An faitíos is mó ar Fhine Gael ná go gcuirfí ina leith go bhfuil siad sotalach caithréimeach

An teachtaireacht is soiléire a bhí ag na toscairí a bhí ag Ard-Fheis Fhine Gael ná go gcaithfear Sinn Féin a choinneáil amach as rialtas

An Taoiseach Enda Kenny TD. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie 
An Taoiseach Enda Kenny TD. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

‘Buanseasmhacht’ agus ‘téarnamh’ na focla a bhí le cloisteáil arís agus arís Eile ag an deireadh seachtaine sa Citywest. Go deimhin, chuaigh ráfla thart i lár an lae ar an Satharn go raibh gealltanas tugtha ag an stiúrthóir toghchánaíochta Brian Hayes go mbeadh suaitheantas nó deoch le fáil ag daoine chuile uair go luafaidís manna na hArd-Fheise – ‘Keep the recovery growing’.

An fhadhb atá ann ná go dtuigeann Fine Gael go maith go bhfuil stráicí móra den tír nach mbraitheann gurb ann don téarnamh ar chor ar bith. Tá géarchéim tithíochta ann, tá an córas sláinte ina chíor thuathail, tá pobail faoin dtuath a chreideann go bhfuil siad faoi léigear ag lucht coiriúlachta agus tá go leor daoine fós i dtrioblóid lena gcuid morgáistí.

Ainneoin na cainte ar fad faoin mborradh atá faoi thacaíocht Fhine Gael sna pobalbhreitheanna, fós níl siad ach ag 31% agus teastaíonn i bhfad níos mó ná sin le rialtas a bhunú. Anuas air sin ar fad, ach an oiread le haon dream a bhíonn mar rogha na coitiantachta i gcoimhlint ar bith, tá an baol go ngéillfí don tráchtaireacht agus don anailís a thugann le fios gur leo a bheidh an lá agus nach bhfuil aon amhras ach go mbeidh siad i mbun rialtais an athuair.

Ta fainic curtha ag leithéid Michael Noonan ar lucht tacaíochta a pháirtí gan a bheith ag caint faoi mhóramh iomlán mar go bhfuil a leithéid de chaint áiféiseach. 68 suíochán a bheidh dá gcosaint ag Fine Gael agus is mór idir sin agus na ceithre scór a theastaíonn le rialtas a bhunú, a dúirt sé. Ná déanadh muid dearmad gur thug roinnt den lucht tacaíochta is dílse d’Fhianna Fail votaí ‘ar iasacht’ d’Fhine Gael in 2011 agus go mbeidh roinnt daoine dá bharr ag iarraidh na vótaí sin ar ais.

Deir Noonan gur le Brendan Howlin a bhíonn sé ag obair gach lá agus gur leis a theastaíonn uaidh a bheith ag obair arís má fhaigheann sé an deis. Ach más fíor do na pobalbhreitheanna b’fhéidir nach mbeadh an oiread suíochán ag Páirtí an Lucht Oibre agus go mbeidís in ann rialtas a bhunú le Fine Gael gan tacaíocht bhreise a fháil ó dhream éigin eile. Sin scéal do lá eile, is dócha.

Airímse go bhfuil cineál faitís ar Fhine Gael ceal taithí ar a bheith ag iarraidh an dara holltoghchán as a chéile a bhuachan. Sin, b’fhéidir, an chúis is mó go bhfuil siad chomh cúramach sin faoin a dteachtaireacht a chur in iúl ar bhealach stuama. Ní theastaíonn uathu go gcuirfí sotal agus caithréim ina leith ach teastaíonn uathu a chinntiú go bhfuil a gcuid polasaithe dá míniú i gceart acu.

Ní theastaíonn uathu ach an oiread go gcuirfí ina leith go bhfuil iarracht ar bun acu vótaí a cheannach. Ní go rómhaith atá ag éirí leo sa mhéid sin i bhfianaise chuid de na geallúintí a rinne an Taoiseach Dé Sathairn le linn a óráide. Deireadh leis an muirear uilíoch sóisialta. 2,000 múinteoir breise. €800 milliún do chúrsaí sláinte. 10,000 Garda. 70,000 duine a chuaigh ar imirce le tabhairt abhaile ón imirce sna cúig bliana amach romhainn. Ar ndóigh, ní iarracht a bhí ansin vótaí a mhealladh ach cur síos ar an bplean téarnaimh atá beartaithe!

An teachtaireacht is soiléire a bhí ag na toscairí an deireadh seachtaine seo caite ná go gcaithfear Sinn Féin a choinneáil amach as rialtas. Ní ar Fhianna Fáil is mó a bhí na piléir dírithe, mar go dteastóidh aistrithe uathusan go fóill, ach ar Shinn Féin.

Tá an páirtí meáite ar an teachtaireacht a chur amach gur rogha idir rialtas faoi cheannas Fhine Gael nó rialtas faoi cheannas Shinn Féin atá romhainn.

Bímis críonna agus cáiréiseach, sin an soiscéal atá ag Fine Gael go fóill agus gan an feachtas seolta go hoifigiúil.

Teachtaireacht na hArd-Fheise? ‘Ná cuirigí an téarnamh ó mhaith agus bí cinnte go dtugann sibh cúpla vóta don Lucht Oibre nuair a bhíonn sibh réidh linne; mar mura ndéanann cá bhfios cén cineál rialtais atá i ndán dúinn?’ 

Rud amháin atá beagnach cinnte; ag an tráth seo chaithfeadh Fine Gael praiseach aisteach a dhéanamh de chúrsaí le go mbeidís ag filleadh ar bhinsí an fhreasúra.

Clár Reachtaire le Raidió Na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'An faitíos is mó ar Fhine Gael ná go gcuirfí ina leith go bhfuil siad sotalach caithréimeach'