An dráma Gaeilge Tagann Godot ar stáitse i Nua-Eabhrac

Tá an dráma Gaeilge Tagann Godot le Alan Titley le bheith ar stáitse san Irish Repertory Theatre, amharclann aitheanta 'off-Broadway' i Nua-Eabhrac. Insíonn an t-údar dúinn an scéal taobh thiar den dráma

An dráma Gaeilge Tagann Godot ar stáitse i Nua-Eabhrac

Beidh an dráma Gaeilge Tagann Godot le Alan Titley á léamh ar stáitse i The Irish Rep, amharclann off-Broadway i Nua-Eabhrac ag deireadh mhí an Mhárta. Is iad Nicola Ní Mhurchú agus Caoimhe Nic Giollarnáith atá á stiúradh agus beidh sé ar an bpríomhstáitse, an Francis J. Greenburger Mainstage.

Cuireadh Tagann Godot ar stáitse den chéad uair i 1990 sa Phéacóg in Amharclann na Mainistreach agus Tomás Mac Anna a stiúir. Rinneadh leagan raidió ina dhiaidh sin, leagan a chóirigh Seán Ó Briain do RTÉ.

Ceist a mhúscail an dráma Tagann Godot i dtosach. Ní raibh oiread eolais puinn agam ar an dráma bunaidh féin a chum Beckett ach go bhfaca an léiriú cáiliúil in Amharclann na Mainistreach ina raibh Peter O’Toole agus Dónal McCann sna príomhpháirteanna ann.

Lasmuigh de sin ba chuid den bhéaloideas dom é. Ach ráinig go rabhas ar mo shlí go Tír Chonaill ar mo dhualgas ar mhic léinn a lorg a bhí ina bhfolach sna sceacha uaim nuair a shuíos fúm i mbialann bheag i Béal an Átha Móir i gcontae Liatroma chun cupáin chaifé a ól.

Tharla go raibh leabhar á léamh agam ar stair na drámaíochta ar chúis éigin, agus nuair a luigh mo shúil ar shliocht mar gheall ar Waiting for Godot, de phreib, gan choinne, gan iarraidh, léim an cheist orm, ‘cad a tharlódh dá dtiocfadh Godot?’.

D’fhan an cheist ag sonadh i mo chluasa ar feadh na seachtaine agus mé ar a chuaird idir Bun Glas ó dheas agus Cionn Málanna ó thuaidh.

Níorbh fhéidir a ruaigeadh. De réir a chéile d’fhás an dráma uidh ar n-uidh go raibh nach mór scríte im chloigeann nuair a d’fhilleas abhaile. Ní raibh le déanamh ach na focail a chur ar phár. Chuireas isteach ar an Oireachtas é, agus cé nár bhuaigh sé ach an ceathrú cuid de dhuais toisc nach bhféadfaí é a chur ar an stáitse agus go gcaithfinn ceird na drámaíochta a fhoghlaim ar dtús, dar leis an moltóir.

Nuair a chuala Tomás Mac Anna leagan de ar an raidió, ba é a tháinig faoi mo dhéin le moladh go gcuirfí ar stáitse na Péacóige é. Bhí an t-ádh liom gur bhuaigh an leagan raidió [a chóirigh Seán Ó Briain do RTÉ] duais idirnáisiúnta drámaíochta ón Astráil ag an am céanna.

Tharraing sé aird, ní de bharr fheabhas an dráma, b’fhéidir, ach toisc an cháil a bhí ar Beckett agus an dráma. Mar sin féin, aistríodh go hIodáilis é i dtosach, go Rúisis ina dhiaidh sin, agus go Fraincis chomh maith.

Is iontach gur ón mbunGhaeilge a aistríodh gach leagan díobh gan aon chabhair aistriúcháin ón mBéarla. Tá a fhios agam gur léiríodh sleachta as san Iodáilis (mar bhíos ann) agus gur léiríodh leagan iomlán Rúisise stáitse de in Cív na hÚcráine timpeall ar dhá bhliain déag ó shin. Tá an póstaer agam ach chailleas amach ar na rúibil mhóra.

Tháinig sé aniar aduaidh go raibh léamh drámatúil le déanamh air in Nua-Eabhrac.

Is mé atá buíoch díobh ar son a ndícheall a dhéanamh drámaí Gaeilge a chur i láthair phobal Éireann na cathrach sin. Cé go bhfuil drámaí den scoth scríte agus léirithe sa Ghaeilge, táimse admhálach ann gur ag marcaíocht ar cháil Bheckett atáim go ciotrúnta leis an gceann seo, fág nárbh é sin a chuireas romham riamh.

Ar éigean go mbeidh caoi agam ar dhul ann, toisc go bhfuil drámaí eile dem chuid á léiriú ag an am céanna in Béising, Béal Átha hAmhnais, California, Cluain Meala, Dejong, an Daingean, Epping, Eas Dorcha, Ekacaterinburg, (go háirithe), Fortinbrasbhaile, Fear Maighe, Gólan Thuaidh, Gaillimh, Hallifornia, Hallaig, Indi…

Is é atá a dhíth go bhféachfaí abhus agus thall agus gach aon áit eile ar sholáthar mór fairsing de dhrámaíocht na Gaeilge le pictiúr eile a thabhairt thar lear agus abhus seachas a bhfuil ar fáil de phaddaíochas go fuiriste. Táimid anseo, ach teacht orainn.

Beidh an dráma Gaeilge ‘Tagann Godot’ le Alan Titley á léamh ar stáitse i The Irish Rep, amharclann off-Broadway i Nua-Eabhrac ar an 26 Márta. Is iad Nicola Ní Mhurchú agus Caoimhe Nic Giollarnáith atá á stiúradh agus beidh sé ar an bpríomhstáitse, an Francis J. Greenburger Mainstage

Fág freagra ar 'An dráma Gaeilge Tagann Godot ar stáitse i Nua-Eabhrac'