An-drochlá a bhí ann d’Fhianna Fáil nuair a tholg siad víreas an Pháirtí Dhaonlathaigh

Maidir le Fianna Fáil ní bheidh aon áit lena n-aghaidh sa gcogadh aicmeach idir Fine Gael agus Sinn Féin

An-drochlá a bhí ann d’Fhianna Fáil nuair a tholg siad víreas an Pháirtí Dhaonlathaigh

Más maith leat do mholadh faigh bás a deirtear. Níl amhras ar bith nach mar sin a bhí i gcás an pholaiteora Dessie O’Malley. Mhol na Tráchtairí Móra go barr na spéire é.

Dá dtabharfá aird ar a raibh le rá acu shílfeá gurbh é an tírghráthóir ba mhó é ó aimsir Bhriain Bóramha.  Ar ndóigh níorbh é ná baol air.

Moladh mairbh a bhí ann ach bhí an t-adhmholadh a rinneadh air níos doimhne ná sin.

Tuigeann Tadhg Taidhgín. Thuig na Tráchtairí Móra gurbh í an dúnghaois chéanna a bhí ag an Máilleach agus atá acu féin, i.e. sólás a thabhairt do lucht an rachmais, don aicme atá ina suí go te.

Faltanas do Charles Haughey is mó a spreag Dessie O’Malley ina shaol polaitíochta ach fear a bhí ann freisin a bhí go daingean ar an eite dheis.

An Páirtí a bhunaigh sé bhí polasaí an-soiléir acu. Is maith a cuireadh i mBéarla é, ‘back the greedy not the needy’.

Níorbh fhada go raibh víreas an Pháirtí Dhaonlathaigh go smior i bhFianna Fáil iad féin. Ní chun a leasa a chuaigh sé sin. Inniu tá Páirtí Fhianna Fáil i mbéal an bháis. Tá leá chúr na habhann tagtha le fada ar an bPáirtí Daonlathach agus iad imithe den pháirc.

Nár imí uainn ach iad. Imeacht ghé an oileáin orthu.

Shlog Fianna Fáil polasaí an Mháilligh ina iomláine. Thug siad baothléim i dtreo na heite deise ina dhiaidh. Níor dhual dóibh a bheith amhlaidh. De bheagán ar an eite chlé a bhí Fianna Fáil ó bunaíodh iad.

Bhí siad bródúil i gcónaí as na comhlachtaí stáit a bhunaigh siad, as na scéimeanna móra tithíochta a chuir siad ar siúl agus as polasaithe eile mar iad a bhí ar bhóthar an tsóisialachais.

Faraor, níor chorraigh na Fianna cos ná méar nuair a thosaigh an Páirtí Daonlathach ag speireadh agus ag coilleadh an stáit agus ag príobháidiú gnóthaí rathúla fúthu agus tharstu.

Inniu tá an leagan amach sin as faisean. Ní mian le duine ar bith Maggie Thatcher a ainmniú ina naomh anois.

Is minic Boris Johnson ag moladh na Seirbhíse Náisiúnta Leighis sa mBreatain.

Tá   scéim mhór infheistíochta fógartha ag Joe Biden sna Stáit Aontaithe.

Na heacnamaithe a bhíodh ag cur fainic rialtais an t-airgead a spáráil tá malairt poirt inniu acu. Ba cheart don stát meall maith airgid a fháil ar iasacht agus é a infheistiú i dtograí tairbheacha pobail atá siad a rá.

Rinne an Páirtí Daonlathach dochar don tír agus dochar d’Fhianna Fáil. Bhí baint mhór acu leis an scrios a rinne an cúlú eacnamaíochta in Éirinn.

Dúirt cuid de na Tráchtairí Móra gur róchaiteachas a rinne an mhísc ach níorbh ea ach go raibh ciste an stáit lag faoi thionchar an Pháirtí Dhaonlathaigh nuair a tháinig an buille.

An polasaí cánachais a bhí acu a d’fhág an scéal amhlaidh.

Ar ndóigh ba mhór an cuidiú dóibh Charlie McCreevy a bheith ina Aire Airgeadais seal. Ba deacair a thuiscint cén fáth nár lean seisean Dessie O’Malley isteach sa bpáirtí nua mar ba é an meon céanna a bhí acu.

An bhfuil aon seans ann go dtiocfadh leagan nua den Pháirtí Daonlathach chun cinn? Ní dócha é. Rinne Lucinda Creighton agus a cairde iarracht ach ní go rómhaith a d’éirigh leo.

Tabharfaidh Fine Gael aire sách maith  don dream atá ar mhuin na muice agus seasfaidh Sinn Féin leis an ísealaicme.

Maidir le Fianna Fáil ní bheidh aon áit lena n-aghaidh sa gcogadh aicmeach seo.

Ní fada eile go mbeidh moladh mairbh le déanamh orthusan freisin.

Fág freagra ar 'An-drochlá a bhí ann d’Fhianna Fáil nuair a tholg siad víreas an Pháirtí Dhaonlathaigh'

  • An Teanga Bheo

    Tá na pairtí meascaithe go maith is deacair idirdhealú a dhéanamh idir na polasaí eagsúla

  • Máirtín Ó Fainín

    Tá greim an fhir bháite fós ag FF ar sciar suntasach den chosmhuintir. Tá súil agam go bhfuil an ceart ag Ó Cuaig mar tá deireadh ré FF riachtanach chun go mbeadh cothromaíocht éigin sa saol polaitiúl. Tá an dá mhorpháirtí FF agus FG ag éisteacht leis agus ag obair ar son lucht an rachmais agus an ard-mheánaicme amáin. Is leor FG sa ról sin.