na hÉireann ar an dé deireadh. I lár na bliana atá díreach caite bhí cúrsaí airgid chomh dona sin agus gur iarr an FAI ar na ceithre chlub a bhain comórtais na hEorpa amach – Dún Dealgan, Ruagairí na Seamróige, Bohemians agus Cathair Dhoire – €100,000 an taobh den airgead a shaothródh siad ansiúd a thabhairt ar láimh dóibh lena gcoinneáil beo.

Bhí éadan acu a leithéid a dhéanamh. Go dtí seo, is é atá déanta leis na clubanna céanna a raibh súil le déirce uathu ná an beagán atá siad a fháil iad féin a bheith gearrtha mar aon le dímheas a bheith caite leo ag chuile chasadh.

Deich mbliana ó shin bhí duaischiste €700,000 i bpota na Príomhroinne agus €223,500 ag Roinn 1. In imeacht cúpla bliain bhí sin gearrtha go dtína leath. An séasúr seo caite fuair na buaiteoirí €110,000 agus €30,000.

Is géar a theastódh cóir a chur ar fhormhór na bpáirceanna is na staideanna atá ag na cumainn chéanna agus cé gur fíor gur tháinig méadú bídeach ar líon an lucht féachana an séasúr seo caite, is suarach go leor a bhíodar ansin féin – tuairim 1,500 duine ar meán i gcás na Príomhroinne agus 582 don roinn faoi. Téann os cionn leath díobh siúd a thagann ag breathnú ar chluiche i Sraitheanna Sacair na hÉireann trí gheataí na gclubanna atá luaite thuas agam nó thíos i gCorcaigh.

Leis na blianta bhí clubanna beo ar an anás. Iad ag súil go dtiocfadh ógánach de chumas Roy Keane nó Damien Duff an bealach agus go bhfaigheadh siad lón anama cúpla bliain astu nuair a dhíolfaí le club Sasanach iad. Tá an tobar sin ionann agus a bheith triomaithe agus ní móide go mbeidh an braon féin ann i gcás an Bhreatimeachta.

Ní mór ach go bhfuil an scéal a insíonn an fhoireann idirnáisiúnta chomh duairc céanna. Tá os cionn dhá scór tír os a gcionn anois ar dhréimire fiúntais FIFA. Bhí an lá ann a raibh muid i bhfoisceacht cúig chéim dá bharr .

Níor bhain Éire babhtaí ceannais Chorn an Domhain amach ó 2002. Níor scóráil siad cúl sna seacht gcluiche is deireanaí atá imeartha acu. Beirt imreoirí de chuid na tíre seo, John Egan (Sheffield Utd) agus Robbie Brady (Burnley) a bhí páirteach nuair a cuireadh tús le himirt na Príomhroinne cúpla deireadh seachtaine roimh na Nollaig.

Duairceas agus díomá go cinnte.

Is beag is fiú anois a bheith ag caint ar na milliúin euro de phá a tharraing John Delaney. Scéal thairis é sin faoi seo. Is amhlaidh don €20 milliún d’airgead an cháiníocóra a thug an Rialtas don FAI, eagraíocht a mbeidh caillteanas tuairim is €5 mhilliún orthu de bharr an tséasúir reatha, dá ainneoin sin.

IarPhríomhfheidhmeannach an FAI, John Delaney. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ach a leithéid a bheith ar fáil, is dhá cheist a bheadh le freagairt ag Bean na gCearc. An féidir ál sicíní an tsacair a shábháil in Éirinn agus an fiú sin a dhéanamh?

Níl freagra an chéad chinn agam ach bheinn go mór ar son pébrí cóir a theastódh leis an gcluiche a shlánú.

Ní leis an ngeansaí glas ná le ranna uachtaracha na Sraithchomórtas amháin a bhaineann sacar na tíre seo. Is leis na gasúir é a roghnaíonn an cluiche ar an gceann is ansa leo. Leis na daoine a chothaíonn agus a oileann iadsan. Leo siúd a mheasann é a bheith níos tábhachtaí lámh a chur i do phóca le dhul isteach go Páirc Thír Oileáin agus Páirc na Finne seachas a gcuid airgid ar fad a chaitheamh ar gheansaithe Liverpool, Man. Utd, Chelsea, Arsenal agus Celtic.

Tá tacaíocht ag dul freisin do chomhlachtaí gnó a thugann cúnamh do chumainn i ngach grád, ach níleadar siúd ná go deimhin an rialtas ach in ann méid áirithe a dhéanamh.

Cá bhfuil na céadta míle a rinne Carnabhal Rio de shráideanna na hÉireann nuair a bhí Jack Charlton sa timpeall inniu? Cén fáth nach fiú le cuid dár nuachtáin náisiúnta orlach spáis a thabhairt do Roinn 1 a dtíre féin tráth a mbíonn pictiúir dhaite ar leathanach a haon má tharraingíonn José Mourinho cic ar bhuidéal?

Cúpla mí ó shin bhuaigh an fhoireann is mó a shantaíonn muid an ceann is fearr a fháil orthu, fiú i gcluiche mirlíní, 3-0 orainn. Sa post mortem a lean ba mhó de thrácht a bhí ar fhíseán a thaispeáin bainisteoir na hÉireann Stephen Kenny dá chuid imreoirí roimh ré lena spreagadh ná a bhí ar an gcúis gur caochadh muid.

Idir an dá linn tá iarimreoirí idirnáisiúnta ag baint barr dá chéile ag rá gur drochbhainistíocht is cúis leis an ngéarchéim.

Cheapfá go mbeadh a fhios níos fearr acusan go háirid.

Fág freagra ar 'An féidir ál sicíní an tsacair a shábháil in Éirinn agus an fiú sin a dhéanamh?'