An fear a rinne tuairisc Ghaeilge ó Bhalla Bheirlín an lá a leagadh é ar an láthair arís

Craolfar anocht ar RTÉ 1 Ar ais go Berlin ’89, clár faisnéise Gaeilge a dhéanann comóradh ar leagan Balla Bheirlín 30 bliain ó shin

An fear a rinne tuairisc Ghaeilge ó Bhalla Bheirlín an lá a leagadh é ar an láthair arís

Beidh Seán Ó Méalóid, an chéad tuairisceoir ar an láthair ag RTÉ nuair a cuireadh tús le leagan Balla Berlin, le feiceáil sa chathair sin arís nuair a chraolfar anocht an clár faisnéise Ar ais go Berlin ’89 ar RTÉ 1.

Ar an 9 Samhain 1989 a leagadh Balla Bheirlín agus bhí Seán Ó Méalóid ag tuairisciú ón láthair don chlár Gaeilge Cúrsaí.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt láithreoir Ar ais go Berlin ’89 go raibh áthas air an deis a fháil filleadh ar Bheirlín chun comóradh a dhéanamh ar mhórimeachtaí 1989.

“Nuair a thit Balla Berlin 30 bliain ó shin, bhí sé ar cheann de na heachtraí ba shuntasaí agus ba thaibhsiúla i stair an fichiú haois.

“Bhí an t-ádh dearg orm a bheith i láthair agus Balla Berlin, siombail an Chuirtín Iarainn, á leagan. Ba chosúil ag an am go raibh an Cogadh Fuar thart agus go raibh bagairt an chogaidh núicléach imithe i léig,” a dúirt Ó Méalóid.

Tabharfar léargas sa chlár ar an tslí a ndeachaigh an eachtra stairiúil i bhfeidhm ar mhuintir Bheirlín agus ar an domhan mór.

Ba i dteannta fhoireann scannánaíochta Cúrsaí a bhí Seán Ó Méalóid i 1989 ach 30 bliain níos déanaí is lena neacht, Nóra Jane, nach raibh ar an saol tráth ar leagadh an balla, a thugann sé faoin turas céanna.

Deir sé go bhfuil an chuid sin de chathair Berlin a bhí taobh leis an mBalla “glan ó aithne anois” mar gur thapaigh muintir na cathrach gach deis chun lorg an uafáis a ghlanadh as an áit agus gur mhór aige an deis cuid den stair a mhíniú dá neacht.

“Bhí mé ag iarraidh rian éigin den atmaisféar a bhlais mise ag Balla Berlin i 1989 a léiriú di, agus na heachtraí stairiúla a bhí ag titim amach ag an am a mhíniú di.”

– Craolfar anocht ar RTÉ 1 ag 10.15pm Ar ais go Berlin ’89

Fág freagra ar 'An fear a rinne tuairisc Ghaeilge ó Bhalla Bheirlín an lá a leagadh é ar an láthair arís'